English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Naughton an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach 2023-2024 chun an Straitéis Náisiúnta Drugaí a chur i bhfeidhm

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Meitheamh 2023
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach le haghaidh chur i bhfeidhm an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Dochar a Laghdú, Tacú le Téarnamh, do 2023 agus 2024.

Tá an plean bunaithe ar na sé thosaíocht straitéiseacha a aithníodh tar éis athbhreithniú meántéarmach na straitéise i 2021. Tá na tosaíochtaí deartha chun an cur chuige sláinte-threoraithe i leith drugaí a neartú, gealltanais sa Chlár don Rialtas a léiriú agus ailíniú le Straitéis agus Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí.

D'fhorbair grúpaí chur chun feidhme straitéiseacha plean gníomhaíochta a thuairiscíonn don Choiste Formhaoirseachta Náisiúnta.

Tá 34 gníomh san iomlán sa phlean, agus idir ceithre agus ocht ngníomh ailínithe le gach tosaíocht straitéiseach. Tá tús curtha cheana féin le hobair ar go leor de na gníomhartha a chur i bhfeidhm agus déanfar tuairisciú ar an dul chun cinn ar bhonn ráithiúil.

Chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Drugaí, tá tionscnamh á fhorbairt ag an Roinn Sláinte chun raon na seirbhísí drugaí agus alcóil ar fud na tíre a mhapáil.

Dúirt an tAire Naughton:

“Is cloch mhíle shuntasach é foilseachán an lae inniu maidir le tuilleadh cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Drugaí do 2023-2024. Trí roinnt príomhthosaíochtaí straitéiseacha a bheith againn, arna dtacú ag gníomhaíochtaí sonracha, is féidir linn comhleanúnachas níos fearr a sholáthar don chur chuige atá bunaithe ar shláinte sa straitéis agus comhordú tras-philéar agus tras-Rialtais a éascú.

“Creidim go ndéanfaidh na gníomhartha nithiúla seo difríocht intomhaiste do shaol na ndaoine a dtéann úsáid drugaí i bhfeidhm orthu. In éineacht leis an bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach nua agus na struchtúir atá curtha i bhfeidhm chun tacú leo, i 2021, caitheadh breis is €144 milliún ar sheirbhísí andúile, agus leithdháileadh €11.7 milliún breise i mbuiséid 2022 agus 2023 chun tacú leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá súil agam cur leis an infheistíocht seo mar chuid de Bhuiséad 2024 atá le teacht."

Ag leanúint ar aghaidh, dúirt an tAire Naughton:

“Tá a fhios agam go mbeidh an Tionól Saoránach ar Úsáid Drugaí ag tuairisciú don Oireachtas i 2024, agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach seo ag teacht chun críche. Soláthróidh moltaí Thionól Saoránach na bloic thógála don chéad straitéis náisiúnta drugaí agus plean gníomhaíochta straitéisigh eile i 2025.

“Cinntíonn na struchtúir náisiúnta formhaoirseachta seo go bhfuil guth láidir ag an tsochaí shibhialta i mbeartas drugaí agus go mbíonn baint lárnach ag grúpaí pobail agus deonacha le díobháil a bhaineann le drugaí a laghdú.”


Nótaí

Is iad seo a leanas na sé thosaíocht straitéiseacha:

1. Cosc ar úsáid drugaí agus alcóil agus na dochair ghaolmhara i measc leanaí agus daoine óga a neartú;

2. Feabhas a chur ar rochtain agus seachadadh seirbhísí drugaí agus alcóil sa phobal;

3. Conairí cúraim chomhtháite a fhorbairt d'úsáideoirí drugaí ardriosca chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach;

4. Tabhair aghaidh ar na ndeitéarmanant sóisialta agus na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid drugaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste;

5. Cur chun cinn roghanna eile seachas smachtbhannaí comhéigneacha i leith cionta a bhaineann le drugaí;

6. Cleachtais, seirbhísí, beartais agus straitéis a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar fhianaise agus atá dírithe ar thorthaí a neartú.

Tá liosta iomlán na ngníomhartha a aithníodh chun cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Drugaí a chinntiú ar fáil anseo.

Bunaíodh na Grúpaí chur chun Feidhme Straitéiseacha (GCFSanna) i 2022 chun tacú le cur i bhfeidhm na 6 thosaíocht straitéiseacha nua a d’eascair as an athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí. Suíonn na grúpaí seo faoin gCoiste Formhaoirseachta Náisiúnta.

Neartaíonn na tosaíochtaí straitéiseacha an cur chuige sláinte-threoraithe, léiríonn siad gealltanais sa Chlár don Rialtas agus ailíníonn siad le straitéis agus plean gníomhaíochta an AE maidir le drugaí 2021-2025.

Tá ballraíocht na nGrúpaí comhdhéanta d’ionadaithe ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí Rialtais, ó thascfhórsaí drugaí agus alcóil agus ón tsochaí shibhialta. Tá ceannaireacht neamhspleách curtha ar fáil chun cuntasacht na bpáirtithe leasmhara go léir a chinntiú. Tá na cathaoireacha neamhspleácha seo sannta chun neamhchlaontacht, léargas agus taithí a thabhairt maidir le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le húsáid drugaí agus alcóil.