Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Sláinte agus Meabhairshláinte ballraíocht Choiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta do ‘Sharing the Vision – a Mental Heath Policy for Everyone.’

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD ballraíocht Choiste Stiúrtha an Choiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta (NIMC) chun an beartas náisiúnta meabhairshláinte Sharing the Vision – A Mental Health Policy for Everyone a chur i bhfeidhm.

Tá an NIMC freagrach go léir le chéile as cur i bhfeidhm fadtéarmach Sharing the Vision. Cuimsíonn an NIMC Coiste Stiúrtha, faoi chathaoirleacht an Uasail John Saunders, agus Painéal Grúpa Speisialtóirí comhlachaithe. Tionóladh a chéad chruinniú Dé hAoine, an 11 Nollaig.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Fáiltím roimh cheapadh na gcomhaltaí ar Choiste Stiúrtha agus ar Phainéal Grúpa Speisialtóirí NIMC. Is céim shuntasach chun tosaigh é seo chun tús a chur le cur i bhfeidhm Sharing the Vision. Tráth a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte ag go leor daoine i bhfianaise Covid-19, ní raibh sé riamh chomh tábhachtach feabhas agus athchóiriú a chur chun cinn laistigh den earnáil mheabhairshláinte."

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le mo Roinn agus go háirithe le mo chomhghleacaí an tAire Butler as an gcloch mhíle thábhachtach seo a chinntiú inniu. Tá an tAire Butler fíorthiomanta dár gcóras meabhairshláinte a athchóiriú agus a fheabhsú agus bhí an-tionchar aici maidir le bunú an NIMC a chur chun cinn."

Dúirt an tAire Butler:

“Is éard atá sa chéad chruinniú de Choiste Stiúrtha NIMC ná tús ré nua i soláthar seirbhísí meabhairshláinte in Éirinn. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill Choiste Stiúrtha NIMC agus leis an gCathaoirleach John Saunders, agus le baill Phainéal Grúpa Speisialtóirí NIMC as a bheith mar chuid de phróiseas feidhmithe an bheartais. Trí obair thábhachtach an NIMC, beidh an deis ag baill ról lárnach a bheith acu i bhforbairt agus in athchumrú breise chóras meabhairshláinte na hÉireann sna 10 mbliana amach romhainn. Táim muiníneach go ndéanfaidh gach ball, ag tarraingt ar a saibhreas eolais agus saineolais, rannchuidiú mór agus luachmhar agus molaim iad as a dtiomantas don ról seo."

Dúirt an tUasal John Saunders:

“Léiríonn ballraíocht Choiste Stiúrtha NIMC agus Painéal Grúpa Speisialtóirí speictream leathan agus éagsúil gairmithe agus ionadaithe meabhairshláinte, lena n-áirítear daoine a bhfuil taithí saoil acu, atá ardcháilithe agus a thugann saineolas nach beag don NIMC. Is é a bheidh in éiteas an NIMC comhpháirtíocht agus comhoibriú, ag obair i gcomhar leis an Roinn Sláinte, FSS agus ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Rialtais chun gealltanais Sharing the Vision a sheachadadh."

Dúirt Yvonne O'Neill, Stiúrthóir Náisiúnta Eatramhach Oibríochtaí Pobail, FSS:

“Bhí an FSS ina comhpháirtí gníomhach agus comhoibritheach i nGrúpa Maoirseachta Vision for Change agus foilsíodh Sharing the Vision dá bharr. Tá tiomantas FSS Vision nuashonraithe a chur i bhfeidhm léirithe lenár ról ceannaireachta i leith go leor de na moltaí atá sa bheartas. Tá fonn orainn tacú leis an NIMC agus táimid ag tnúth le bheith ag obair lena chomhaltaí, lenár gcomhghleacaithe ó gach cearn den FSS chomh maith lenár gcomhpháirtithe seachtracha chun athchumrú agus feabhsúchán leanúnach a chur chun cinn maidir le dul chun cinn na ngníomhartha beartais."

Eolas Cúlra

Sharing the Vision Is é seo beartas meabhairshláinte uaillmhianach ilghnéitheach náisiúnta na hÉireann chun soláthar seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú ar fud contanam leathan ó chur chun cinn na meabhairshláinte go seachadadh meabhrach speisialaithe le linn na tréimhse 2020-2030. Is iad seo a leanas na príomhthorthaí a shamhlaítear leis an mbeartas:

  • córas meabhairshláinte a chruthú a thugann aghaidh ar riachtanais an daonra trí dhíriú ar riachtanais an duine aonair;
  • forbairt agus seachadadh réimse gníomhaíochtaí comhtháite chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn sa phobal, go sonrach trí thosaíocht a thabhairt d’idirghabháil luath agus do chuimsiú sóisialta;
  • rannpháirtíocht mhéadaithe úsáideoirí seirbhíse, teaghlaigh, cúramóirí agus lucht tacaíochta i ndearadh seirbhísí meabhairshláinte;
  • soláthar feabhsaithe seirbhísí meabhairshláinte inrochtana, cuimsitheacha agus pobalbhunaithe; agus
  • cumas feabhsaithe seirbhísí cúraim phríomhúil freagairt do riachtanas meabhairshláinte, sa chaoi is nach dteastaíonn sainseirbhísí meabhairshláinte.

Is é an aidhm a bheidh ag Coiste Stiúrtha NIMC athchumrú a chur chun cinn, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcoinne torthaí agus na gealltanais atá leagtha amach sa Bheartas a chomhlíonadh. Oibreoidh an Coiste Stiúrtha le comhpháirtithe chun feidhmíocht a mheas, dul chun cinn foriomlán a sheiceáil agus faisnéis a bhailiú ar shamplaí de dhea-chleachtas arna treorú ag taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is é cuspóir Phainéal Grúpa Speisialtóirí NIMC ionchur speisialtóra a sholáthar ag pointí éagsúla i gcur i bhfeidhm an Bheartais, lena n-áirítear a bheith ina bhall de shainghrúpaí téamaí ar leith, mar a shamhlaítear sa Bheartas.

Ballraíocht Choiste Stiúrtha NIMC

John Saunders Uasal (Cathaoirleach)

Fiona Coyle Uasal, Saineolaí Abhcóideachta

Aisling Culhane Uasal, Altra Síciatrach

Kerry Cuskelly Uasal, Oibrí Sóisialta

Maurice Dillon, Teiripeoir Saothair

An Dr Joseph Duffy, Síceolaí agus Ceannaire Seirbhísí Meabhairshláinte Óige

An Dr Daniel Flynn, Síceolaí

An Dr Siobhan MacHale, Síciatraí

Dave Maguire Uasal, Ceannaire na Roinne Sláinte

John Meehan Uasal, FSS

An Dr Amir Niazi, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta FSS

An Dr Brian Osborne, Dochtúir Teaghlaigh

Caroline Pigott Uasal, Ceannaire Sláintecare na Roinne Sláinte

Ian Power Uasal, Saineolaí Meabhairshláinte Óige

Jim Ryan Uasal, FSS

Michael Ryan Uasal, Rannpháirtíocht Mheabhairshláinte FSS

An Dr Anne Marie Waldron, Síciatraí (CAMHS)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat