Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar liosta na Stát ainmnithe - Dé Sathairn, an 31 Iúil 2021
- Foilsithe: 31 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Lúnasa 2021
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., go mbeartaíonn sé dhá Stát bhreise a chur leis an liosta Stát ainmnithe. Caithfidh daoine a thagann isteach in Éirinn, agus nach bhfuil go hiomlán vacsaínithe go fóill*, agus tar éis dóibh bheith sna Stáit seo nó idirthuras a dhéanamh tríothu le 14 lá anuas tréimhse de Choraintín Éigeantach a chaitheamh in Óstán.
Is iad an dá thír bhreise seo atá le cur leis an liosta: An tSeoirsia agus Malaeisia
Cuirfear an tSeoirsia agus Malaeisia san áireamh go luath ar an gcóras áirithinte le haghaidh Coraintín Éigeantach Óstáin, agus cuirfidh paisinéirí nach bhfuil vacsaínithe ó na Stáit seo tús le coraintín ó 04.00 Dé Céadaoin, an 04 Lúnasa. Is féidir teacht ar eolas breise ar Choraintín Éigeantach Óstáin ag www.gov.ie/quarantine
Bhain an tAire Cuáit ón liosta Stát ainmnithe le haghaidh Coraintín Éigeantach Óstáin le héifeacht ón lá inniu.
Má tá tú ag taisteal go hÉirinn ó Stát nach bhfuil ainmnithe, caithfidh tú Foirm Aimsithe Paisinéara leictreonach a líonadh sula n-imíonn tú
Tá ort an cruthúnas bailí i leith vacsaíniú nó téarnaimh a bheith agat freisin, nó tá ort fianaise i leith toradh diúltach tástála RT-PCR a sholáthar a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig ort sular tháinig tú isteach sa tír. Tá eolas breise ar fáil ag www.gov.ie/travel
CRÍOCH
An méid atá i gceist le 'go hiomlán vacsaínithe'
| 7 lá | |
| 14 lá | |
| 15 lá | |
| 14 lá |
Má tá tú go hiomlán vacsaínithe le ceann amháin de na vacsaíní ceadaithe thuas, agus má tá na cáipéisí agat leis sin a chruthú, ní gá duit coraintín éigeantach óstáin a dhéanamh ar do theacht go hÉirinn. Déantar aon chleithiúnaithe atá ag taisteal leat, leanaí san áireamh, a dhíolmhú ón riachtanas coraintín éigeantach óstáin a dhéanamh freisin.
[external-link https://www.gov.ie/en/publication/b4020-travelling-to-ireland-during-the-covid-19-pandemic/ | Tá liosta iomlán de na stáit Ainmnithe ar fáil anseo. ]