English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Taoiseach agus na hAirí Sláinte go dtosóidh clár próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID in Éirinn an 4 Samhain

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2019

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar, ag Simon Harris, an tAire Sláinte, agus ag Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, inniu go dtosódh clár próifiolacsais réamhnochta (PrEP) le haghaidh víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID) an 4 Samhain 2019.

Soláthrófar an clár i roinnt clinicí ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha ar dtús ó mhí na Samhna amach. Leathnófar an clár arís eile ansin sa bhliain 2020, ag teacht sna sála ar an gcistiú €5.4 milliún a fógraíodh faoi Bhuiséad 2020 lena úsáid an bhliain seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:

“Is é an toradh a bheidh ar chlár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach ná go laghdófar an líon daoine a tholgfaidh VEID amach anseo. Is iontach an rud é go dtosóidh an clár próifiolacsais réamhnochta i mbliana, faoi mar a gealladh, agus go bhfuil cistiú i bhfeidhm againn anois le haghaidh an clár a leathnú an bhliain seo chugainn.

“Níl i bpróifiolacsas réamhnochta ach gné amháin den obair atá á déanamh againn chun rátaí VEID a laghdú; thugamar tús áite d’fheasacht agus tástáil VEID a mhéadú freisin. A bhuí leis an gcur chuige comhcheangailte sin, rachaimid i bhfeidhm ar na daoine ar gá dúinn dul i bhfeidhm orthu agus laghdóimid rátaí VEID in Éirinn.

“Gabhaim buíochas le grúpaí tathanta amhail Cumann VEID Éireann agus eagraíochtaí neamhrialtasacha do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha, a chabhraigh linn an chéim seo a bhaint amach. Gabhaim buíochas freisin leis an bhfoireann ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), a chuir na caighdeáin agus na treoirlínte riachtanacha i bhfeidhm le haghaidh seirbhís shábháilte ar ardchaighdeán a sholáthar.”

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:

“Bhaineamar cloch mhíle an-tábhachtach amach inniu. Le blianta fada anuas, bhíomar inár dtost, a bheag nó a mhór, faoi shaincheisteanna VEID. Bhraith daoine a bhfuil VEID orthu go raibh an tsochaí anuas orthu.

“Tiocfaidh athrú ar an méid sin ar fad inniu. An mhí seo chugainn, tabharfaidh an Stát clár próifiolacsais réamhnochta isteach agus rachaidh sé i ngleic leis an méadú ar chásanna VEID ar fhíorbhealach praiticiúil.

“Tá súil agam freisin go dtosóidh sé sin comhrá nua faoi shaincheisteanna VEID agus go mbeidh ról lárnach ag daoine a bhfuil VEID orthu sa chomhrá sin.

“Sábhálann próifiolacsas réamhnochta beathaí agus, tríd an gcógas a sholáthar laistigh de chlár iomlánaíoch, cumasófar do dhaoine iad féin a chosaint ar an ngalar. Tá an-áthas orm go bhfuilimid in ann an léim seo chun tosaigh a thógáil anois. Ba mhaith liom mo Roinn, FSS, HIQA agus na tathantóirí a bhí taobh thiar den éacht seo a mholadh.”

Dúirt Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte:

“Mar thoradh ar chlár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach, cuirfear go mór leis an iarracht fhoriomlán atá á déanamh againn VEID agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha a chosc. Mar aon le hinfheistíochtaí eile a rinneadh le déanaí, mar shampla Éire a chlárú le tionscnamh idirnáisiúnta na Mear-Chathracha VEID, tá muinín agam go leanfaimid le dul chun cinn a dhéanamh agus le torthaí a fheabhsú sa réimse tábhachtach seo den tsláinte phoiblí.

“Baineann tábhacht le dea-shláinte ghnéasach agus dea-fholláine ghnéasach maidir lenár sláinte fhisiciúil agus lenár meabhairshláinte i gcoitinne, agus tá siad tábhachtach go háirithe dár ndaoine óga. Ina theannta sin, is ó ghrúpaí soghonta laistigh den tsochaí nó ó ghrúpaí a bhfuil an tsochaí anuas orthu a thagann cuid mhór de na daoine a bhainfidh tairbhe as clár próifiolacsais réamhnochta. Mar sin, tá súil agam go gcabhróidh an fhógairt inniu linn tacaíocht a thabhairt do thuilleadh daoine dea-thorthaí sláinte gnéasaí a bhaint amach.”

