Foilsíonn an tAire Sláinte agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta tuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19
- Foilsithe: 19 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, tuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 inniu. Bunaíodh an Painéal i mBealtaine 2020 chun scrúdú a dhéanamh ar an gcleachtas agus na moltaí is fearr atá ag teacht chun cinn chun a chinntiú go bhfuil gach beart cosanta sláinte poiblí COVID-19 agus beart eile chun cónaitheoirí tithe altranais a chosaint pleanáilte agus i bhfeidhm chun freagairt do thionchar leanúnach phaindéim COVID- 19 sna 6-18 mí amach romhainn.
Agus an tuarascáil á foilsiú aige dúirt an tAire Donnelly:
“Bhí paindéim COVID-19 an-dúshlánach dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais, dá dteaghlaigh agus don fhoireann a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha do chónaitheoirí. Tá tuarascáil an Phainéil Saineolaithe suntasach agus soláthraíonn sí raon moltaí chun tógáil ar na tacaíochtaí agus na bearta sláinte poiblí atá ann cheana agus a bhfuil gá leo chun iad siúd a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais a chosaint. Tá an tuarascáil faisnéiseach freisin maidir le réimsí seirbhíse agus seachadta cúraim do dhaoine aosta ar gá machnamh a dhéanamh orthu le haghaidh tuilleadh athchóirithe a shainaithint. Tá go leor de na téamaí seo le feiceáil i gClár an Rialtais.
"Sa ghearrthéarma, tá gá le fócas leanúnach chun tacú le cónaitheoirí tithe altranais, agus táim lántiomanta a chinntiú go bhforbróidh na bearta ábhartha ag teacht le foghlaim aitheanta. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil daoine aosta, go háirithe iad siúd atá i mbaol mór ionfhabhtaithe, i gcroílár ár bhfreagairt leanúnach ar COVID-19."
Ghlac an Painéal Saineolaithe cur chuige cuimsitheach maidir lena chuid oibre lena n-áirítear tabhairt faoi phróiseas fairsing rannpháirtíochta páirtithe leasmhara, anailís sonraí, agus athbhreithniú ar fhianaise idirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Ollamh Kelleher agus a comhghleacaithe as a gcuid oibre agus a dtiomantas don tuarascáil seo, agus tá áthas ar leith orm an leibhéal rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear le cónaitheoirí agus le teaghlaigh, a fheiceáil. Chuir an Painéal Saineolaithe go mór le múnlú ár bhfreagairt leanúnach ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19."
D’fháiltigh an tAire Butler roimh an tuarascáil shuntasach a d’ullmhaigh an Painéal agus dúirt sé ndíreofaí anois ar ghluaiseacht ar aghaidh le feidhmiú na tuarascála.
Dúirt an tAire Butler:
“Admhaím nádúr substainteach an raon moltaí a rinneadh agus go bhfuil na himpleachtaí maidir le acmhainní dúshlánach, mar aon le cuid de na frámaí ama arna moladh. Cinnteoidh cur i bhfeidhm mholtaí gearrthéarmacha na Tuarascála, áfach, go gcosnófar go leanúnach cónaitheoirí tithe altranais, ullmhacht earnáil na dtithe altranais agus an chórais sláinte mar fhreagairt ar COVID-19 agus an geimhreadh atá amach romhainn. Cuimsíonn sé sin tógáil ar dhea-chleachtas atá ag teacht chun cinn. Díreoimid láithreach ar struchtúir cur chun feidhme a bhunú le Foireann Maoirseachta Feidhmithe idirghníomhaireachta atá le bunú agus beidh an chéad chruinniú againn an tseachtain seo chugainn."
Dúirt an tOllamh Cecily Kelleher, Cathaoirleach Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19:
“Tá obair an Phainéil treoraithe ag prionsabail athbhreithnithe in-ghníomhaíochta agus tar éis gnímh ina ndéantar de réir ceachtanna a foghlaimíodh i bhfíor-am. Níl amháin chun na ceachtanna sin a foghlaimíodh a aithint a dhéantar sin ach chun iarracht a dhéanamh na léargais sin a chur i bhfeidhm i dtréimhse ama níos doichte d’fhonn toradh na freagartha leanúnaí a fheabhsú. Bhí drochthionchar ag an bpaindéim ar chónaitheoirí tithe altranais, a dteaghlaigh agus ar chomhaltaí foirne in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Déanann ár dtuarascáil machnamh air seo agus táimid ag tnúth le cosaint agus tacaíocht leanúnach a chinntiú do chónaitheoirí tithe altranais. Léiríonn ár gcuid moltaí freisin go bhfuil gá le hathchóiriú córasach ar an mbealach a sholáthraítear cúram tithe altranais agus cúram do dhaoine aosta."
