English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Harris athbhreithniú beartais ar na hAonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis agus geallann sé €0.5 milliún sa bhreis chun cur chun feidhme na moltaí a chistiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 5 Meitheamh 2019

D’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, gníomhartha an athbhreithnithe beartais ar Sheirbhís Náisiúnta na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis inniu agus gheall sé €0.5 milliún sa bhreis chun iad a chistiú i mbliana.

Is é an aidhm atá leis na deich ngníomh ná an tseirbhís sláinte a sholáthraítear d’íospartaigh an ionsaithe ghnéasaigh a neartú agus cuirfear chun feidhme iad sa dá bhliain romhainn. Áirítear iad seo leis na gníomhartha:

  • Buiséad na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis a mhéadú faoi 25% agus é a imfhálú
  • Formhaoirseacht náisiúnta láidir a fhorbairt ar an réimse tábhachtach seo de sholáthar seirbhíse sláinte
  • Tacú le fórsa oibre níos inbhuanaithe Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis chun a chinntiú go dtabharfar cúram sármhaith d’othair shoghonta
  • Seirbhís na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis a mhéadú chun go bhfreastalófar ar riachtanais fhadtéarmacha mhothúchánacha agus shóisialta na n-othar agus ar a riachtanais láithreacha leighis agus fhóiréinseacha.

Ag foilsiú an Athbhreithnithe dó, dúirt an tAire:

“Tá an-bhród orm inniu gurb amhlaidh, mar thoradh ar Athbhreithniú Beartais luathaithe a raibh oifigigh na Roinne seo i gceannas air agus atá ar an gcéad cheann dá chineál a rinneadh riamh, go mbeimid ag tógáil céim mhór ar aghaidh i dtreo feabhas a chur ar an tseirbhís a sholáthraítear d’othair agus ar na tacaí a thugtar do na baill foirne a oibríonn sa réimse doiligh seo”.

Dúirt sé freisin:

“Is é aidhm an Athbhreithnithe a chinntiú go mbeidh freagairt chomhordaithe náisiúnta sláinte ann i leith ionsaithe gnéasacha. Tá áthas orm a fhógairt go dtabharfar cistiú €0.5 milliún sa bhreis do sheirbhís na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis sa bhliain 2019 chun go mbeifear in ann tús a chur lom láithreach leis an obair seo atá ag teastáil go géar.”

Cuirfear Foireann Cur Chun Feidhme Athbhreithnithe ar bun lom láithreach chun na gníomhartha a eascraíonn as an athbhreithniú a chur chun feidhme. Beidh sí comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Sláinte agus ó FSS. Tabharfaidh sí tuairisc don Aire Harris laistigh de shé mhí ar an dul chun cinn.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Níl sé furasta labhairt faoi na saincheisteanna seo. Níl sé furasta iad a athrú ach oiread agus is suntasach atá an comhar, an comhordú agus an comhoibriú a theastaíonn uainn. Ní mór dúinn a chinneadh ar dtús, áfach, gur fiúntach a bheidh gach beart a dhéanfaimid le chéile ar son tacaíocht níos fearr a thabhairt d’othair.....déanaimis é!”

Dúirt an Dr Maeve Eogan, Stiúrthóir Náisiúnta Leighis na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis:

“Cuid dhílis dár seirbhís agus cuid thábhachtach d’obair ár bhfoirne iad othair agus féachaimid i gcónaí lenár ndícheall a dhéanamh ar a son. Ní raibh sé furasta déanamh amhlaidh go dtí seo de bharr easpa foirne agus de bharr éilimh a bhíonn ag méadú.

Is é an toradh a bheidh ar na gníomhartha atá leagtha amach san athbhreithniú ná go gcuirfear ar ár gcumas a chinntiú go leanfaimid le seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar d’othair chomh gar don teach agus is féidir.”

Dúirt sí ina dhiaidh sin:

“Nílimid ag iarraidh go dteastódh ár seirbhís ó aon duine ach, má theastaíonn uathu í, is féidir leo a bheith deimhin de go bhfaighidh siad tacaíocht ó ghairmithe tiomnaithe, atruacha agus saineolaithe san Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis is gaire dóibh.”

Tugann na sé Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis cúram leighis agus síceolaíoch d’íospartaigh an ionsaithe ghnéasaigh 24 huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain fud fad na bliana. Oibríonn siad i ndlúthchomhar leis na hIonaid Éigeandála um Éigniú agus leis an nGarda Síochána.

Is daoine óga atá in an-chuid de na daoine sin a thagann chun na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis: Tá 50% díobh faoi bhun 25 bliana d’aois.

Dúirt Mary Mitchell O’Connor TD, an tAire Stáit sa Roinn Oideachais le freagracht speisialta as Ardoideachas, a bhí i láthair ag an seoladh inniu:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire Sláinte as an athbhreithniú beartais seo agus as an mbéim a leagtar leis ar ár bhfreagairt náisiúnta d’ionsaithe gnéasacha. Cuid dhílis d’fhoréigean gnéasach a chosc is ea oideachas. Is é sin an fáth ar leag mé béim beartais chomh láidir sin ar fheabhas a chur ar an bhfeasacht ar thoiliú gnéasach i measc mic léinn tríú leibhéal.”

