Foilsíonn an tAire Sláinte an Bille um Ghairmeacha Rialáilte (Sláinte agus Cúram Sóisialach) (Leasú), 2019
- Foilsithe: 19 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Meitheamh 2019
D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu roimh fhoilsiú an Bhille um Ghairmeacha Rialáilte (Sláinte agus Cúram Sóisialach) (Leasú), 2019.
Leis an mBille, ar cheadaigh an Chomh-aireacht é, leasaítear na cúig Acht rialála um ghairmithe sláinte, go háirithe maidir le feidhmiúlacht chun cleachtadh agus le clárú.
Áirítear na nithe seo leis na príomhleasuithe:
- Ní mór d’iarratasóirí ar chlárú aon chiontuithe nó aon smachtbhannaí ar ghearr comhlacht rialála (laistigh den Stát nó lasmuigh de) ar a gcleachtadh a dhearbhú tráth an iarratais agus gach bliain ina dhiaidh sin;
- Féadfar fiosrúcháin araíonachta i ndlínsí eile a úsáid mar fhianaise inghlactha in imeachtaí um fheidhmiúlacht chun cleachtadh a reáchtáiltear in Éirinn;
- Foilseofar na smachtbhannaí go léir chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis faoi smachtbhannaí araíonachta a ghearrtar ar dhochtúirí, altraí, cnáimhsigh, cógaiseoirí agus gairmithe sláinte rialáilte eile;
- Beidh an ceart ag cleachtóirí chun achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcás gur gearradh smachtbhannaí beaga comhairle, iomardú nó cáineadh i scríbhinn ar chleachtóir. I láthair na huaire, níl aon cheart achomhairc ann in aghaidh na smachtbhannaí sin.
Is iad na cúig acht ná Acht na bhFiaclóirí, 1985, an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005; an tAcht Cógaisíochta, 2007; Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007; agus Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach, 2011.
Dúirt an tAire Harris:
“Is píosa tábhachtach reachtaíochta é seo don phobal agus do ghairmithe sláinte araon. Leis an reachtaíocht, cuirfear othair ar a suaimhneas mar gurbh eol dóibh go mbeidh faisnéis acu faoi na smachtbhannaí go léir a ghearrtar ar na gairmithe sláinte a bhfuil siad ag dul chucu, agus tabharfar an ceart do ghairmithe sláinte chun achomharc a dhéanamh in aghaidh smachtbhannaí beaga.
“Táim ag súil le dul chun cinn a dhéanamh ar an bpíosa tábhachtach reachtaíochta seo chun a chinntiú go mbeidh rialáil ár ngairmeacha cúram sláinte chomh láidir agus is féidir. Téann sé sin chun tairbhe don ghairm agus don othar.”
Déanfar roinnt leasuithe eile chun an próiseas um fheidhmiúlacht chun cleachtadh a luathú do chleachtóirí leighis, d’altraí agus do chnáimhsigh.
Rud eile a dhéanfar leis an mBille is ea go leasófar an tAcht Sláinte, 1953, chun deireadh a chur le ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh na mbord agallaimh le haghaidh poist mar lianna comhairleacha in ospidéil teagaisc. Maidir leis an gceanglas reatha faoin Acht i dtaca le comhdhéanamh na mbord, is é an toradh a bhí air go raibh moilleanna ann ar phainéil agallaimh a bhunú, rud a bhfuil éifeacht iarmhartach aige ar lianna comhairleacha a earcú. Ba cheart go luathófaí an próiseas earcaíochta leis an leasú sin.
Tá téacs an Bhille agus a Mheabhráin Mhíniúcháin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is é cuspóir sonrach an Bhille seo na cúig Acht rialála um ghairmithe sláinte a leasú (Acht na bhFiaclóirí, 1985, an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005; an tAcht Cógaisíochta, 2007; Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007; agus Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach, 2011). Tá roinnt de na leasuithe ag teacht as an leagan nuachóirithe den Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (2013/55/AE), rud a thrasuigh Éire sa dlí i mí Eanáir 2017.
Tá sé riachtanach anois a chinntiú go léirítear sa reachtaíocht sláinte ábhartha ar fad na hathruithe a rinneadh leis an Treoir nuachóirithe, rud lena ndéantar forbairt ar an Treoir reatha maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (2005/36/CE), a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2005, agus ina leagtar amach conas a aithnítear cáilíochtaí gairmiúla ar fud na mBallstát.
Leis an mBille, déantar roinnt leasuithe eile ar gach ceann de na cúig Acht rialála um ghairmithe sláinte i leith roinnt nithe, go háirithe maidir le feidhmiúlacht chun cleachtadh agus le clárú.
De réir mar a ullmhaíonn an Bhreatain d’imeacht as an Aontas Eorpach, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, lena bhforáiltear d’aithint fhrithpháirteach cáilíochtaí, maidir leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát iomlán. Ina ionad sin, beidh feidhm ag an Treoir maidir leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír. Dá bhrí sin, is ábhartha don Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta a bheidh roinnt forálacha den Bhille a bhaineann le tríú tíortha. Is forálacha tábhachtacha iad sin de bharr an lín ghairmithe sláinte a ghluaiseann idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.
Mar thríú tír, ní thabharfaidh an Ríocht Aontaithe tuairisc a thuilleadh ar shrianta nó toirmisc ar chleachtadh faoi chóras foláireamh na Treorach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla. Dá ainneoin sin, ní mór do chomhlachtaí rialála na hÉireann bheith ar an eolas faoi shrianta/toirmisc ar chleachtadh aon chláraí nó aon iarratasóra ar chlárú, lena n-áirítear iad sin arb as tríú tíortha dóibh. Dá bhrí sin, táthar ag foráil leis an mBille do dhearbhuithe i dtaca le srianta/toirmisc ar chleachtadh atá le déanamh ag gach cláraí nó gach iarratasóir ar chlárú. Tá srianta/toirmisc ar chleachtadh á gcur ar áireamh mar fhoras gearáin faoi fheidhmiúlacht chun cleachtadh.