English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosiúla maidir le liostaí feithimh - Nollaig 2024

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Leis na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí na Nollag a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu, cuirtear i dtábhacht an dul chun cinn a rinneadh leis an gcur chuig sa phlean gníomhaíochta ilbhliantúil maidir le haghaidh a thabhairt ar agaí fada feithimh ar chúram. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealta agus seirbhísí cúraim neamhsceidealta.

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh i gcónaí maidir leis an aga ama a bhíonn ar othair fanacht. Tá beagnach 85% de na hothair ag fanacht níos lú ná bliain, agus i dtéarmaí na n-othar is faide atá ag fanacht, i gcomparáid leis an am céanna anuraidh tá laghdú c.12% ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh thar 12 mhí, i.e. agus laghdú comhfhreagrach de c.20% ar an líon atá ag feitheamh thar 18 mí.

Tá feabhas tagtha freisin ar na meán-agaí feithimh, agus laghdú 0.7 mí tagtha orthu, ó 7.2 go 6.5 mí i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Tá laghdú 0.7 mí tagtha ar OPD. Tá laghdú 0.4 mí tagtha ar IPDC agus 0.3 ar GI Scope .

Tá feabhsuithe maidir leis an aga ama atá othair ag feitheamh le feiceáil freisin sa dul chun cinn atá bainte amach i dtreo na spriocanna Cúram Sláinte. Ó bhí buaicphointe na paindéime ann, tá laghdú thart ar 30% tagtha ar an líon daoine atá ag fanacht níos faide ná spriocanna Sláintecare, arb ionann é agus níos mó ná 191,000 duine.

Chuir feabhsuithe leanúnacha ar liostaí feithimh i Rannóga na nOthar Seachtrach (OPD) le laghdú foriomlán ar liostaí iomlána feithimh na n-othar seachtrach don cheathrú mí as a chéile. Ag deireadh mhí na Nollag, bhí 673,962 duine ar liostaí feithimh iomlána na n-ospidéal.

Tá ár n-ospidéil ghéarmhíochaine ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 3.9 milliún duine ag freastal ar OPD, agus thart ar 1.9 milliún duine ag freastal ar IPDC le linn na tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2022, tá na figiúirí sin ina méaduithe de thart ar 13% ar ghníomhaíocht i Rannóga na nOthar Seachtrach (OPD) agus de thart ar 11% ar ghníomhaíocht maidir le hothair chónaitheacha agus othair cásanna lae (IDPC).

Anuas ar an gcúram pleanáilte seo, cuireadh cóireáil in ár gcuid ospidéal ar thart ar 1.8 milliún othar le linn na tréimhse céanna i gcúram éigeandála, ar méadú de thart ar 9% é ar an mbliain iomlán 2022 agus is léiriú é ar na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil.

Mar sin féin, cé go bhfuil feabhsuithe feicthe againn maidir le hagaí feithimh agus maidir leis an leibhéal gníomhaíochta atá á sheachadadh, is ann d'éileamh méadaithe mar thoradh ar ár ndaonra atá ag dul i méid agus ag dul in aois agus tá an líon othar ar na liostaí feithimh uile fós ní b'airde ná mar ba mhaith linn toisc an méadú atá tagtha ar líon na n-othar atá á gcur le liostaí feithimh, méadú nach bhfacthas riamh roimhe seo.

Cuireadh 1.814 milliún duine leis ár liostaí feithimh i gcomhar na n-ospidéal géarmhíochaine agus baineadh 1.812 milliún duine ó na liostaí sin in 2024. Cé gur olc linn an méadú ar an líon daoine atá ag feitheamh ar chúram, tá gné dhearfach ag baint leis an méadú ar líon na n-atreoraithe chuig ár seirbhísí ospidéil mar go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí atá de dhíth orthu, gur fearr an feasacht atá ag daoine maidir le seirbhísí , agus go ndearnadh na seirbhísí sin a leathnú.

Tá an Roinn ag dul i gcomhar le FSS agus leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun leanúint den chur chuige sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh (WLAP) in 2025, lena chinntiú gur féidir linn leanúint de bheith ag cur leis an dul chun cinn dearfach a rinneadh le blianta beaga anuas.


Nótaí

Leis an leibhéal maoinithe arna leithdháileadh ar liostaí feithimh do 2025, beidh muid in ann leanúint de bheith ag cur leis an dul chun cinn seo an bhliain seo chugainn. Tá maoiniú €420 milliún á leithdháileadh ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh don bhliain 2025, lena gcuimsítear €190 milliún d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála . Is ionann sin agus méadú beagnach 17% (€60 milliún) ar an maoiniú suntasach €360 milliún a leithdháileadh don Phlean Gníomhaíochta i mbliana.

Leis an maoiniú substaintiúil seo don bhliain 2025, leanfaidh an Roinn agus FSS de bheith ag bogadh i dtreo seirbhís cúraim sláinte phoiblí a bheith ann ina mbeidh rochtain thráthúil thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealta ar ardchaighdeán, cibé áit agus cibé uair a theastaíonn sé uathu.