English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte agus an tAire Coimirce Sóisialaí an beartas Smile agus Sláinte – an Beartas Náisiúnta Sláinte Béil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Aibreán 2019
  • An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2019

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Regina Doherty TD, an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, an Beartas Náisiúnta nua Sláinte Béil dar teideal Smile agus Sláinte a fhoilsiú inniu.

Mar chuid den phlean, athróidh an tseirbhís ó sheirbhís “um dhiagnóisiú agus cóireáil” ina seirbhís atá dírithe ar an duine, a ghlacann cur chuige coisctheach réamhghníomhach agus atá ar fáil sa limistéar áitiúil, ar aon dul leis an bhfís atá leagtha amach faoin gclár Sláintecare.

Faoin mBeartas, beidh ocht bpacáiste cúram sláinte béil ar fáil do gach leanbh suas go 16 bliana d’aois, lena n-áirítear scrúduithe, measúnuithe, comhairle, idirghabhálacha um chosc, cúram éigeandála agus atreorú, de réir mar is cuí. Cuirfear pacáistí cúram sláinte béil ar fáil do shealbhóirí cárta liachta os cionn 16 bliana d’aois freisin. Soláthróidh cleachtóirí cúram sláinte béil a bheidh ar conradh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) na pacáistí i dtimpeallacht cúraim phríomhúil.

Cuirfear béim ar leith ar sheirbhísí sláinte béil a fheabhsú do gach grúpa soghonta, daoine i dtithe altranais agus cónaithe san áireamh. Cinnteofar leis an mbeartas Smile agus Sláinte go mbeidh an fiaclóir áitiúil ar an gcéad phointe teagmhála do na grúpaí sin, agus tabharfaidh na seirbhísí pobail cúram sláinte béil de chuid FSS cúram ardtacaíochta breise ar fáil de réir mar is gá.

Tá na nithe seo a leanas i measc na bpríomhghníomhartha atá sa Bheartas:

  • Pacáistí coisctheacha cúram sláinte béil a sholáthar do leanaí agus d’aosaigh incháilithe
  • Díriú ar ghrúpaí soghonta, áit a bhforbrófar idirghabhálacha cuí sláinte béil agus conairí cuí cúraim chliniciúil dóibh
  • Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an oideachas agus an oiliúint chun a chinntiú go mbeidh na leibhéil scileanna atá ag gairmithe ag teacht le riachtanais an lae inniu
  • Cláir um chur chun cinn na sláinte béil a sholáthar don daonra ar fad
  • An clár um fhluairídiú an uisce a chothabháil

Ag labhairt dó ag seoladh an bheartais, dúirt an tAire Harris,

“Leis an mbeartas Smile agus Sláinte, réitítear an bealach le haghaidh seirbhísí sláinte béil a bhunathrú chun feabhais thar an gcéad ocht mbliana eile. Is ionann na hidéil don bheartas agus don chlár Sláintecare sa mhéid is go dtugtar tús áite do riachtanais na ndaoine agus do sheirbhísí a sholáthar sa phobal áitiúil.”

Ag fáiltiú di roimh an mbeartas, dúirt an tAire Doherty,

“Fáiltím roimh na tograí atá sa bheartas sláinte béil agus creidim go gcabhróidh siad go mór le feabhas a chur ar shláinte bhéil an daonra sa todhchaí.

“Fáiltím go háirithe roimh an tionscnamh a bhfuil i gceist leis seirbhísí fiacla leanaí a leathnú trí ‘phacáistí cúraim’ a thabhairt isteach do leanaí ón mbreith go dtí go mbainfidh siad 16 bliana amach. Agus leas á bhaint aici as an gCiste Árachais Shóisialaigh, cuireann mo Roinn thart ar €55 mhilliún ar fáil do sheirbhísí fiacla aosach faoin Scéim Sochar Cóireála Fiacla faoi láthair. Déanfar breithniú ar an gcistiú sin a leathnú chuig aosaigh árachaithe, agus chuig a leanaí, ar mhaithe le comhlíonadh na dtograí atá sa Bheartas Náisiúnta Sláinte Béil a shioncrónú agus a chothú.”

Ag labhairt di faoi fhorbairt an Bheartais, dúirt an Dr Dympna Kavanagh, an Príomhoifigeach Fiaclóireachta sa Roinn Sláinte:

“Is Beartas cuimsitheach fianaisebhunaithe é seo, rud a raibh taighde agus plé fairsing i measc gairmithe cúram sláinte béil mar bhonn eolais faoi. Ar an gcúis sin, táim ag súil leis go nglacfaidh an lucht fiaclóireachta go maith leis an mBeartas. Ní hé amháin go n-éascófar feabhas ar an gcúram sláinte béil a gheobhaidh gach duine, ach tacófar le forbairt ghairmiúil leanúnach na hearnála freisin.”

Dúirt an tOllamh Brian O’Connell, an Déan ar Ghnóthaí Fiaclóireachta in Ospidéal Ollscoile Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath agus Leaschathaoirleach ar an nGrúpa Tagartha Acadúil um an mBeartas Sláinte Béil,

“Is mór ag Éireannaigh a meangadh gáire agus bíonn siad ag iarraidh a gcuid fiacla a choinneáil sláintiúil agus feidhmiúil ar feadh an tsaoil. Aithnítear sa Bheartas nua Sláinte Béil gur cuid dár sláinte agus dár bhfolláine fhoriomlán is ea dea-fhiacla a choinneáil ar fud an tsaoil ar fad. Leis an mBeartas, cuirfear dea-shláinte bhéil chun cinn trí rochtain rialta a éascú do gach duine sa tsochaí agus tríd an gcúram coisctheach dá rogha a thairiscint dóibh.”

Beartaítear go gcuirfear an beartas Smile agus Sláinte chun feidhme ar bhonn céimnithe idir na blianta 2019 agus 2026. Mheas an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go gcosnódh na pacáistí cúram sláinte béil atá leagtha amach sa Bheartas thart ar €80 milliún.

Tá an Beartas Náisiúnta Sláinte Béil agus Forbhreathnú ar an mBeartas ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Scaipfidh Marc O’Sullivan Photography grianghraif ar dheasca.