Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosúla an liosta feithimh - Dé Céadaoin Dé hAoine 11 Lúnasa 2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Lúnasa 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Léiríonn figiúirí liostaí feithimh ospidéil a d'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu go bhfuil gníomhaíocht spriocdhírithe faoin bPlean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh ag dul chun cinn ar an sprioc ag deireadh mhí Iúil.

Tá 491,324 duine againn anois ar na Liostaí Feithimh Gníomhacha (othair chónaithigh / cás lae, Scóipe Ionscópacht ghastraistéigeacha agus othair sheachtracha) ag fanacht níos faide ná uas-amanna feithimh Sláintecare.

Ag deireadh mhí Iúil 2023:

  • Tá 50,105 duine ag dul thar an sprioc 12 seachtaine d’othair chónaithe/chás lae (OCCL), ar laghdú 4% é sin i gcomparáid le deireadh mhí an Mheithimh.
  • Tá 10,093 duine ag dul thar an sproic Ionscópacht ghastraistéigeach de 12 seachtain, ar laghdú 5% é sin i gcomparáid le deireadh mhí an Mheithimh.
  • Tá 431,126 duine ag sárú na sprice 10 seachtaine d’othair sheachtracha (ROS), ar laghdú 1% é sin i gcomparáid le deireadh mhí an Mheithimh.

Fad is a bhí dul chun cinn maidir leis na spriocanna d'Othair Chónaithigh/Cás Lae agus Scóipe Ionscópacht ghastraistéigeacha, ciallaíonn an méadú i líon na n-othar seachtrach go raibh méadú beag ar an bfigiúir iomlán i gcomparáid le deireadh mhí an Mheithimh 2023. I gcomparáid le mí an Mheithimh 2022, tá laghdú c. 10% (ó 544,000 go 491,000) agus dul chun cinn fós de c.22% (ó 627,000 go 491,000) nuair a dhéantar comparáid le huimhreacha Buaic-Phaindéime (ROS: Feabhra 2021, OCCL & Scóipe IG: Meitheamh 2020) in othair ag sárú spriocanna Sláintecare.

Léiríonn na figiúirí sin gur, i gcoiteann le seirbhísí sláinte ar fud na hEorpa, tá breisithe i bhfad níos airde le sonrú ar liostaí feithimh ná mar a bhí tuartha. Cuireann an FSS breisithe ar liostaí feithimh níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis de bharr roinnt fachtóirí, lena n-áirítear éileamh iar-phaindéimeach iompaithe.

Bhí líon iomlán na n-othar a fuair cóir leighis/a baineadh de liostaí feithimh ROS, OCCL agus scóip Ionscópacht ghastraistéigeach le linn na chéad sé mhí de 2023 c.31,000 (c.4%) níos airde ná an sprioc, agus b’ionann breisithe ar liostaí feithimh sa tréimhse chéanna agus c.59,000 (c.8%) níos airde ná mar a bhí tuartha. Tá breisithe ar liostaí feithimh freisin c.92,000k (c.12%) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2022, agus c.138,900 (c.20%) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2019 (a bhí réamh-phaindéime).

Tá an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí arna fhoilsiú go míosúil ag FSS ar fáil ar líne anois. Tugann sé seo léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á fheiceáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin.

Tá an seirbhís sláinte ag tabhairt cóir leighis do i bfad níos mó othair. Ó na sonraí is déanaí atá ar fáil le 12 mí anuas, bhí 3.5 milliún othar seachtrach agus 1.8 milliún othar cónaitheach / cás lae. Chomh maith leis an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, chuir ár gcóras ospidéil cóireáil ar 1.7 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), is ionann sin agus méadú 11% ar leibhéil 2019 (réamh-phaindéime) agus léiríonn sé an brú leanúnach ar ospidéil agus freastail méadaithe ar Rannóg Éigeandála (RÉ), go háirithe i measc daoine scothaosta.

Bhí tionchar ag na brúanna seo ar chuid mhaith d'ospidéil na tíre sa chéad leath den bhliain, agus dá dheasca tá roinnt liosta feithimh tar éis méadú go sealadach. Mar sin féin, tá go leor samplaí ann d’ospidéil aonair le feabhsuithe suntasacha ar amanna feithimh in ainneoin na ndúshlán sin.

