Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - Dé Máirt an 19 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roinnt nuashonruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann. Leanann na nuashonruithe seo moltaí a rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) don Phríomhoifigeach Leighis (CMO). Thacaigh an Príomhoifigeach Leighis leis na moltaí seo.
Mhol an NIAC go dtairgfí teanndáileog den vacsaín Comirnaty® (Pfizer) do gach duine idir 60 agus 79 bliana d’aois a chríochnaigh a mbunchúrsa de vacsaín COVID-19 ar bith.
Ba chóir an teanndáileog a thabhairt go hidéalach sé mhí (le eatramh cúig mhí ar a laghad) tar éis an phríomhsceideal vacsaínithe a bheith críochnaithe.
Má tá ionfhabhtú COVID-19 arna dheimhniú ag saotharlann ag duine i ngrúpa a moltar teanndáileog dó tar éis dó príomhchúrsa vacsaín a chríochnú (ie, ionfhabhtú in athuair), ba cheart moill a chur ar an teanndáileog ar feadh sé mhí ar a laghad tar éis COVID-19 a dhiagnóisiú.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá athbhreithniú déanta ag an NIAC ar fhianaise idirnáisiúnta a bhaineann go sonrach le héifeachtúlacht vacsaíní i measc daoine aosta a thug le fios go laghdaíonn an chosaint a sholáthraíonn vacsaíní ar ionfhabhtú siomptómach go mór le himeacht ama san aoisghrúpa seo tar éis 6 mhí.
“Ó thosaigh Clár Vacsaínithe na hÉireann go déanach anuraidh, d’fhógair mé roinnt nuashonruithe ar an gclár tosaíochta vacsaíne, gach ceann acu leis an aidhm chéanna - iad siúd is mó atá i mbaol ó dhrochthinneas agus bás a chosaint ó COVID-19. Leanann rolladh amach an chláir teanndáileog ag brath ar vacsaíní atá sábháilte agus éifeachtach a úsáid, agus trí sin a dhéanamh, táimid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt tosaíochta dár ngaolta atá i mbaol.
"Oibreoidh mé anois le mo Roinn agus le FSS chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir."
An 04 Deireadh Fómhair, tháinig an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) ar an gconclúid go bhféadfar teanndáileoga a mheas 6 mhí ar a laghad tar éis an dara dáileog do dhaoine 18 mbliana d’aois agus níos sine. De réir chomhairle NIAC, beidh vacsaín mRNA faighte ag formhór na ndaoine os cionn 70 bliain roimhe sin agus fuair daoine idir 60-69 bliana d’aois an vacsaín Vaxzevria® (AstraZeneca). Léiríonn na sonraí atá ar fáil maidir le vacsaíniú teanndáileog le vacsaín mRNA tar éis
príomhchúrsa veicteora víreasach nó vacsaín mRNA, sábháilteacht cosúil leis an méid a tuairiscíodh don tsraith phríomhúil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Leanfaidh NIAC ag scrúdú fianaise nua maidir le teanndáileoga i ngrúpaí eile.
“Tá sé tábhachtach go gcuimhneoimid gurb é an vacsaíniú, chomh maith lenár gcloí leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí go léir an bealach is fearr chun muid féin, ár ngaolta agus athoscailt ár dtír a chosaint.
"Má tá siomptóim COVID-19 cosúil le fiabhras, casacht agus siomptóim cosúil leis an bhfliú agat - aonraigh agus déan tástáil láithreach. Lean ort ag nigh do lámha go rialta, caith masc nuair is cuí, fan amach ó dhaoine eile, oscail fuinneoga agus ag lig aer isteach i spásanna faoi dhíon, agus fan amuigh faoin aer nuair is féidir chun bualadh le daoine eile."