Foilsíonn an tAire Feighan Athbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí agus Tosaíochtaí Straitéiseacha do 2021-2025
- Foilsithe: 17 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Frank Feighan TD, an tAire Stáit Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí inniu an t-athbhreithniú lártéarma ar an straitéis náisiúnta frithdhrugaí Dochar a Laghdú, Ag Tacú le hAisghabháil. D’fhógair sé freisin na sé thosaíocht straitéiseacha do na ceithre bliana atá fágtha den straitéis, 2021-2025.
Dúirt an tAire Feighan:
“Taispeánann an t-athbhreithniú lár téarma ar an straitéis dul chun cinn suntasach maidir le cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta don tréimhse 2017 go 2020, agus níl ach líon beag de na 50 gníomh fós gan cur i bhfeidhm. Tá rochtain agus infhaighteacht seirbhísí frithdhrugaí feabhsaithe againn, go háirithe seirbhísí do mhná, do dhaoine atá gan dídean agus dóibh siúd a bhfuil andúil hearóin acu. Tá clár cliniciúil nua ann le haghaidh dé-dhiagnóis agus tá an Rialtas ag cur chun cinn cur chuige malartach faoi stiúir sláinte maidir le seilbh drugaí haghaidh úsáide pearsanta."
Dúirt an tAire:
“D’fhéach an t-athbhreithniú lár téarma freisin ar éifeachtacht chaiteachas an rialtais ar an straitéis náisiúnta frithdhrugaí, bunaithe ar phríomhtháscairí. Déanann sé meastachán ar na costais shuntasacha don tsochaí a bhaineann le húsáid drugaí don chóras ceartais choiriúil agus don gheilleagar."
Dúirt an tAire Feighan:
“Tá sé thosaíocht straitéiseacha á bhfógairt agam do na blianta atá fágtha den straitéis go dtí 2025. Neartóidh siad seo an cur chuige sláinte-bhunaithe i leith úsáid drugaí, mar a aontaíodh sa Chlár Rialtais, agus ailíneoidh siad le Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Frithdhrugaí an AE. Is é an chéad tosaíocht cosc a chur ar úsáid drugaí agus na díobhálacha a ghabhann leis i measc leanaí agus daoine óga. An dara tosaíocht is ea rochtain agus seachadadh seirbhísí drugaí agus alcóil sa phobal a fheabhsú, ar aon dul leis an tsamhail sláinte daonra Sláintecare 'cúram ceart, áit cheart, am ceart'.
“Tosaíocht eile is ea aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta agus iarmhairtí úsáid drugaí agus coiriúlachta i bpobail faoi mhíbhuntáiste. Éilíonn sé seo rannpháirtíocht agus comhoibriú raon ranna agus gníomhaireachtaí rialtais chun dul i ngleic le bunchúiseanna úsáid drugaí agus alcóil. Níl sé inghlactha go gcuireann an foréigean agus an imeaglú a bhaineann le grúpaí coiriúla isteach ar shaol na dteaghlach agus na bpobal."
Chuir an tAire béim ar thábhacht an chomhair idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí.
“Táim ag obair le ballstáit chun straitéis nua frithdhrugaí agus plean gníomhaíochta 2021-2025 an AE a chur i bhfeidhm. Táim ag plé freisin le ball-riaracháin Chomhairle na Breataine-na hÉireann chun comhar agus foghlaim chomhroinnte ar dhúshláin chomhchoiteanna a neartú. Táim ag moladh comhghníomhaíocht an AE go háirithe chun na díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú chun daoine a úsáideann drugaí a chosaint agus chun tacú leo, d’fhonn básanna a bhaineann le drugaí a laghdú agus a chosc. Ba mhaith liom freisin dea-chleachtais idirnáisiúnta a roinnt maidir le smachtbhannaí comhéigneacha a sholáthar ar chionta a bhaineann le drugaí, amhail an clár atreorú sláinte."
Tá athbhreithniú déanta ag an Aire ar na struchtúir mhaoirseachta chun cur i bhfeidhm na dtosaíochtaí straitéiseacha do 2021-2025 a chur chun cinn.
