Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Donnelly Faomhadh Comh-Aireachta chun Reachtaíocht Faisnéise Sláinte Nua a Fhorbairt

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá faomhadh na Comh-Aireachta faighte ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD chun Scéim Ghinearálta Bhille Faisnéise Sláinte a fhorbairt.

Cabhróidh an Bille molta lena chinntiú go bhfuil córas náisiúnta faisnéise sláinte atá oiriúnach don fheidhm ag Éirinn a fheabhsaíonn cúram agus cóireáil othar agus a thacaíonn le pleanáil agus seachadadh seirbhísí sláinte níos fearr.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Mar a léirigh an phaindéim arís agus arís eile, tá ár ngairmithe sláinte ar na cinn is fearr agus is tiomanta ar domhan. Tá an fhaisnéis cheart tuillte acu féin, agus ag na hothair a dtugann siad cóireáil dóibh, san áit cheart ag an am ceart agus ba mhaith linn ár bhfoireann sláinte túslíne a chumasú faisnéis a roinnt le haghaidh cúram othar. Sin ceann de chroí-aidhmeanna Cúram Sláinte agus an fáth ar thug mé an moladh tábhachtach seo faoi bhráid na Comh-aireachta.

“Is píosa riachtanach reachtaíochta é seo a léiríonn tiomantas an Rialtais do thógáil seirbhísí sláinte comhtháite othar-lárnach. Tá a fhios ag gach duine a úsáideann ár seirbhísí sláinte agus ag na daoine a oibríonn iontu cheana féin go gcaithfidh an t-eolas an t-othar a leanúint. Soláthróidh an Bille seo an reachtaíocht riachtanach chun a chinntiú go dtarlaíonn sé ar bhealach a chothaíonn muinín an phobail as an gcaoi a láimhseálann soláthraithe seirbhíse sláinte faisnéis sláinte, ní hamháin maidir le cúram agus cóireáil, ach chun spriocanna seirbhíse sláinte eile a bhaint amach – sa deireadh thiar thall, seirbhís sláinte níos fearr a sheachadadh. dóibh siúd a bhfuil gá acu leis.”

Chun leanúint ar aghaidh ag cur le muinín an phobail i láimhseáil na faisnéise sláinte, déanfar foráil sa Bhille do Chaomhnóir Faisnéise Sláinte Náisiúnta a cheapadh a bheidh ina churadh neamhspleách do dhaoine aonair agus don phobal maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gcóras sláinte a gcuid faisnéise sláinte a úsáid. Chinntigh an tAire Donnelly freisin go bhfuil forálacha sa togra chun cearta daoine aonair i ndáil lena bhfaisnéis sláinte a neartú, go háirithe i réimsí áirithe.

Tacóidh an togra freisin le Lárionad Náisiúnta Faisnéise Sláinte a thabhairt isteach a mbeidh feidhmeanna agus rialacha rialachais sonraithe aige i ndáil le faisnéis sláinte a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha sláinte an daonra agus taighde agus nuálaíocht as a dtiocfaidh torthaí níos fearr d’othair.

Dúirt an tAire Donnelly freisin:

“Beidh mo Roinn ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin go luath le páirtithe leasmhara chun eolas a thabhairt d’fhorbairt na Scéime Ginearálta.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat