Faomhann an Rialtas Tograí a bhaineann le Polasaí ar an Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta agus ar Shocruithe chun Aitheantas a thabhairt do Mháthairionadaíocht a Tharla roimhe seo
- Foilsithe: 13 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu thug an Rialtas faomhadh don Aire Sláinte, Stephen Donnelly, chomh maith leis an Aire Dlí agus Cirt, Heather Humphreys agus an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta Agus Óige, Roderic O’Gorman, i leith tograí polasaí agus reachtaíochta a bhainean leis an máthairionadaíocht idirnáisiúnta agus le socruithe áirithe chun aitheantas a thabhairt do mháthairionadaíocht a tharla roimhe seo.
Tá sé i gceist nuair a dhréachtófar na forálacha reachtaíochta nua maidir leis an máthairionadaíocht idirnáisiúnta agus le socruithe don mháthairionadaíocht a tharla roimhe seo – agus beidh sé riachtanach tuilleadh faofa ina leith a fháil ón Rialtas – go gcuirfear isteach iad sa Bhille Sláinte 2022 (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) ag Céim an Choiste.
Thóg an rialtas an cinneadh seo inniu tar éis do na hAirí Donnelly, O’Gorman agus McEntee Grúpa Idir-rannach a bhunú chun leasuithe reachtaíochta a fhorbairt, tar éis don Chomhchoiste Oireachtais ar an Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta turairisc a thabhairt sa samhradh.
Mar bhonn agus mar thaca ag tograí an Rialtais tá na bunphrionsabail a chosnaíonn cearta gach linbh a shaolaítear mar thoradh ar shocruithe máthairionadaíochta agus a chosnaíonn leas na máithreacha ionaid.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tríd na dréacht-tograí reachtaíochta imlíneacha atá faofa ag an Rialtas inniu, d’fhéadfadh sé go mbeidh na céadta teaghlach Éireannach ábalta aitheantas foirmiúil a fháil ón Stát maidir leis na socruithe máthairionadaíochta atá á nglacadh acu as láimh, nó a bheidh á nglacadh acu, i ndlínsí eile.
"Tá iarracht déanta againn, chomh fada agus is féidir agus atá cuí, tograí an Chomhchoiste Oireachtais Speisialta ar an Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus tá glactha againn le formhór na moltaí a rinne an Coiste.”
Dúirt an tAire Humphreys:
“Comhlíonfaidh tograí an Rialtais maidir leis an máthairionadaíocht idirnáisiúnta agus le socruithe máthairionadaíochta a rinneadh roimhe seo, na spriocanna agus na moltaí atá i dtuairisc an Chomhchoiste Oireachtais, agus cosnóidh siad cearta agus leas páistí agus máithreacha ionaid. Ba mhaith liom ár gcomhghleacaí, an tAire McEntee, a mholadh as an ndlúthbhaint a bhí aici na tograí seo a fhorbairt atá faofa ag an Rialtas inniu.”
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Fáiltim roimh an faomhadh atá tugtha ag an Rialtas don chur chuige atá molta maidir leis an máthairionadaíocht idirnáisiúnta. Cinntíonn na tograí go gcosnófar cearta agus leas páistí, na máithreacha ionaid agus na ndaoine ar mian leo bheith ina dtuismitheoirí. Cuireann siad cinnteacht ar fáil freisin, a bhfuil gearghá léi, do mhórán teaghlach in Éirinn ar saolaíodh a bpáistí tríd an máthairionadaíocht.”
Agus na tograí polasaí agus reachtaíochta á bhforbairt, cuireadh san áireamh go mbeadh ailíniú agus comhsheasmhacht leis na forálacha a bhaineann leis an máthairionadaíocht intíre laistigh den Bhille um Atáirgeadh Cuidithe 2022, chomh maith le cosaintí agus nósanna imeachta breise a sholáthar, mar aitheantas ar cé chomh casta is atá an mháthairionadaíocht idirnáisiúnta ó thaobh an dlí agus na heitice de, agus ó thaobh an pholasaí agus nósanna imeachta de.
D’aithin na hAirí Donnelly, Humphreys agus O’Gorman an tábhacht a bhaineann le Tuarascáil Dheiridh an Chomhchoiste ar an Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta mar aon leis an treoir shárluachmhar a fuarthas ó Oifig an Ard-Aighne.
Moltar na nithe a leanas sa chur chuige ata faofa ag an Rialtas:
- Tabharfar próiseas dhá chéim isteach ina cheadófar aitheantas a thabhairt don tuismithíocht i socruithe máthairionadaíochta amach anseo. Tabharfaidh an tÚdarás um Atáirgeadh Daonna Cuidithe, faomhadh réamhghiniúna agus faomhadh le haghaidh próisis cúirte iarbhreithe, chun Ordú Máthairionadaíochta a dheonú.
