English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte pacáiste tacaí d’iarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus Foras Gaolmhar

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, pacáiste tacaí sláinte agus folláine inniu (Dé hAoine an 20 Nollaig) d’iarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus Foras Gaolmhar.

Tá na bearta atá á bhfógairt inniu bunaithe ar na moltaí ón nGrúpa Oibre Idir-Rannach a cuireadh ar bun níos luaithe i mbliana chun scrúdú a dhéanamh ar na moltaí sláinte atá sa Chéad Tuarascáil ón bhFóram Comhoibríoch d’Iarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus Foras Gaolmhar.

Ag fógairt an phacáiste tacaí dó, dúirt an tAire:

“Fáiltím roimh an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre Idir-Rannach, rud a fuair agus a phléigh an Chomh-aireacht inné, agus tá áthas orm a fhógairt go soláthrófar pacáiste tacaí sláinte agus folláine d’iarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán.

“Is é a bheidh i gceist leis an bpacáiste tacaí ná seirbhísí comhairleoireachta breise a sholáthar chun cabhrú le freastal ar na riachtanais atá ag iarchónaitheoirí; seirbhís thiomnaithe um idirchaidreamh tathanta othar a thabhairt isteach d’iarchónaitheoirí; agus staidéar spriocdhírithe taighde sláinte a thosú, rud a chabhróidh le forbairt a dhéanamh ar aon fhreagairtí seirbhíse a bheidh ag teastáil amach anseo.”

Chuir an tAire Sláinte an Grúpa Oibre Idir-Rannach ar bun níos luaithe i mbliana chun scrúdú a dhéanamh ar na moltaí sláinte ón bhFóram Comhoibríoch ar mhaithe le tograí a fhorbairt le haghaidh pacáiste cuí tacaí sláinte agus folláine a chur le chéile d’iarchónaitheoirí. Le linn dó tabhairt faoin measúnú uaidh, d’fhéach an Grúpa Oibre le breithniú leordhóthanach cuí a dhéanamh ar na riachtanais shonracha atá ag iarchónaitheoirí agus, rud tábhachtach, le freagairt ar bhealach comhbhách iomlánaíoch do na hábhair imní sláinte agus folláine atá acu.

Agus aird á tabhairt ar na moltaí ón nGrúpa Oibre, agus aitheantas á thabhairt do mheabhairshláinte iarchónaitheoirí agus don riachtanas sonrach atá acu le tacaíocht shíceolaíoch, soláthrófar tacaí comhairleoireachta breise an bhliain seo chugainn mar chuid den tSeirbhís Comhairleoireachta Náisiúnta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Cuirfear seirbhís thiomnaithe um idirchaidreamh tathanta othar ar bun laistigh de FSS freisin. Gníomhóidh an tseirbhís sin mar phointe teagmhála díreach d’iarchónaitheoirí. Ar deireadh, cuirfear socruithe i bhfeidhm chun clár spriocdhírithe taighde sláinte a thosú, áit a ndéanfar measúnuithe sláinte aonair ar iarchónaitheoirí chun bonn eolais a chur faoin mórstaidéar taighde. Is é an aidhm a bheidh leis an taighde ná rannchuidiú leis an mbeartas sláinte agus folláine agus feabhas a chur ar thorthaí sláinte d’iarchónaitheoirí.

Dúirt an tAire Harris freisin:

“Tá muinín agam go rachaidh an raon tacaí seirbhíse atá á soláthar anois chun mórthairbhe d’iarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus go bhfreastalóidh siad go díreach agus ar bhealach praiticiúil ar na riachtanais sláinte aonair atá ag iarchónaitheoirí.”

Ag labhairt di tar éis an chruinnithe Rialtais inniu, dúirt an Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige:

“Ba mhaith liom fáiltiú roimh na tograí atá leagtha amach sa chéad phacáiste beart sláinte agus folláine seo a bhfuil mar aidhm leis freastal ar na riachtanais atá ag iarchónaitheoirí áras máithreacha agus naíonán agus foras gaolmhar. Tá na tograí sin bunaithe ar roinnt de na moltaí agus na réimsí tosaíochta sonracha ar shainaithin iarchónaitheoirí iad agus iad ag rannchuidiú le hobair an Fhóraim Chomhoibríoch.

