Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - Dé hAoine an 26 Samhain 2021
- Foilsithe: 26 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ghlac an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le moltaí nua maidir leis an gclár teanndáileog COVID-19.
Rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) na moltaí nua don Phríomhoifigeach Leighis (CMO), a thacaigh leis na moltaí seo.
Molann an NIAC teanndáileog de vacsaín mRNA in ord tosaíochta do:
- mná torracha 16 bliana d’aois agus níos sine
- iad siúd atá 40 - 49 bliana d’aois
- iad siúd atá 16 - 39 bliana d’aois, in ord íslitheach de réir aoise m.sh., de réir cohóirt aoise 10 mbliana.
I gcás na ndaoine 16-39 bliana d’aois a fuair vacsaín COVID-19 Janssen mar a bpríomh-vacsaín, is féidir teanndáileog a thairiscint dóibh beag beann ar a n-aois tar éis eatramh trí mhí ar a laghad.
De réir mholtaí teanndáileoige roimhe seo, tabharfar an dáileog breise cúig mhí ar a laghad (trí mhí i gcás Janssen) tar éis an sceideal vacsaínithe príomhúil a bheith críochnaithe.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cuirim fáilte roimh athbhreithniú leanúnach NIAC ar gach fianaise idirnáisiúnta a bhaineann le teanndáileoga. Táim ag glacadh agus ag údarú na moltaí is déanaí seo ar an mbonn go mbeidh gá le méid suntasach pleanála chun na teanndáileoga seo a oibríochtú. Níor shroich aon duine sna haoisghrúpaí nua-cheadaithe seo an bhearna a mholtar ón dara dáileog.
“Leanaimid orainn ag tabhairt tosaíochta do theanndáileoga toisc go bhfuil a fhios againn go bhfuil tionchar dearfach acu ar leibhéal na ndaoine in ospidéil, na trombhreoiteachta agus na básmhaireachta ó COVID-19 i measc daoine os cionn 70 bliain d’aois. Táim ag luasghéarú rolladh amach na teanndáileoga freisin dóibh siúd a bhfuil bunriochtaí orthu agus dóibh siúd atá ina 60idí."
Dúirt an tAire:
“Ba mhaith liom arís iarraidh ar gach duine atá incháilithe le haghaidh vacsaín ach nach bhfuair dáileog phríomha fós é sin a dhéanamh mar ábhar práinne i bhfianaise na rátaí arda ionfhabhtaithe sa phobal. Táimid ag feiceáil sciar ard de dhaoine aonair gan vacsaíniú a dteastaíonn uathu dul san ospidéal agus i gcúram criticiúil san Aonad Dianchúraim."
Má tá ionfhabhtú COVID-19 arna dheimhniú ag saotharlann ag duine i ngrúpa a moltar teanndáileog dó tar éis dó príomhchúrsa vacsaín a chríochnú (ie, ionfhabhtú in athuair), ba cheart moill a chur ar an teanndáileog ar feadh sé mhí ar a laghad tar éis COVID-19 a dhiagnóisiú.
Mhol NIAC gur chóir teanndáileog a thairiscint dóibh siúd a sainaithníodh i moltaí roimhe seo i.e. iad siúd os cionn 50 bliain, iad siúd d’aois ar bith i saoráidí cúraim sláinte fadtéarmacha, oibrithe cúraim sláinte, agus iad siúd a bhfuil bunriochtaí orthu sula mbogtar ar aghaidh chuig na cohóirt aoise níos óige seo. Déantar é seo chun a chinntiú go dtugtar tosaíocht do vacsaíní teanndáileoige dóibh siúd atá i mbaol mór ó ghalar.
Léiríonn an chomhairle seo a fuair NIAC na moltaí a rinneadh maidir le teanndáileoga sa mhearmheasúnú riosca is déanaí ón Lárionad Eorpach um Rialú Galar (ECDC) a foilsíodh an 24 Samhain, deirtear sna moltaí seo gur cheart do thíortha teanndáileog a mheas do gach duine fásta agus tosaíocht á tabhairt do dhaoine atá 40 bliana d’aois agus níos sine.
Cuireann NIAC agus an ECDC araon in iúl nach beart ráige iad vacsaínithe teanndáileoige. Tá gá leanúnach le cloí le bearta sláinte poiblí lena n-áirítear bualadh le níos lú daoine agus sluaite a sheachaint, masc a chaitheamh i gceart má mholtar sin duit, bualadh le chéile lasmuigh más féidir, spásanna faoi dhíon atá aeráilte go dona a sheachaint agus sláinteachas maith láimhe agus riospráide a chleachtadh.
CRÍOCH
Nótaí
Tá litreacha chuig an Aire Sláinte ón CMO ar fáil anseo.
Tá litir ó NIAC chuig an CMO ar fáil anseo.