- Lena chois sin, beidh ar dhaoine ar mian leo socruithe máthairionadaíochta idirnáisiúnta a ghlacadh orthu féin, na critéir dhlí a chomhlíonadh sa dhlínse ina bhfuil sé i gceist go dtarlóidh an mháthairionadaíocht agus chomh maith leis sin beidh orthu na critéir a leagfar sios sa reachtaíocht Éireannach a chomhlíonadh. Comhfhreagróidh na critéir seo, den chuid is mó, leis na coinníollacha atá ann i gcás comhaontaithe máthairionadaíochta intíre;
- De réir na Tuarascála Deiridh de chuid an Chomhchoiste ar an Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta agus na bhforálacha máthairionadaíochta sa Bhille um Atáirgeadh Cuidithe, ní féidir níos mó a íoc le máithreacha ionaid ná na speansais réasúnta a thabhaítear agus a bhfuil admhálacha ag gabháil leo;
- Tabharfar isteach próiseas ina cheadófar aitheantas a thabhairt don tuismithíocht nuair a bhaineann sí le socruithe mathairionadaíochta – intíre agus idirnáisiúnta araon – a tharla sular cuireadh tús leis an mBille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe, fad is a chomhlíonfar roinnt critéir tábhachtach. Áireofar go háirithe sna critéir seo, nach raibh an mhathairionadaíocht neamhdhleathach ag an am sa dhlínse a bhaineann le hábhar, gur máthairionadaíocht le linn toirchis amháin atá i gceist (ní hí an mháthair ionaid a chuir an ubh ar fáil), agus go bhfuil cead tugtha ag an máthair ionaid go ndeonófar Ordú Tuismitheoireachta i leith na Máthairionadaíochta.
- Airítear sa phróiseas cosaintí le haghaidh cearta agus leas gach páirtí i socrú máthairionadaíochta: an leanbh (a chearta aitheantais san áireamh), an mháthair ionaid agus na daoine ar mian leo bheith ina dtuismitheoirí.
Is cuid fíorthábhachtach de na bearta reachtaíochta atá molta maidir leis an tuismithíocht a aistriú agus a shannadh i gcás socruithe a rinneadh roimhe seo, ná go gcuirfear deireadh, tríd an bpróiseas, le haon chaidreamh dlí a bhi ann roimhe sin atá cosanta go bunreachtúil idir an máthair ionaid agus an leanbh a shaolaigh sí.
NÓTAÍ
Ritheadh an Bille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) 2022 tríd an Dara Céim sa Dáil i Márta 2022 agus cuireadh ar aghaidh é go dtí an Roghchoiste Sláinte don Tríú Céim.
Cuimsítear sa reachtaíocht seo go rialófar, den chéad uair sa tír seo, réimse mór de chleachtaí a bhaineann leis an atáirgeadh daonna cuidithe, lena n-áirítear an mháthairionadaíocht altúíoch sa tír seo.
Sa Bhille Atáirgeadh Daonna Cuidithe, ní áirítear forálacha a rialódh socruithe máthairionadaíochta a tharlaíonn i ndlínsí eile.
Following the publication of the Final Report of the Special Oireachtas Joint Committee on International Surrogacy (JCIS) in July 2022, an Inter-Departmental Group (IDG) – with representation from the Department of Health, the Department of Justice and the Department of Children, Equality, Disability, Integration & Youth – was established to review the Report’s recommendations, with the aim of developing policy and legislative proposals.
Mar threoir don fhorbairt a rinneadh ar na tograí polasaí agus reachtaíochta úsáideadh na bunphrionsabail a leanas:
- gach gné de chearta, de leasanna agus de leas leanaí a chosaint, leanaí a bhfuil cearta neamhspleácha acu, a rugadh mar thoradh ar an máthairionadaíocht idirnáisiúnta, agus cuirtear béim faoi leith ar—
- Cinnte a dhéanamh de go gcaomhnaítear faisnéis maidir le haitheantas, lena n-áirítear fáisnéis a bhaineann lena mbunús géiniteach, sóisialta agus le linn toirchis, agus
- cinnte a dhéanamh de go bhfuil cosaintí i bhfeidhm maidir le leanaí a dhíol, a gháinneáil agus a dhúshaothrú;
- cearta leasanna agus leas máithreacha ionaid a chosaint. Ba chóir go mbeidh ar a gcumas cinntí neamhspleácha agus eolacha a dhéanamh faoi shocruithe idirnáisiúnta máthairionadaíochta nach bhfuil aon dúshaothrú ná comhéigean ag baint leo;
- cearta, leasanna agus oibleagáidí a chosaint do dhaoine ar mian leo bheith ina dtuismitheoirí agus a bhfuil leanaí acu cheana féin, a rugadh mar thoradh ar shocruithe idirnáisiúnta máthairionadaíochta.
- cearta, leasanna agus oibleagáidí a chosaint do dhaoine ar mian leo bheith ina dtuismitheoirí i socruithe idirnáisiúnta máthairionadaíochta.amach anseo; agus
- cloí leis na Prionsabail Verona – “Prionsabail um chearta leanaí a saolaíodh tríd an máthairionadaíocht a chosaint”.