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí
Ag a chruinniú an 14/05/2020, mhol NPHET painéal saineolaithe a bhunú (Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 - scrúdú ar bhearta go 2021) a dhéanfadh, trí scrúdú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le COVID-19 chomh maith le bearta idirnáisiúnta agus an cleachtas is fearr atá ag teacht chun cinn, moltaí don Aire Sláinte, chun a chinntiú go ndéantar gach beart freagartha cosanta COVID-19 a phleanáil, i bhfianaise riosca agus tionchar leanúnach COVID-19 a bhfuil súil leis do thithe altranais sna 6-18 mí amach romhainn.
Bhunaigh an tAire Sláinte an Painéal ina dhiaidh sin.
Téarmaí Tagartha
- Dearbhú a thabhairt go bhfuil na bearta sláinte náisiúnta cosanta poiblí agus bearta eile a glacadh chun cónaitheoirí i dtithe altranais a chosaint, i bhfianaise COVID-19, oiriúnach, cuimsitheach agus de réir treoirlínte idirnáisiúnta agus aon cheachtanna a foghlaimíodh ó fhreagairt na hÉireann ar COVID-19 i dtithe altranais go dtí seo;
- Forbhreathnú a sholáthar ar an bhfreagairt idirnáisiúnta ar COVID-19 i dtithe altranais ag baint úsáide as próiseas taighde córasach;
- Tuairisciú a dhéanamh don Aire Sláinte faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2020 d’fhonn an méid a foghlaimíodh agus moltaí fíor-ama a sholáthar i bhfianaise tionchar leanúnach COVID-19 thar an 12-18 mí amach romhainn.
Comhaltaí an Phainéil Saineolaithe:
Tá an tOllamh Cecily Kelleher (Cathaoirleach), DMed MD MPH FRCPI FFPHMI MRIA ina Príomhoide ar Choláiste na nEolaíochtaí Sláinte agus Talmhaíochta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is Lán-Ollamh í i Míochaine & Eipidéimeolaíocht Sláinte Poiblí agus Iar-Déan Sláinte Poiblí ag COBÁC. Cuimsíonn a cuid spéiseanna taighde Eipidéimeolaíocht Chardashoithíoch agus Chothaithe agus Cur Chun Cinn na Sláinte. Tá sí ina príomh-imscrúdaitheoir ar staidéar Teaghlaigh Cohórt Trasghlúine Lifeways an Bhoird Taighde Sláinte ó 2001-go dáta, is Príomh-Imscrúdaitheoir í ar chuid na hÉireann den Tionscnamh um Fhaireachas ar Mhurtall i measc Leanaí WHO agus bhí sí ina Ceannaire ar Staidéar Sláinte Lucht Siúil Uile-Éireann (2007-2011 ). Is iar-Chathaoirleach í ar na comhlachtaí reachtúla, ar Chomhairle Sláinte na mBan agus Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach Uachtarán UCR NVRL agus tá sí ina ball de Bhord Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann agus de Bhord Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae.
Bhain an tOllamh Cillian Twomey céim amach sa leigheas ó COC i 1970 agus d’oibrigh sé ar feadh 31 bliana mar geiriatraí in Ollscoil Chorcaí agus in Ospidéil Naomh Finbarr, Corcaigh. Bhí freagrachtaí teagaisc air chomh maith do mhic léinn leighis CÓC, dochtúirí in oiliúint iarchéime chomh maith le haltraí agus gairmithe cúram sláinte eile. D'éirigh sé as an gcleachtas cliniciúil i mí na Samhna 2010.
