Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - Dé Máirt an 2 Samhain 2021

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - Dé Máirt an 2 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go leathnófaí clár teanndáileoige na vacsaíne COVID-19 chuig oibrithe cúram sláinte. Tagann sé seo i ndiaidh moltaí a rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) don Phríomhoifigeach Leighis (CMO). Thacaigh an Príomhoifigeach Leighis leis na moltaí seo.

Mhol an NIAC go dtairgfí teanndáileog den vacsaín mRNA do gach oibrí cúram sláinte túslíne a chríochnaigh a mbunchúrsa de vacsaín COVID-19 ar bith. Mar is amhlaidh le cohóirt eile, ba chóir an teanndáileog a thabhairt go hidéalach sé mhí (le eatramh cúig mhí ar a laghad) tar éis an phríomhsceideal vacsaínithe a bheith críochnaithe.

Má tá ionfhabhtú COVID-19 arna dheimhniú ag saotharlann ag oibrí cúraim sláinte tar éis dó príomhchúrsa vacsaín a chríochnú (m.sh. ionfhabhtú in athuair), ba cheart moill a chur ar an teanndáileog ar feadh sé mhí ar a laghad tar éis COVID-19 a dhiagnóisiú.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ár n-oibrithe cúram sláinte túslíne ag tabhairt aghaidh ar an bpaindéim seo le beagnach dhá bhliain, ag tabhairt aire dóibh siúd is leochailí agus ag déanamh íobairtí pearsanta urghnácha. Mar aon le gach cinneadh maidir le vacsaíní COVID-19 a riaradh, rinne an NIAC athbhreithniú ar fhianaise idirnáisiúnta agus na moltaí seo á gcur i láthair. "

"Táim ag obair le mo Roinn agus le FSS chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir."

“Tá sé tábhachtach go gcuimhneoimid gurb é an vacsaíniú, chomh maith lenár gcloí leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí a bhfuil cur amach againn go léir air na bealaí is fearr is féidir linn a chéile a chosaint."

Ag tacú leis na moltaí, dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis an Dr Tony Holohan:

“Mhol NIAC inniu teanndáileog de vacsaín mRNA d’oibrithe cúram sláinte a thabhairt sé mhí tar éis dóibh a bpríomh-sceideal vacsaínithe a chríochnú."

"Thug NIAC ar aird freisin go bhfaigheann oibrithe cúram sláinte na hionfhabhtuithe sa phobal den chuid is mó."

“Tá a fhios againn go n-éiríonn go maith leis an vacsaín chun breoiteacht throm agus tréimhse san ospidéal a chosc. Tá a fhios againn freisin go gcaithfimid idirghabhálacha bunúsacha sláinte poiblí eile a choinneáil fiú nuair atá vacsaín faighte againn - ár lámha a ní, fuinneoga a oscailt, maisc a chaitheamh agus, an rud is tábhachtaí, fanacht sa bhaile nuair a bhíonn siomptóim againn. Tá sé léirithe go bhfuil ag éirí go maith leis na bearta simplí seo chun slabhraí tarchuir an ghalair seo a bhriseadh."

“De réir mar a chleachtann muid gach gné den chomhairle sláinte poiblí, coinnímid muid féin agus ár ngaolta sábháilte."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat