English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí €850,000 do thionscnamh faoi cheannas FSS chun na dochair a bhaineann leis an tsláinte ó chócaon agus ‘cnagchócaon’ a laghdú.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 17 Eanáir 2022

D’fhógair Frank Feighan TD, an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine, agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, €850,000 inniu mar mhaoiniú athfhillteach do thionscnamh faoi cheannas FSS chun na dochair a bhaineann le húsáid cocaoin agus ‘cnagchócaoin’ a laghdú. Cuirtear an maoiniú nua ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022.

Tacóidh an maoiniú le samhlacha dea-chleachtais i gcóireáil chócaoin, lena n-áirítear forbairt clár oiliúna d’fhoireann na seirbhíse andúile go náisiúnta. Bunóidh sé freisin idirghabhálacha spriocdhírithe sna pobail atá faoi mhíbhuntáiste is mó a mbíonn tionchar ag cóicín agus ag ‘cnagchócaon’ orthu.

Dúirt an tAire Feighan:

“Is tosaíocht straitéiseach de chuid na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí don tréimhse 2021-2025 é freagairtí laghdaithe díobhála ar úsáid cócaoin agus ‘cnagchócaoin’ a neartú. Cuirfidh an tionscnamh seo le freagairt an rialtais iomláin ar chinntithigh shóisialta agus ar iarmhairtí a bhaineann le úsáid drugaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste.”

Dúirt an tAire:

“Fáiltím roimh cheannaireacht agus tiomantas FSS oibriú le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí pobail agus deonacha, chun an tionscnamh seo a fhorbairt agus a sheachadadh. Tá an cur chuige comhpháirtíochta seo ag croílár na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí.''

Dúirt an Dr Eamon Keenan, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta i Seirbhísí Andúile, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:

“Le blianta beaga anuas tá níos mó aitheantais tugtha do na fadhbanna a bhaineann le húsáid cócaoin agus teacht chun cinn ‘cnagchócaoin’ i bpobail faoi mhíbhuntáiste.”

Dúirt an Dr Keenan freisin:

“Tacóidh an maoiniú seo le seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise a sheachadadh agus méadóidh sé deiseanna oiliúna do chomhaltaí foirne i Seirbhísí Andúile go náisiúnta. Feabhsóidh sé freisin an tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh siúd a bhfuil tionchar ag iarmhairtí díobhálacha sláinte úsáid cócaoin nó ‘cnagchócaoin’ orthu.

Tabharfar cuireadh go luath d’Eagraíochtaí Sláinte Pobail tograí a chur isteach chun idirghabháil a sheachadadh d’fhadhbanna cócaoin agus áireofar leis seo pobail ina bhfuil fadhb shuntasach le ‘cnagchócaon’. Beidh ar iarratais léiriú a thabhairt ar an riachtanas daonra aitheanta, chomh maith le bonn fianaise don idirghabháil bheartaithe. Tá sé i gceist an maoiniú a leithdháileadh i R2 2022.''


Nótaí d’Eagarthóirí

Príomhshonraí [1] [2]

  • Tá cóicín agus ‘cnagchócaon’ mar dhruga ag éirí níos forleithne, agus thuairiscigh 2.3 faoin gcéad den daonra gur úsáid siad an druga le bliain anuas sa suirbhé náisiúnta drugaí agus alcóil is déanaí (2019/2020).
  • Tá méadú tagtha ar fhigiúirí cóireála ó 853 cás arb ionann é agus 8.6% den líon iomlán a tháinig i láthair le haghaidh cóireála andúile in 2014 go 2,619 cás arb ionann é agus 27% den líon iomlán in 2020.
  • B’ionann cásanna ar cuireadh cóireáil orthu le haghaidh ‘cnagchócaoin’ mar phríomhdhruga agus 16 faoin gcéad den chóireáil cócaoin ar fad anuraidh.
  • Fuair 53 bás mar thoradh ar dhrugaí a bhaineann le cócaon in 2017

Cúlra

Le blianta beaga anuas tá níos mó aitheantais tugtha do na fadhbanna a bhaineann le húsáid cócaoin agus teacht chun cinn ‘cnagchócaoin’ i bpobail faoi mhíbhuntáiste. Thug Suirbhé Náisiúnta Drugaí agus Alcóil na hÉireann 2019-20 a d’fhoilsigh an HRB le déanaí ar aird, ‘gur tháinig méadú suntasach ar úsáid cócaoin le déanaí i measc na bhfear agus go pointe níos lú i measc na mban.’

I bhfianaise leitheadúlacht mhéadaithe úsáide cócaoin in Éirinn agus teacht chun cinn ‘cnagchócaoin’ i bpobail faoi mhíbhuntáiste is léir go bhfuil gá le freagairtí spriocdhírithe. Tacóidh an maoiniú seo le seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise a sheachadadh agus méadóidh sé deiseanna oiliúna do chomhaltaí foirne i Seirbhísí Andúile go náisiúnta.Feabhsóidh sé an tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh siúd a bhfuil tionchar ag iarmhairtí díobhálacha sláinte úsáid cócaoin nó ‘cnagchócaoin’ orthu.

Cócaoin mar dhruga

Is cineál druga spreagthach é cócaon a fhágann go mbraitheann daoine níos airdeallaí, níos fuinniúla agus níos muiníní. Is féidir leis rioscaí suntasacha fisiceacha agus síceolaíochta sláinte agus díobhálacha fadtéarmacha mar spleáchas a chruthú. Is féidir le gach duine freagairt go héagsúil le substaint agus eispéireas difriúil a bheith aige bunaithe ar fhachtóirí pearsanta, lena n-áirítear má úsáideann siad an druga le substaintí eile agus an suíomh ina n-úsáideann siad é.

Déantar ‘cnagchócaon’ a tháirgeadh ó chócaon tríd an gcócaon a athrú go ceimiceach agus de ghnáth déantar é a dheatú i bpíobáin, ach is féidir é a instealladh freisin. Tá na héifeachtaí níos déine ná iad siúd a fhaightear nuair a bhíonn cócaon á úsáid agus bíonn na hiarmhairtí diúltacha sláinte agus sóisialta níos measa.

Tá faisnéis maidir leis na dochair a bhaineann le cócaon agus ‘cnachócaon’ ar fáil ar an nasc thíos, soláthraíonn an nasc seo faisnéis maidir le laghdú díobhála do dhaoine a chinneann na substaintí seo a úsáid:https://www.drugs.ie/cocaine_information_and_risk_reduction/

Cé go dtugtar le fios go bhfuil sé níos sábháilte gan na drugaí seo a úsáid, tugann na hacmhainní comhairle phraiticiúil dóibh siúd a chinneann drugaí a úsáid chun sábháilteacht a mhéadú agus chun díobháil a laghdú.

Cuardaigh seirbhís tacaíochta áitiúil tríd an Eolaire Náisiúnta um Sheirbhísí Drugaí agus Alcóil Drugs.ie www.drugs.ie/services nó cuir glaoch ar Líne Chabhrach Drugaí & Alcóil FSS ar 1800 459 459 Luan – Aoine 9:30 – 5:30 nó seol ríomhphost chuig helpline@hse.ie

[1] https://www.hrb.ie/publications/publication/the-2019-20-irish-national-drug-and-alcohol-survey-main-findings/returnPage/1/

[2] Sonraí faighte ón gCóras Tuairiscithe um Chóireáil Drugaí Náisiúnta (NDTRS) agus arna bhfoilsiú ag an HRB.