Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar bhainistíocht sláinte poiblí cásanna agus dlúththeagmhálacha COVID-19
- Foilsithe: 12 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis comhairle a fháil ón bPríomhoifigeach Leighis, agus, toisc na fianaise is déanaí atá ar fáil agus an taithí idirnáisiúnta a bhaineann le COVID-19, tá athruithe fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ar rialacha na hÉireann maidir le féin-aonrú agus srianadh gluaiseachta tar éis cruinniú Rialtais inniu (Dé Céadaoin).
Baineann na hathruithe le bainistiú sláinte poiblí COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Mar is eol dúinn go léir, tá tionchar suntasach ag scaipeadh méadaithe an athraithigh Omicron de COVID-19 ar ár seirbhís sláinte agus tá breis agus 1,000 duine san ospidéal faoi láthair le COVID-19. Tá tionchar iarmhartach ag rátaí méadaithe ionfhabhtaithe sa phobal ar sheirbhísí riachtanacha eile freisin. Cabhróidh fógra an lae inniu, atá bunaithe ar an treoir is déanaí ón ECDC, chun an brú mór ar ár seirbhís cúram sláinte agus ar fheidhmeanna eile sa tsochaí, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha, a mhaolú.
“Laghdóidh na hathruithe seo an gá atá le gluaiseachtaí srianta do dhlúththeagmhálacha agus feabhsófar bearta cosanta eile go háirithe caitheamh masc agus athdhearbhóidh siad a thábhachtaí atá sé go leanfaimid ar fad de na bearta sláinte poiblí a leanúint.
“Inniu tugadh an 10 milliúnú dáileog den vacsaín COVID-19 - cloch mhíle ar cheart dúinn go léir a cheiliúradh. Cuirfidh na hathruithe seo ar chumas na daoine sin freastal ar a gcoinne teanndáileog, rud a thacóidh le méadú líon na ndaoine atá á vacsaíniú ar an iomlán.”
Mar gheall ar na leibhéil arda ionfhabhtaithe ar fud na tíre, tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfadh cásanna agus dlúththeagmhálacha leis an gcomhairle sláinte poiblí a eisítear don phobal i gcoitinne. Ar feadh tréimhse 10 lá (lena n-áirítear na 7 lá féin-aonraithe nó gluaiseachtaí srianta) moltar do gach cás agus dlúth-theagmhálacha:
- dlúth-theagmháil le daoine eile lasmuigh dá dteaghlach a theorannú, go háirithe i spásanna plódaithe, dúnta nó a bhfuil droch-aeráil iontu
- masc/clúdach aghaidh a chaitheamh i spásanna plódaithe, dúnta nó a bhfuil droch aeráil iontu agus in áiteanna a bhfuil siad i ndlúth-theagmháil le daoine eile
- tástáil antaiginí a dhéanamh sula dtéann siad isteach i spásanna plódaithe, dúnta nó aeráilte go dona agus sula mbíonn dlúth-theagmháil acu le daoine eile ón taobh amuigh dá dteaghlach
- teagmháil le duine ar bith atá i mbaol níos airde breoiteachta a sheachaint má tá COVID-19 orthu
- oibriú ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach freastal go pearsanta
- gach beart cosanta sláinte poiblí a leanúint
Beidh feidhm ag an tréimhse gluaiseachta srianta do dhlúth-theagmhálacha ó dháta na teagmhála deiridh le cás deimhneach más eol, nó ón dáta a tugadh fógra mar theagmhálaí. Ní cheanglaítear ar dhlúth-theagmhálacha d'aois ar bith a tháinig biseach air tar éis COVID-19 a braitheadh trí PCR nó tástáil antaigin a rinneadh ó 1 Nollaig 2021 gluaiseachtaí a shrianadh ná tástáil a dhéanamh má tá siad aisiomptómach. Má thagann siomptóim orthu, ba chóir dóibh iad féin a aonrú láithreach, tástáil a fháil agus masc a chaitheamh de réir mar is cuí.
Tá sé socraithe ag an gComh-aireacht go dtiocfaidh na nuashonruithe seo i bhfeidhm ón Aoine 14 Eanáir. Oibreoidh an Roinn Sláinte agus FSS anois chun é a chur i bhfeidhm.
CRÍOCH