English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte vacsaín fliú saor in aisce a leathnú dóibh siúd idir 50-64 bliana d’aois

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu go leathnófaí an Clár Vacsaínithe Fliú.

Tá an vacsaín fliú séasúrach agus a thabhairt amach á chur ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta 50-64 bliain d’aois don chlár vacsaínithe 2021/2022.

Ós rud é go scaipeann COVID-19, an fliú agus tinnis riospráide eile ag an am céanna, is beart tábhachtach é seo chun an baol go gcuirfidh an fliú brú an gheimhridh ar an gcóras sláinte an séasúr seo a laghdú.

Beidh an vacsaín ar fáil ag Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha agus is féidir í a thabhairt ag an am céanna le teanndáileog COVID-19.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá lúcháir orm inniu síneadh an chláir vacsaínithe fliú a fhógairt. Tríd an vacsaín fliú séasúrach a chur ar fáil saor in aisce do gach duine fásta 50-64 bliana d’aois, táimid ag cabhrú chun tú a chosaint ar an bhfliú agus a scaipeadh sa phobal a laghdú. Tá sé i gceist ag an síneadh seo, atá ar aon dul le moltaí NIAC, éilimh ar sheirbhísí sláinte le haghaidh tinnis a bhaineann leis an bhfliú a theorannú tuilleadh i rith míonna an gheimhridh."

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Cuirfear an vacsaín fliú ar fáil saor in aisce in 2021/22 dóibh siúd a leanas:

Daoine 50 bliain d’aois agus níos sine

Daoine atá ag iompar clainne

Leanbh atá idir 2 agus 17 mbliana d’aois

Oibrithe cúram sláinte

Daoine fásta nó leanaí 6 mhí d’aois nó níos sine le bunriocht sláinte fadtéarmach, mar shampla:

  • galar croí ainsealach, lena n-áirítear siondróm corónach géarmhíochaine
  • galar ae ainsealach
  • teip duánach ainsealach
  • galar riospráide ainsealach, lena n-áirítear galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD), fiobróis chisteach, asma measartha nó trom nó diospláise bhronca-scamhógach
  • galar néareolaíoch ainsealach lena n-áirítear scléaróis iolrach, neamhoird oidhreachtúla agus meathlúcháin lárchóras na néaróg
  • diaibéiteas mellitus
  • haemaglóibineapaite
  • murtall galrach i.e. innéacs corpmhaise (BMI) os cionn 40
  • imdhíonsochtaithe mar gheall ar ghalar nó cóireáil (lena n-áirítear cóireáil le haghaidh ailse)
  • leanaí a bhfuil neamhord néarafhorbartha measartha go trom orthu mar pairilis cheirbreach

Duine a rugadh le siondróm Down

Duine a bhfuil cónaí air i dteach altranais nó i saoráid chúraim fhadtéarmach eile