Mar shampla, le bliain anuas, laghdaigh Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, líon na n-othar atá ag fanacht le breis agus 18 mí ar choinne ROS faoi 87% ó 14,644 go 1,941, laghdaigh Ospidéal Mhuire, An Uaimh, líon na n-othar atá ag feitheamh le níos mó ná 18 mí ar choinne ROS faoi 70% ó 2,129 go 629, agus laghdaigh Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo líon na n-othar atá ag feitheamh ar ghnáthaimh OCCL faoi 47% ó 1,281 go 674.


Nótaí

Mhol tuarascáil Sláintecare Thithe an Oireachtais 2017 uasmhéid am feithimh nach mó ná 12 seachtain le haghaidh gnáthamh othair chónaithigh / cás lae (OCCL) nó scóip Ionscópacht ghastraistéigeach agus suas le 10 seachtain le haghaidh othar seachtrach nua (ROS).

Leanann foilsiú an liosta feithimh agus na bhfigiúirí gníomhaíochta ag an CNCC agus FSS, seoladh an Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2023 an 7 Márta ag an tAire Sláinte. Leanann Plean 2023 leis an gcur chuige ilbhliantúil chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh ar cuireadh tús leis i R4 2021 agus sonraítear 30 gníomh atá dírithe ar acmhainn a sheachadadh, cúram sceidealaithe a athchóiriú, agus athchóiriú cúraim sceidealaithe a chumasú. Tabharfaidh Plean 2023 maoiniú don FSS agus an CNCC chun liostaí feithimh a laghdú faoi 10% i mbliana chomh maith le leanúint ag laghdú amanna feithimh go suntasach i dtreo na spriocanna molta Sláintecare.

Samplaí de dhul chun cinn

Dáta: 03/08/2023

ULHG

  • Tá laghdú 87% tagtha ar líon na n-othar atá ag fanacht le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 14,644 go 1,941, ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach.
  • Laghdaigh Ospidéal Inis líon na n-othar atá ag fanacht ar ionscópacht ar an drólann nó ar choinne ROS faoi 27% le bliain anuas, ó 679 go 489.

SAOLTA

  • Tá laghdú 74% tagtha ar líon na n-othar atá ag fanacht le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 1,869 go 480, ag Ospidéal na hOllscoile, Ros Comáin.
  • Tá laghdú 47% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar ghnáthaimh OCCL le bliain anuas, ó 1,281 go 674, ag Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo.
  • Tá laghdú 100% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 12 mhí le haghaidh coinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD le bliain anuas, ó 153 go 0, in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo.

CHI

  • Tá laghdú 51% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 3,468 go 1,698, ag CHI ar Shráid an Teampaill.

SSWHG

  • Laghdaigh Ospidéal Ginearálta, Mala, líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ROS le breis agus 18 mí faoi 59% le bliain anuas, ó 342 go 141.
  • Laghdaigh Ospidéal na hOllscoile Chorcaí líon na n-othar atá ag fanacht le ar ghnáthaimh OCCL faoi 6% le bliain anuas, ó 1,672 go 1,569.
  • Tá laghdú 33% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le haghaidh coinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD le bliain anuas, ó 687 go 456, in Ospidéal na hOllscoile Chorcaí.

IEHG

  • Laghdaigh Ospidéal Mhuire, An Uaimh, líon na n-othar atá ag fanacht níos mó ná 18 mí ar choinne ROS faoi 70% le bliain anuas, ó 2,129 go 629.
  • Laghdaigh Ospidéal Cholm Cille líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 15% le bliain anuas, ó 638 go 536.
  • Laghdaigh Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD faoi 43% le bliain anuas, ó 1,442 go 814.

RCSI

  • Tá laghdú 55% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 214 go 96, ag Ospidéal Mhaighdean Lourdes, Droichead Átha.
  • Laghdaigh Ospidéal Uí Chonghaile Baile Bhlainséir, líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 21% le bliain anuas, ó 1,199 go 936.

DMHG

  • Laghdaigh an tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór, líon na n-othar atá ag feitheamh ar choinne ROS faoi 12% le bliain anuas, ó 15,621 go 13,676.
  • Laghdaigh an tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL ar feadh breis agus 12 mí faoi 89% le bliain anuas, ó 254 go 29.
  • Laghdaigh Ospidéal Ginearálta an Náis líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD ar feadh breis agus 13 seachtaine faoi 54% le bliain anuas, ó 291 go 134