“Creidim go neartóidh na struchtúir nua an cur chuige comhpháirtíochta agus go dtabharfaidh siad guth níos láidre don tsochaí shibhialta agus beartas náisiúnta á fhorbairt. Tá ceannaireacht neamhspleách á sholáthar agam freisin chun cuntasacht na bpáirtithe leasmhara uile a chinntiú agus úsáideoirí seirbhíse a thabhairt isteach chun léargas a thabhairt ar eispéireas beo andúil drugaí agus alcóil."
Tá 50 gníomh sa phlean gníomhaíochta straitéiseach a chlúdaíonn na ceithre thréimhse tosaigh (2017-2020) deDochar a Laghdú, Ag Tacú le hAisghabháil. Foráiltear leis an straitéis d’athbhreithniú lár téarmalena chinntiú go leanfaidh na haidhmeanna agus an treo a bheith oiriúnach.
Tá an measúnú ar chaiteachas agus ar fheidhmíocht faoin straitéis, a rinne Seirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Bíonn torthaí an tsuirbhé náisiúnta drugaí agus alcóil do 2019-2020 agus torthaí measúnaithe tapa ar thionchar Covid-19 ar sheirbhísí drugaí agus alcóil bunaithe ar an athbhreithniú lár téarma.
Is iad na sé thosaíocht straitéiseacha don straitéis náisiúnta frithdhrugaí do 2021-2025:
- cosc a chur ar úsáid drugaí agus alcóil i measc leanaí agus daoine óga;
- feabhas a chur ar rochtain agus seachadadh seirbhísí drugaí agus alcóil sa phobal,
- freagairtí laghdaithe díobhála agus bealaí cúraim comhtháite a fhorbairt d’úsáideoirí drugaí ardriosca,
- aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta agus iarmhairtí úsáid drugaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste:
- roghanna eile seachas smachtbhannaí comhéigneacha i leith cionta a bhaineann le drugaí a chur chun cinn: agus
- cleachtas, seirbhísí, beartais agus cur i bhfeidhm straitéise atá bunaithe ar fhianaise agus atá dírithe ar thorthaí a neartú.
Chun tacú le cur i bhfeidhm na dtosaíochtaí straitéiseacha, chuir an tAire Feighan maoiniú breise de €6m ar fáil do bhearta sláinte nua i mBuiséad 2022.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is í an chéad tosaíocht straitéiseach do 2021-2025 ná leanaí agus daoine óga a chosaint ar úsáid drugaí agus na díobhálacha a ghabhann leo Tá sé ailínithe le hAirteagal 33 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh:
Gach beart iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha, riaracháin, sóisialta agus oideachais, chun leanaí a chosaint ar úsáid aindleathach drugaí mídhleathacha agus substaintí síceatrópacha agus chun cosc a chur ar úsáid leanaí i dtáirgeadh aindleathach agus i ngáinneáil substaintí den sórt sin.
Cosnóidh an tosaíocht seo leanaí agus daoine óga ar fud suíomhanna éagsúla scoile, pobail agus teaghlaigh trí athléimneacht a mhéadú agus scileanna saoil agus roghanna beatha sláintiúla a neartú. Beidh sé bunaithe ar an gCuraclam Eorpach um Chosc agus ar na Caighdeáin Idirnáisiúnta ar Úsáid Drugaí a Chosc.
Is í an dara tosaíocht cúram pobail a fheabhsú do dhaoine a úsáideann drugaí trí sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a sholáthar ar leibhéal an phobail chun freastal ar riachtanais aitheanta sláinte. Tacófar leis seo trí phlean cúraim seirbhísí drugaí a fhorbairt a cheapfar ar bhonn na sé réigiún sláinte nua arna gcomhaontú ag an Rialtas in 2019. Díreofar go háirithe ar rochtain ar sheirbhísí do mhná, do dhaoine i gceantair thuaithe, do mhionlaigh eitneacha agus don phobal LGBTI + a chinntiú. Breithneoidh an tosaíocht seo samhlacha cúraim do dhaoine a úsáideann drugaí agus a bhfuil comhghalrachtaí orthu. Tabharfaidh sé aghaidh freisin ar an stiogma atá nasctha le húsáid drugaí agus andúil drugaí agus a thionchar ar rochtain agus ar sholáthar seirbhísí sláinte. Comhlíonann an tosaíocht seo sprioc 3.5 i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe: cosc agus cóireáil mí-úsáide substaintí a neartú, lena n-áirítear mí-úsáid drugaí mídhleathacha agus úsáid dhochrach alcóil.
