English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar Choraintín Óstáin Éigeantach - 15 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá áthas ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD a fhógairt go bhfuil méadú ar líon seomraí an chórais bainte amach ag An Roinn Sláinte agus Grúpa Óstán Tifco tar éis dianoibre, a thiocfaidh i bhfeidhm ón Satharn seo an 17ú Aibreán.

Athosclófar an tairseach áirithintí ar líne d’áirithintí go déanach ó thráthnóna inniu, rud a ligfidh do dhaoine atá le teacht ó stáit ainmnithe ón Satharn réamh-áirithint a dhéanamh chun dul isteach i gCoraintín Óstáin Éigeantach.

Dúirt An tAire Stephen Donnelly:

"Fáiltím roimh na tréaniarrachtaí a rinne oifigigh i mo Roinn agus an Grúpa Óstáin Tifco chun an líon seomraí méadaithe seo a bhaint amach. Beart sláinte poiblí an-tábhachtach isea Coraintín Óstáin Éigeantach agus cinntíonn sé go bhfuil na bearta bithshlándála teorann is láidre againn san Eoraip i gcónaí.

"Ba mhaith liom mo bhuíochas faoi leith a ghabháil le Grúpa Óstán Tifco agus lena bhfoireann as an líon seomraí a mhéadú chomh tapaidh agus as a dtiomantas chun compord agus slándáil na ndaoine a bhfuil orthu dul isteach i gCoraintín Óstáin Éigeantach a chinntiú. Is gnóthas casta é bainistíocht an chórais seo, a chuimsíonn lóistíocht thar raon réimsí oibríochta agus earnálacha Rialtais. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach gníomhaí stáit a bhfuil baint acu le seachadadh oibríochtúil an bheartais seo.

"Tá ár gcóras Coraintín Óstáin Éigeantach ag obair mar a bhí beartaithe chun an tír a chosaint ó iompórtáil COVID-19, go háirithe athraithigh imníocha. Go dtí seo, tá tástáil dhearfach déanta ar 18 duine i gCoraintín Óstáin Éigeantach do COVID-19, agus tá athraithigh dhochúla imníocha ag ceathrar acu sin. Táim fíorbhuíoch dóibh siúd a chuaigh isteach i gcoraintín éigeantach agus as a gcuidse a dhéanamh chun stop a chur le scaipeadh an ghalair seo."

Fógraíodh na méaduithe ar líon seomraí seo a leanas:

  • dheimhnigh Tifco 305 seomra sa bhreis, dhá lá roimh an sceideal, agus beidh siad réidh chun áirithintí a ghlacadh dóibh siúd a bheidh ag teacht ón Satharn an 17ú Aibreán ar aghaidh
  • tabharfaidh sé seo an líon seomraí Dé Sathairn an 17ú Aibreán go 959 seomra
  • faoi Dé hAoine an 23ú Aibreán méadóidh an líon seomraí go 1189 seomra
  • faoi Dé Luain an 26ú Aibreán méadóidh an líon seomraí go 1607 seomra

Ina theannta sin, d’fhógair An tAire Sláinte go mbeidh díolúine go gairid ag daoine lán-vacsaínithe a thagann ó stáit ainmnithe ón gCoraintín Óstáin Éigeantach.

Dúirt An tAire Donnelly:

"Ba é cinneadh an Rialtais an tseachtain seo caite athbhreithniú tapaidh a dhéanamh. Tá comhairle faighte agam anois ón bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach, a glac mé leis.

"Ceanglófar anois ar rialacháin dlí daoine lán-vacsaínithe a shaoradh ó Choraintín Óstáin Éigeantach agus ligean dóibh coraintín baile a dhéanamh. Déanfar na rialacháin seo a dhréachtú agus a shíniú sna laethanta atá amach romhainn."