“Le linn dom na moltaí ón bhFóram a chur faoi bhráid an Rialtais, rinne mé cás láidir ar son freagairt ar bhealach réamhghníomhach, comhbhách agus iomlánaíoch do na hábhair imní sláinte agus folláine atá ag iarchónaitheoirí. Glacaim leis an réasúnaíocht láidir atá taobh thiar de na réimsí sonracha a ndíreofar orthu sa chéad chéim infheistíochta seo, mar atá leagtha amach ag an Aire Harris inniu. Mar aon le riachtanais láithreacha áirithe a chomhlíonadh, is féidir na tacaí seo a úsáid mar bhonn fianaise chun cinntí eolacha a dhéanamh le linn idirghabhálacha spriocdhírithe eile a fhorbairt chun freastal ar na riachtanais atá ag na daoine lena mbaineann, a bhfuil an chuid is mó díobh ina ndaoine soghonta scothaosta. Léiriú soiléir go bhfuil an Rialtas ag éisteacht le tuairimí na n-iarchónaitheoirí is ea an pacáiste atá á fhógairt inniu. Léiríonn sé an luach agus an tábhacht a bhaineann le dul i mbun teagmháil leanúnach trí fhóraim amhail an Fóram Comhoibríoch.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Chuir an Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Fóram Comhoibríoch ar bun i mí an Mheithimh 2018 chun comhphlé agus gníomhaíocht a éascú ar shaincheisteanna a bhaineann le hIarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus foras gaolmhar. Cuireadh an Chéad Tuarascáil ón bhFóram faoi bhráid an Aire Zappone i mí na Nollag 2018 agus déantar inti trí mholadh fhadréimseacha is daichead a bhaineann le trí réimse ar leith, is iad sin: (1) Faisnéis, Féiniúlacht, Téarmaíocht agus Mífhaisnéis; (2) Tacaí Sláinte agus Folláine; agus (3) Coinneáil i gCuimhne agus Scéalta Pearsanta.

Tar éis don Rialtas breithniú a dhéanamh ar na moltaí atá sa Chéad Tuarascáil an 15 Aibreán 2019, comhaontaíodh go ndéanfadh an tAire Sláinte (i measc nithe eile) Grúpa Oibre a thionól chun scrúdú a dhéanamh ar na moltaí sláinte agus folláine atá sa Tuarascáil ar mhaithe le tograí a fhorbairt le haghaidh pacáiste cuí tacaí sláinte agus folláine a chur le chéile d’iarchónaitheoirí. Bhí an Grúpa comhdhéanta d’oifigigh ón Roinn Sláinte, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tháinig sé le chéile ar sheacht n-ócáid.

Rinne an Fóram aon mholadh is fiche i réimse na sláinte agus na folláine. Moltaí an-fhadréimseach ba ea iad, a chuimsigh soláthar cúram sláinte san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Le linn dó measúnú a dhéanamh ar na moltaí, d’fhéach an Grúpa le sainaithint a dhéanamh, a mhéid ab fhéidir, ar an ngnáthphróifíl sláinte atá i gceist agus ar an riachtanas cliniciúil a d’fhéadfadh teacht chun cinn d’iarchónaitheoirí. Chun é sin a dhéanamh, chuaigh an Grúpa Oibre i dteagmháil leis na feidhmeanna ábhartha beartais agus seirbhíse sa Roinn Sláinte agus in FSS; thug sé cuireadh don Chathaoirleach ar an bhFochoiste um Shláinte agus Folláine de chuid an Fhóraim Chomhoibríoch labhairt os comhair an Ghrúpa agus taithí dhíreach a chomhroinnt ar dhearcadh an Iarchónaitheora; agus rinne sé mear-athbhreithniú ar litríocht acadúil ábhartha chun cabhrú le teacht ar an taighde a bhí ar fáil cheana féin ar na riachtanais sláinte shonracha a d’fhéadfadh a bheith ag duine de dheasca é/í a bheith ina c(h)ónaí i bhforas Stáit atá cosúil le hárais ‘mháithreacha agus naíonán’ na hÉireann. Cuireadh Meabhrán faoi bhráid na Comh-aireachta an 19 Nollaig, rud inar cuireadh an Rialtas ar an eolas go foirmiúil faoi thoradh phróiseas an Ghrúpa Oibre. Is féidir an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre a rochtain anseo.

Rachaidh an Roinn Sláinte i dteagmháil le FSS anois chun a chinntiú go gcuirfear an pacáiste comhaontaithe tacaí d’iarchónaitheoirí chun feidhme go héifeachtach agus go soláthrófar an pacáiste tacaí go tráthúil an bhliain seo chugainn.