Is í an tríú tosaíocht bealaí cúraim comhtháite agus freagairtí laghdaithe díobhála a fhorbairt d’úsáideoirí drugaí ardriosca d’fhonn torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach do dhaoine atá gan dídean, ciontóirí, úsáideoirí spreagthacha agus úsáideoirí drugaí a bhíonn ag tabhairt instealltaí dóibh féin. Tá riachtanais chasta sláinte agus cúraim shóisialta ag úsáideoirí drugaí ardriosca a fhágann go bhfuil siad i mbaol ó ródháileog drugaí agus bás roimh am. Teastaíonn bealaí cúraim comhtháite chun na torthaí is fearr a sholáthar don chohórt seo, a nascann suíomhanna cúraim idir Dochtúirí Teaghlaigh, soláthraithe cúraim phríomhúil/phobail, foirne speisialtóirí pobail agus speisialtóirí ospidéalbhunaithe. Is féidir freagairt Covid-19 Bhaile Átha Cliath a úsáid mar theimpléad do chúram comhtháite. Príomhtháscaire torthaí is ea an laghdú ar bhásanna ó dhrugaí. Is cuid den tosaíocht seo freagairtí laghdaithe díobhála sa gheilleagar oíche agus ag féilte a neartú, lena n-áirítear seiceáil i gcomhair drugaí.
Aithníonn an ceathrú tosaíocht na dúshláin bhreise a eascraíonn as úsáid drugaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear an Lucht Siúil. Tabharfaidh an tosaíocht seo aghaidh ar na cinntithigh shóisialta agus eacnamaíocha bhunúsacha a mhéadaíonn leitheadúlacht úsáid drugaí agus alcóil i bpobail áirithe. Rachaidh sé i ngleic freisin leis an gcoiriúlacht agus an iompar frithshóisialta a bhaineann le trádáil drugaí a chuireann ualach trom ar phobail bhochta. Éilíonn na saincheisteanna seo gníomh ar fud an rialtais chun forbairt pobail agus sábháilteacht pobail a chur chun cinn. Beidh sé mar phríomhchuspóir sineirge a chinntiú leis an gclár Pobail Sláintiúla Sláintecare chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime sláinte.
Is í an cúigiú tosaíocht an cur chuige sláinte-bhunaithe, seachas ceartas coiriúil, a threisiú i leith daoine a úsáideann drugaí agus a dhéanann coireanna a bhaineann le drugaí, mar robáil. Beidh an príomhfhócas ar rolladh amach chlár atreoraithe sláinte an Rialtais do dhaoine a bhfuil drugaí acu le haghaidh úsáide pearsanta, rud a ofrálfaidh trua agus ní pionós. Tacófar le tionscnaimh eile, mar na cúirteanna cóireála drugaí. Beidh béim ar leith ar mhalartú an chleachtais is fearr ar roghanna eile seachas smachtbhannaí comhéigneacha le ballstáit an AE.
Faoi dheireadh, is í an séú tosaíocht feidhmíocht na straitéise a neartú trí chleachtais, seirbhísí, beartais agus cur i bhfeidhm atá bunaithe ar fhianaise agus dírithe ar thorthaí a chur chun cinn. Beidh sé mar théama lárnach ceachtanna ón fhreagairt ar Covid-19 a fhoghlaim. Neartóidh an tosaíocht seo rannchuidiú na hÉireann leis an gcleachtas is fearr ar leibhéal an AE, i gcomhar leis an EMCDDA agus pointe fócasach náisiúnta HRB Reitox. Aithneoidh sí nuálaíocht seirbhíse freisin ón líonra tascfhórsaí drugaí agus alcóil, go háirithe faoi na tionscnaimh straitéiseacha trí bliana.