Fógraíonn an tAire Sláinte vacsaíní fliú saor in aisce le leathnú chuig leanaí suas go 17 mbliana d’aois
- Foilsithe: 11 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu go leathnófaí vacsaíní fliú saor in aisce chuig leanaí suas go 17 mbliana d’aois.
Roimhe seo, tugadh rochtain saor in aisce do vacsaíní fliú do gach leanbh idir 2 agus 12 bliana d’aois, an dá aois sin san áireamh. Tá síneadh curtha leis seo anois chun gach leanbh idir 2 agus 17 mbliana d’aois a áireamh. Tabharfar an vacsaín LAIV (Vacsaín Fliú Chaolaithe Bheo) do leanaí trí sprae amháin sa dá pholláire seachas instealladh.
Tá an vacsaín ar fáil ag Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaslanna. Iarrtar ar thuismitheoirí a gcuid leanaí a thabhairt le haghaidh vacsaínithe roimh dheireadh mhí Eanáir.
Go dtí seo ó Dheireadh Fómhair, tugadh níos mó ná 190,000 vacsaín LAIV do leanaí idir 2 agus 12 bliana d’aois. Dáileadh níos mó ná 460,000 dáileog ar dhochtúirí teaghlaigh agus cógaiseoirí agus is féidir coinní le haghaidh vacsaíniú a dhéanamh láithreach.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
“Táimid go léir ag déanamh gach is féidir linn, i mbliana níos mó ná riamh, chun sláinte ár dteaghlach a chosaint. Bealach eile chun aire a thabhairt do shláinte do leanaí is ea an vacsaín fliú a fháil. Is mó an seans go mbeidh leanaí an-tinn ón bhfliú ná daoine fásta, agus féadfaidh siad an víreas a tharchur ar feadh tréimhse níos faide ná daoine fásta. Trí shocrú a dhéanamh dóibh an vacsaín fliú saor in aisce a fháil, cabhróidh tú le do leanaí a chosaint ar bhreoiteacht a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach. Cuideoidh tú le daoine eile i do theaghlach agus i do phobal freisin trí scaipeadh an fhliú a laghdú."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Freastalaíonn suas le 10% de na leanaí go léir faoi 15 ar dhochtúir teaghlaigh le fliú
Tarchuireann leanaí an fliú chuig daoine eile ar feadh tréimhse níos faide ná daoine fásta; 10 lá nó níos mó (i gcomparáid le 6 lá in aosaigh)
Le 10 mbliana anuas, glacadh beagnach 5,000 leanbh isteach san ospidéal le deacrachtaí ón bhfliú. Bhí ar bheagnach 200 leanbh cóir leighis a fháil i ndianchúram agus fuair 40 leanbh bás.
Tá sé léirithe go bhfuil LAIV níos éifeachtaí i measc leanaí i gcomparáid le vacsaíní fliú díghníomhaithe
Éifeachtúlacht LAIV i gcoinne galar deimhnithe fliú de 83%
Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil leanaí faoi 5 bliana d’aois mar spriocghrúpa maidir le vacsaíniú fliú. Is mó an riosca atá ann go mbeidh galar níos déine nó le níos mó deacrachtaí ag leanaí. Is iad seo na deacrachtaí coitianta a bhaineann leis an bhfliú:
- Broincíteas
- Cluas Ghlaeúil
- Cuaisíteas
- Niúmóine baictéarach tánaisteach