Dúirt an Dr Fiona Lyons, Lia Comhairleach sa Mhíochaine Úraiginitiúil agus VEID in Ospidéal San Séamas:

“Fáiltím roimh an bhfógairt go mbeidh cógas próifiolacsais réamhnochta ar fáil saor in aisce go luath do dhaoine atá i mbaol suntasach VEID a tholgadh trí theagmháil ghnéasach.

“Tá próifiolacsas réamhnochta ina chuid thábhachtach de VEID a chosc agus, i dteannta idirghabhálacha eile le haghaidh an galar a chosc, ba cheart go laghdódh sé an líon ionfhabhtuithe nua VEID in Éirinn. Fáiltím freisin roimh an bhfógairt ón Rialtas go gcuirfear clár próifiolacsais réamhnochta i bhfeidhm, lena n-áireofar acmhainní a sholáthar chun tacú le seirbhísí próifiolacsas réamhnochta a chur chun feidhme. Is gá é sin a dhéanamh má táthar chun próifiolacsas réamhnochta a chur chun feidhme go rathúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh chomh crua sin chun an méid seo a bhaint amach.”

Is é atá i gceist le clár próifiolacsais réamhnochta ná úsáid réamhghabhálach a bhaint as cógas frith-aisvíreasach chun ionfhabhtuithe VEID a chosc. Déantar amhlaidh laistigh de sheirbhís iomlánaíoch um chosc ina ndéantar faireachán agus tástáil rialta agus ina dtugtar comhairle agus comhairleoireacht maidir le cleachtais ghnéis níos sábháilte. Tugadh cláir den chineál céanna isteach i roinnt tíortha le déanaí.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) tuarascáil ar Mheasúnú Teicneolaíochta Sláinte, ina bhfuarthas amach go bhfuil próifiolacsas réamhnochta ina bhealach sábháilte chun VEID a chosc i measc daoine atá i mbaol suntasach an galar a tholgadh agus go bhféadfaí coigiltí costais a bhaint amach as clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach.

I gcás daoine a fhreastalóidh ar sheirbhís cheadaithe agus go gcinnfear go bhfuil siad i mbaol suntasach VEID a tholgadh agus go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta cliniciúla, is é an toradh a bheidh ar an gclár nua a thosóidh i mí na Samhna ná go mbeidh na daoine sin incháilithe do phróifiolacsas réamhnochta a fháil saor in aisce. Dáilfear an cógas trí chógaslanna pobail.

Is ar fáil ag sexualwellbeing.ie/prep atá faisnéis do dhaoine a measann go bhféadfadh go mbeadh siad i mbaol VEID a tholgadh agus atá ag smaoineamh faoi phróifiolacsas réamhnochta a thógáil.

Is ar fáil ar sexualwellbeing.ie freisin atá an liosta de sholáthraithe ceadaithe, treoir maidir le caighdeáin náisiúnta agus maidir le bainistíocht chliniciúil agus faisnéis faoi conas is féidir iarratas a dhéanamh ar sheirbhís cheadaithe próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID. Nuashonrófar an liosta de sheirbhísí ceadaithe próifiolacsais réamhnochta le haghaidh VEID de réir mar a cheadaítear soláthraithe nua seirbhíse.

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é is próifiolacsas réamhnochta (PrEP) le haghaidh víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID) ann ná táibléad ina bhfuil dhá dhruga: tenofivir agus emtricitabine. Tógann daoine atá VEID-diúltach an cógas sula nochtar iad do VEID (lena n-áirítear roimh ghnéas) chun ionfhabhtú VEID a chosc.

Coinneofar liosta nuashonraithe de sholáthraithe seirbhíse ceadaithe próifiolacsais réamhnochta, lena n-áirítear amanna clinic agus faisnéis teagmhála, ar bun ar www.sexualwellbeing.ie/getprep

Is iad seo a leanas na soláthraithe seirbhíse ceadaithe (amhail an 10 Deireadh Fómhair 2019) i gclinicí poiblí ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha faoi láthair:

  • An tSeirbhís Sláinte d’Fhir Aeracha, Baile Átha Cliath
  • Clinic GUIDE, Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae
  • An Clinic Tacaíochta um Chosc, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Chorcaí
  • An Clinic Sláinte Gnéasaí, an tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Port Laoise
  • Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Tá dhá sheirbhís phríobháideacha i mBaile Átha Cliath ina soláthraithe seirbhíse ceadaithe próifiolacsais réamhnochta freisin (amhail an 10 Deireadh Fómhair 2019). Cé go mbeidh ar dhaoine táille comhairleachta a íoc i leith seirbhísí príobháideacha, gheobhaidh siad an cógas saor in aisce i gcás go gcomhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta cliniciúla agus go mbeidh oideas bailí acu.