Faisnéis faoi Thacaíocht d’Othair d’aon duine atá thíos le hIonsaí Gnéasach

Bíonn líne chabhrach náisiúnta na nIonad Éigeandála um Éigniú ar fáil 24 huaire sa lá, gach lá sa bhliain, ach glao a chur ar 1800778888. Tairgeann an líne fóin sin seirbhís éisteachta rúnda agus tacaíochta in aisce do mhná agus fir a éigníodh nó a ndearnadh ionsaí gnéasach, ciapadh gnéasach nó mí-úsáid ghnéasach orthu am ar bith sa saol.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag www.hse.ie/satu faoi na seirbhísí in aisce a sholáthraítear trí na hAonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis i mBaile Átha Cliath, ar an Muileann gCearr, i nGaillimh, i bPort Láirge, i gCorcaigh agus i nDún na nGall.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Léigh an tuarascáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte anseo.

Is ann do shé Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis sa tír, a sholáthraíonn seirbhís 24 huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain, 365 lá sa bhliain.

Féachann siad le seirbhís a sholáthar d’íospartaigh an ionsaithe ghnéasaigh sa tír laistigh de thrí huaire ón gcéad teagmháil.

Soláthraíonn gach ceann de na haonaid sin seirbhís an-mhaith do dhaoine a ndearnadh ionsaí gnéasach orthu.

Bíonn gairmithe saineolaíocha atá cáilithe i scrúdú fóiréinseach mar fhoireann do gach Aonad san oíche agus sa lá. Is grúpa daoine é sin a thaispeánann sárthiomantas agus sárdhúthracht dá n-othair.

Tosóidh 9 Scrúdaitheoirí Altra Fóiréinseacha ag obair sa tseirbhís san fhómhar tar éis dóibh oiliúint a chur i gcrích. Leis sin, méadófar an líon Scrúdaitheoirí Altra Fóiréinseacha ó sheisear go 15 Scrúdaitheoir Altra Fhóiréinseacha.

Tá cistiú á chur ar fáil le haghaidh dhá chlár oiliúna sa bhreis a sholáthar do Scrúdaitheoirí Fóiréinseacha Leighis.

Cé nach bhfuil ach beagán sonraí ann faoi cé chomh forleathan is atá an foréigean gnéasach, is eol dúinn go mbíonn ag méadú ar an líon cásanna atáthar ag tuairisciú d’Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis. Chuaigh 941 othar chuig Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis sa bhliain 2018 agus, i ngach ceann de na 4 bliana is déanaí, bhí meánmhéadú bliantúil de thart ar 11% ann sa líon sin.

Is bunaithe ar chumhachtú othar, toiliú othar agus rogha othar atá an tseirbhís – mar shampla, is féidir le hothair a roghnú gur mhaith leo fianaise a stóráil ar feadh suas le bliain le linn dóibh a chinneadh cé acu ba mhaith nó nár mhaith leo an cion a thuairisciú don Gharda Síochána.

Tá caidreamh an-láidir oibre ann idir na hAonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis, an Garda Síochána agus na hIonaid Éigeandála um Éigniú ar fud na tíre.

Is ann do 10 nGníomh a d’eascair as an athbhreithniú. Tá siad mar seo a leanas:

1. Cistiú bonnlíne d’Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis sa tír a mhéadú faoi 25% agus é a imfhálú

2. Líonra Sheirbhís Náisiúnta na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis a chruthú, rud a dtacóidh Foireann Bainistíochta Náisiúnta leis

3. Acmhainní a chur ar fáil do shamhail soláthar foirne fhoireannbhunaithe am lae íosta do gach Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis

4. Uainchlár mearfhreagróra ‘ar dualgas’ a chruthú chun go mbeidh scrúdaitheoirí fóiréinseacha in ann taisteal chun tacú le hothair ina n-aonad áitiúil

5. Oiliúint níos minice, níos solúbtha, níos modúlaí agus níos idirghairmiúla a chur i bhfeidhm chun soláthar inbhuanaithe ball foirne cáilithe a chruthú

6. Aitheantas a thabhairt do dhúshlán na timpeallachta oibre trí thacaí mothúchánacha ar ardchaighdeán a thabhairt don fhoireann ar fad (an chroífhoireann agus an fhoireann ar dualgas)

7. Feabhas a chur ar fhormhaoirseacht agus ar dhearbhú cáilíochta trí mhaoirseacht chliniciúil éigeantach a thabhairt isteach do gach ball den chroífhoireann agus den fhoireann ar dualgas

8. Raon na seirbhíse a mhéadú chun go n-áireofar leis idirchaidreamh le hothair agus iarchúram meántéarmach d’othair a chomhordú

9. Ról na nAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéis agus an tacaíocht atá ar fáil uathu a chur chun cinn ar bhealach níos rialta níos éifeachtaí

10. Grúpa Bainistíochta um Sheirbhísí Ionsaithe Ghnéasaigh a thionól, rud a bheidh comhdhéanta de chinnteoirí sinsearacha oibriúcháin ó earnálacha éagsúla, chun feabhas a chur ar eispéiris othar agus ar thorthaí othar