English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte tús Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 13 Nollaig 2022

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu gur osclaíodh tairseach chlárúcháin ar líne FSS do Chlár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan (víreas papalóma daonna).

Ón lá inniu, is féidir le daoine incháilithe clárú ar www.hpv.ie do choinne le haghaidh vacsaín saor in aisce a riarfar trí chlinicí vacsaínithe FSS agus scoileanna.

Tá tacaíocht ag an gclár ó Bernie agus Larry Brennan, tuismitheoirí Laura Brennan, nach maireann, a chuaigh i mbun feachtais chun glacadh na vacsaíne HPV a mhéadú sula bhfuair sí bás ó ailse cheirbheacs in 2019, agus í 26 bliana d'aois.

Tairgfear vacsaíní HPV saor in aisce do gach buachaill agus cailín in oideachas dara leibhéal a bhí incháilithe roimhe seo chun an vacsaín a fháil agus nach bhfuair í go fóill.

Tá sé oscailte freisin do mhná óga suas go dtí 25 bliana d'aois a d'fhág an mheánscoil agus nach bhfuair an vacsaín roimhe seo.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is mór an onóir dom é teaghlach Laura a bheith in éineacht liom agus muid ag fógairt oscailt na tairsí clárúcháin ar líne do Chlár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan.

“Chuaigh siad i mbun feachtais gan stad gan staonadh i gcuimhne a n-iníne misniúla agus léirigh siad tiomantas agus fuinneamh agus iad ag leanúint lena teachtaireacht a scaipeadh cé go raibh siad go mór faoi bhrón.

“Cuimsíonn an clár seo teachtaireacht Laura maidir le cur chun cinn vacsaíní agus spreagfaidh sé agus éascóidh sé glacadh níos mó leis an idirghabháil tarrthála seo. Is trí vacsaíniú agus scagthástáil HPV a mhéadú i measc ár ndaonra a shroichfimid ár gcuspóir deireadh a chur le hailse cheirbheacs in Éirinn".

Dúirt Bernie agus Larry Brennan:

“Bhí Laura meáite gach a bhí sí in ann a dhéanamh chun spreagadh a thabhairt do dhaoine an vacsaín HPV a fháil chun a sláinte a chosaint.

“Sábhálann vacsaíní beatha daoine agus theastaigh ó Laura nach gheobhadh aon duine eile bás agus nach mbeadh ar theaghlaigh eile an pian a fhulaingt.

“Táimid thar a bheith bródúil go raibh tionchar buan ag a cuid feachtasaíochta, agus is faoiseamh dúinn é fios a bheith againn go ndéanfar beatha daoine a shábháil trí leas a bhaint as an vacsaín HPV tríd an gclár atá ainmnithe i gcuimhne uirthi."

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Breda Smyth:

“Is ómós é Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan d'obair dhícheallach Laura chun glacadh vacsaíní HPV a chur chun cinn in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

“Mholfainn go láidir do gach duine óg incháilithe, nó a dtuismitheoirí, a spéis a chlárú chun leas a bhaint as an vacsaín tarrthála seo”.

Dúirt an Dr Lucy Jessop, Comhairleoir i Míochaine Sláinte Poiblí agus Ceannaire Náisiúnta Imdhíonta san Oifig Náisiúnta Imdhíonta:

“Tá FSS ag tairiscint vacsaíní HPV do chailíní ó 2010 mar chuid den chlár imdhíonta scoile agus in 2019 leathnaíodh an clár chun buachaillí sa chéad bhliain de scoileanna dara leibhéal a chur san áireamh.

“Go dtí seo, thapaigh os cionn 500,000 duine an deis chun vacsaín HPV a fháil tríd an gclár sin. Tabharfaidh Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan deis bhreise i rith 2023 do dhaoine óga incháilithe an vacsaín a fháil."

Is féidir le daoine incháilithe atá 16 bliana d'aois nó níos sine a gcoinne a chur in áirithe inniu ag www.hpv.ie.

  • Tá íomhánna gan táille á seoladh chuig Maxwell Photography

Nótaí

Is féidir leis an papalómaivíreas daonna, nó HPV, a bheith ina chúis le hailse agus faithní na mball giniúna i mná agus fir araon. Cosnaíonn an vacsaín, atá sábháilte agus éifeachtach, i gcoinne na gcineálacha HPV is cúis le 9 as 10 ailse cheirbheacs.

Tá Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan oscailte dóibh siúd nach bhfuair vacsaín HPV agus:

  • baineannaigh a bhfuil scoil dara leibhéal críochnaithe acu agus atá 24 bliana d'aois nó níos óige
  • baineannaigh sa 2ú – 6ú bliain den mheánscoil
  • Fireannaigh sa 2ú go 4ú bliain den mheánscoil (nó 5ú bliain muna ndearna siad an idirbhliain an scoilbhliain seo).

Seachadfaidh vacsaíneoirí FSS an vacsaín HPV agus tá sé ar fáil saor in aisce trí chlinicí vacsaínithe FSS agus scoileanna.

Leanfaidh an clár imdhíonta scoile 1ú bliain ar aghaidh mar is gnách i rith 2023 agus ní cuid den chlár athdheise é.

Ón mí seo amach, is féidir le daoine incháilithe atá 16 bliana d'aois agus níos sine clárú ag www.hpv.ie chun vacsaín HPV a fháil. Ó thús 2023, beidh an clár oscailte do gach duine incháilithe.

Chuir an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh in iúl le déanaí nach bhfuil ach dáileog amháin den vacsaín HPV ag teastáil uathu siúd atá faoi bhun 25 bliain d'aois. Beidh trí dháileog ag teastáil ó dhuine ar bith a bhfuil córas imdhíonachta lag aige/aici.