Tá sé ina bhall agus ina chathaoirleach ar Chomhghrúpa Maoirseachta Ospidéal a thugann tacaíocht d'Ospidéal FSS-Foras Ospíse na hÉireann (IHF) (2017 go dáta). Tá sé ina bhall de Bhord SAGE Advocacy clg (2017 go dáta). Bhí baint ag an Ollamh Twomey le raon gníomhaíochtaí eile lena n-áirítear: Cathaoirleach, Grúpa Stiúrtha a dhéanann maoirseacht ar thionscadal maoinithe trí bliana ón mBord Taighde Sláinte (HRB) maidir le treoracha réamhchúraim a chur i bhfeidhm i suíomhanna cúraim chónaithe agus ina bhall ar Bhord an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) 2010-2015.
Petrina Donnelly Uas., Stiúrthóir Altranais Grúpa, Grúpa Ospidéal RCSI
Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais do Ghrúpa Ospidéal Máinlianna an Choláiste Ríoga. Chuir dul isteach sa ghrúpa i mí Feabhra 2020 ag tús na paindéime deiseanna chun bealaí nua oibre a thabhairt isteach agus chun naisc láidre a thógáil leis an bpobal máguaird agus le háiseanna cúram sláinte príobháideacha. Chaith Petrina dhá bhliain roimhe sin ina Stiúrthóir Altranais do Ghrúpa Cúram Sláinte Príobháideach, agus bhí sí freagrach mar dhuine i gceannas ar Theach Cúraim Chónaithe nua den scoth a oscailt agus a chur i bhfeidhm. Áiríodh leis an ról sin próisis agus nósanna imeachta ceadaithe a bhunú chun na Caighdeáin Rialála Náisiúnta a chomhlíonadh agus a chinntiú go gcuirfí timpeallacht shábháilte agus chairdiúil ar fáil do chónaitheoirí agus do chomhaltaí foirne. Roimh an ról sin, chaith Petrina 18 mbliana i seirbhísí géarmhíochaine ag obair i róil éagsúla agus ar deireadh ag leibhéal Bainistíocht Feidhmeannach Altraí. Tá Petrina ina ball Feidhmiúcháin de Chumann Stiúrthóirí Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
Ionadaí Poiblí Brigid Doherty
D'oibrigh Brigid ina Abhcóide Othar ó 2010 go dtí go ndeachaigh sí ar scor, ag soláthar tacaíocht agus treoir abhcóideachta do dhaoine aonair a chreid go raibh drochthionchar ar rud éigin a tharla dóibh laistigh de chóras cúram sláinte na hÉireann orthu.
Is altra ginearálta agus cnáimhseach cáilithe í Brigid agus d’oibrigh sí i gcúram sláinte in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le breis agus 45 bliain. Tá a cuid taithí cúram sláinte ar fud suíomhanna ospidéil, ospíse agus pobail agus bhain sí amach taithí shuntasach bainistíochta ag leibhéil éagsúla le linn a gairme.
Faoi láthair tá Brigid ar roinnt Coistí Comhairleacha de chuid na Roinne Sláinte agus FSS, Coistí na Seirbhíse Scagthastála Náisiúnta mar ionadaí poiblí agus tá sí ina ball de Bhord NOCA.
Moltaí
Go hachomair, díríonn moltaí an Phainéil ar na réimsí téamacha thíos. Tá machnamh déanta ar amlínte molta, agus aird tugtha ar ghníomhartha práinneacha agus láithreacha a bhfuil gá leo, chomh maith le riachtanais a shainaithint maidir le gníomhaíochtaí a phleanáil agus a fhorbairt sna 18 mí amach romhainn, i bhfianaise tionchair leanúnach COVID-19 a bhfuil súil leis thar an bhfráma ama sin. Is iad seo a leanas na réimsí téamacha a bhaineann leis na moltaí: 1) Bearta Sláinte Poiblí; 2) Cosc agus rialú ionfhabhtaithe; 3) Bainistíocht ráige; 4) Iontrálacha sa todhchaí chuig tithe altranais; 5) Bainistíocht tithe altranais; 6) Anailís sonraí; 7) Foirne Tacaíochta Pobail; 8) Róil chliniciúla - príomhchleachtóirí ginearálta ar Fhoirne Tacaíochta Pobail agus i dtithe altranais; 9) Foireann agus lucht saothair i dtithe altranais; 10) Oideachas; 11) Cúram maolaitheach; 12) Cuairteoirí ar thithe altranais; 13) Cumarsáid; 14) Rialacháin; 15) Tacaíochtaí cúraim reachtúla.