English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Sláinte an infheistíocht is mó i Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialta i stair an stáit

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2022
  • An infheistíocht €23.4 billiún ba mhó – an leithdháileadh sláinte ba mhó i stair an stáit
  • Leanfar le ciste foriomlán €443m (cistiú breise aonuaire €225m don bhliain 2023) le liostaí feithimh a laghdú agus teacht ar chúram a éascú
  • Leapacha nua cúraim chriticiúil in Ospidéil Ollscoile Chorcaí agus Shligigh agus leapacha nua géarchúraim in Ospidéal an Mater
  • Leanfaidh €80 sa mhí a bheith i gceist leis an tairseach don Scéim Íocaíochta Drugaí
  • Ullmhacht oibríochtúil don Ospidéal Náisiúnta Máithreachais nua ag Páirc na Leamhán, Baile Átha Cliath
  • Leanúint de Straitéisí agus Seirbhísí Náisiúnta a thabhairt isteach

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, an tAire Stáit le Freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Breacaosta, Mary Butler, TD, an tAire Stáit le Freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, TD, an infheistíocht aonair is mó i Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialta na hÉireann riamh anall i mBuiséad 2023.

Déantar an infheistíocht €23.4 billiún seo tar éis go ndearnadh an infheistíocht ba mhó riamh sa tseirbhís sláinte in 2021 agus 2022. Chinntigh na hinfheistíochtaí seo go leantar le Sláintecare a chur i bhfeidhm trí réimse bearta toillte agus athchóirithe a sholáthar a chinntíonn go leantar le cáilíocht seirbhísí a fheabhsú, go leantar de dhíriú ar shábháilteacht othar agus go bhfeabhsaítear rochtain agus inacmhainneacht chúraim sláinte leis na torthaí is fearr d’othair a sholáthar.

Dúirt an tAire Donnelly: >“Seo an tríú buiséad sláinte i ndiaidh a chéile a mhéadóidh infheistíocht inár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta. Rinneamar thart ar 2,000 leaba ghéarchúraim chriticiúil agus phobail a sholáthar go dtí seo, agus cuirfear 400 leaba sa bhreis ar fáil roimh dheireadh 2022. Soláthrófar thart ar 250 leaba sa bhreis in 2023.

“Leanann ár lucht saothair sláinte ag dul i méid ar luas an-tapa agus meastar go mbainfidh an lucht saothair 137,000 duine amach faoi dheireadh na bliana seo. Cuirfear borradh breise a mhéid le 6,000 Coibhéis Lánaimseartha (CLA) in 2023 ar an gcistiú faoi Bhuiséad 2023 agus leanfaidh seo infheistíocht mhór an Rialtais seo i gcóras cúraim sláinte na hÉireann.

“Leanfaidh an infheistíocht seo freisin le Straitéisí agus Seirbhísí Náisiúnta a thabhairt isteach, sna limistéir seo a leanas: ailse, máithreachas, cúram criticiúil, néaltrú, tráma, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, cairdiach, gínéiceolaíocht agus sláinte bhéil anuas ar Phlean Gnímh Sláinte na mBan.”

Dúirt an tAire Butler: >“Leantar ag díriú i mBuiséad 2023 ar ghrúpaí leochaileacha agus tacaíochtaí breise a chur san áireamh do sheirbhísí meabhairshláinte don Lucht Siúil agus chun seirbhísí Piarthacaíochta agus Téarnaimh a fhairsingiú agus níos mó seirbhísí meabhairshláinte digiteacha a thabhairt isteach. Fuair mé €14 mhilliún d’Fhorbairtí Meabhairshláinte nua, Meabhairshláinte an Lucht Siúil; Teiripe Chognaíochta agus Iompraíochta (CBT); Seirbhísí Réitigh Géarchéime; agus seirbhísí feabhsaithe i limistéir an téarnaimh, na dtacaíochtaí fostaíochta agus tionóntachta dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu.

“Fuair mé €4 mhilliún chun beartas nua náisiúnta cosanta a thabhairt isteach don earnáil sláinte agus chúraim shóisialta, agus tacófar le hoibríochtaí cosanta FSS tríd an oideachas, oiliúint agus taighde.”

Dúirt an tAire Feighan: >“Tá gliondar croí orm cistiú de bhreis ar €20 milliún don tSláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí i mBuiséad 2023 a fhógairt. Áirítear leis seo tacaíochtaí breise a chur ar fáil ó chiste aonuaire chun eagraíochtaí a chistiú chun cabhrú i gcomhthéacs na ndúshlán suntasach atá rompu faoi láthair.

“Tacóidh an cistiú le croíthionscnaimh Éire Shláintiúil, cosúil le clár Pobail Shláintiúla Sláintecare a sholáthraíonn tionscadail tacaíochta pobail maidir le tuistiú, cothú, Tairbhe a Bhaint as Gach Teagmháil, agus SCOR den tobac. Fuair mé €3 mhilliún freisin chun teacht ar sheirbhísí cúraim sláinte don Lucht Siúil, daoine atá gan dídean agus dídeanaithe a mhéadú agus a fheabhsú.

“Faoin Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, fuair mé tacaíochtaí breise ar fiú €3.5 milliún iad freisin d’eagraíochtaí pobail agus deonacha a sholáthraíonn seirbhísí drugaí, alcóil agus ionchuimsithe agus €4 mhilliún le seirbhísí pobail agus cónaithe a fhairsingiú.”

Dúirt an tAire Rabbitte:

“Fuair mé €109 milliún i mBuiséad 2023 chun tacú le Leibhéil Reatha Seirbhíse (LRS). Cinntíonn an infheistíocht seo go leantar le croísheirbhísí bunriachtanacha a sholáthar, cúram cónaithe agus éigeandála cónaithe san áireamh, faoiseamh, anuas ar aistriú daoine níos óige ó thithe altranais go láithreacha cónaithe níos oiriúnaí a a éascú. Beidh suim iomlán €29.3 milliún i gceist leis an infheistíocht i bhforbairtí nua.

"Tá lúcháir orm freisin infheistíocht €11.7 milliún de chistiú aonuaire a fhógairt chun dul i ngleic le riaráistí i seirbhísí Míchumais maidir le Measúnuithe ar Riachtanais.

Tá cistiú €69.2 milliún á leithdháileadh ar Shláinte Bhan ar fud Bhuiséad 2023. Cisteoidh an infheistíocht seo réimse beart i measc roinnt limistéar, an méid seo a leanas ina measc:

  • Beagnach €1 milliún chun Moil Sláinte na mBan a chistiú
  • €3.8 milliún do sheirbhísí scagthástála, BreastCheck, CervicalCheck agus an tSaotharlann Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs ina measc
  • €11.5 milliún don Straitéis Náisiúnta Gínéiceolaíochta
  • I measc na dtionscnamh eile, tá Bitheitic, ullmhacht oibríochtúil an Ospidéil Náisiúnta Mháithreachais, an CBL ar Acmhainní Daonna a laghdú agus bearta chun dul i ngleic le bochtaineacht tréimhse