Foilsíonn an tAire Harris an chéad Phlean um Oiriúnú don Athrú Aeráide don earnáil sláinte
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, d’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an chéad Phlean um Oiriúnú don Athrú Aeráide don earnáil sláinte (2019 – 2024).
Ba í foireann a bhí comhdhéanta de dhochtúirí agus d’oifigigh ón Roinn Sláinte agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) araon a chuir an plean le chéile tar éis comhairliúchán poiblí. Sainaithnítear sa phlean na sé phríomhdháil aeráide a bhfuil na himpleachtaí is suntasaí acu don tsláinte. Baineann dhá cheann de na dálaí sin le héifeachtaí aeráide a thagann chun cinn go mall le himeacht ama (radaíocht ultraivialait agus aerthruailliú) agus baineann ceithre cinn le géar-eachtraí adhaimsire (stoirmeacha gaoithe, rótheas agus tonnta teasa, ardfhrasaíocht agus tuile, agus tréimhsí rófhuachta).
Tar éis fhoilsiú an phlean, dúirt an tAire Harris;
“Gan gníomhaíocht oiriúnaithe chinntitheach a dhéanamh, beidh iarmhairtí ollmhóra ag an athrú aeráide do shláinte agus folláine mhuintir na tíre, do sholáthar rianúil ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus dár mbonneagar riachtanach.
Rud ríthábhachtach, rachaidh éifeachtaí sláinte an athraithe aeráide i bhfeidhm go príomha ar ár saoránaigh is soghonta, lena n-áirítear daoine scothaosta, leanaí, daoine a bhfuil riochtaí atá ann cheana orthu, na boicht i limistéir uirbeacha, feirmeoirí agus daoine a chónaíonn i limistéir chósta.
Is léir gur in earnálacha eile a thionscnaítear cuid mhór den drochthionchar a imríonn an t-athrú aeráide ar an tsláinte agus beidh sé riachtanach dul i mbun comhar trasrialtais láidir leanúnach chun dul i ngleic go héifeachtach leis an drochthionchar sin.
D’fhógair an tAire go gcuirfí Grúpa Formhaoirseachta ar an Athrú Aeráide ar bun don earnáil sláinte. Beidh sé de dhualgas ar an ngrúpa formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an obair sin a bhrú chun cinn. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha san earnáil sláinte agus déanfaidh sé faireachán agus athbhreithniú ar an dul chun cinn, lena n-áirítear aon iarmhairtí neamhbheartaithe a thiocfaidh aníos.
Dúirt an tAire Harris freisin:
“Cuirfidh mé Grúpa Formhaoirseachta ar an Athrú Aeráide ar bun don earnáil sláinte, rud a bheidh faoi stiúir ag an Roinn Sláinte. Déanfaidh an grúpa nua sin formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart atá leagtha amach sa phlean agus glacfaidh sé cur chuige comhoibríoch cuimsitheach i leith dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide ar an tsláinte.”
CRÍOCH