Foilsíonn an tAire Sláinte an séú tuarascáil den Chóras Náisiúnta um Thuairisciú Cáilíochta Cúram Sláinte
- Foilsithe: 4 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD roimh fhoilsiú an séú tuarascáil bhliantúil den Chóras Náisiúnta um Thuairisciú Cáilíochta Cúram Sláinte (NHQRS), a thugann léargas ar cháilíocht inár seirbhís sláinte. Tuairiscítear torthaí ar fud 52 táscaire ó 11 fhoinse sonraí agus clúdaíonn siad sonraí go dtí deireadh 2019.
Cuireann an Tuarascáil béim ar chuid de na réimsí ina raibh ár gcóras cúram sláinte ag feabhsú:
- Tá ag éirí go maith le hÉirinn go hidirnáisiúnta maidir le rátaí ospidéil do chliseadh croí agus diaibéiteas.
- Tá laghdú 36% tagtha ar an mbásmhaireacht san ospidéal 30-lá maidir le taom croí thar 10 mbliana.
- Ó 2010, rinneadh beagnach gach obráid ailse chíche in ionaid ainmnithe ailse.
- Deir tromlach na n-othar go raibh a n-eispéireas foriomlán ar chúram othar cónaitheach agus ar chúram máithreachais dearfach (deir níos mó ná 80% go raibh eispéireas maith nó an-mhaith acu sa dá shuirbhé náisiúnta). Dúirt siad chomh maith gur caitheamh leo le dínit agus le meas.
- Tá rátaí marthanais ailse in Éirinn ag feabhsú i gcónaí.
Ag labhairt dó maidir le foilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh fhoilsiú an Chórais Náisiúnta um Thuairisciú Cáilíochta Cúram Sláinte (NHQRS) 2020 a tiomsaíodh ó shonraí a fuarthas ó gach ceann de na seirbhísí sláinte. Is é seo an séú tuarascáil bhliantúil agus soláthraíonn sé faisnéis faoi cháilíocht ár seirbhísí cúram sláinte, lena n-áirítear eispéireas na n-othar, agus a léiríonn an chaoi a ndéanann Éire i comparáid le tíortha idirnáisiúnta. Is foinse thábhachtach faisnéise é seo do sholáthraithe seirbhíse, d’othair agus a dteaghlaigh agus do lucht déanta beartas. Tugann sé deis go háirithe réimsí a shainaithint inar féidir feabhsúcháin a dhéanamh ionas gur féidir le cúram ardchaighdeáin, sábháilte agus othar-lárnaithe a bheith ina thosaíocht inár seirbhísí cúram sláinte.
“Níl aon amhras ach gur chruthaigh Paindéim COVID-19 dúshláin do gach duine sa tsochaí, agus go háirithe dár n-oibrithe cúram sláinte agus don tseirbhís sláinte ina hiomláine. Mar sin féin, in ainneoin na ndúshlán ollmhór seo agus naimhdeas na paindéime, léiríonn foilsiú na tuarascála NHQRS seo an tiomantas leanúnach, ar fud na seirbhíse sláinte, do thrédhearcacht agus do thuairisciú ar cháilíocht cúram sláinte."
Dúirt sé chomh maith:
"Is fiú a lua go léiríonn sonraí i dTuarascáil NHQRS do shéasúr fliú 2019/2020 rátaí feabhsaithe iontógála vacsaín fliú ag oibrithe cúram sláinte, treocht atá níos tábhachtaí fós agus muid ag freagairt do na dúshláin a chuireann COVID-19 i láthair. Tá rátaí iontógála do vacsaíní eile fós faoi bhun na sprice. Ní mór dúinn go léir a mheabhrú gur cuid ríthábhachtach den fhreagairt é an vacsaíniú agus muid ag déileáil leis an bhfliú gach geimhreadh, agus anois le COVID-19."
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá an NHQRS sa séú timthriall anois agus tá tionchar cuiditheach ag na léargais a thug Tuarascálacha NHQRS thar na blianta maidir le réimsí le haghaidh feabhsúchán dírithe a shainaithint. Ní críoch ann féin é an NHQRS. Úsáideann soláthraithe seirbhíse sláinte agus lucht déanta beartas an Tuarascáil seo mar uirlis chun a gcuid seirbhísí a mheas go córasach agus chun tionscnaimh um fheabhsú cáilíochta a threorú. Mar shampla, leagann Tuarascáil 2020 béim ar an bhféidearthacht ár gcur chuige i leith obráidí ailse le haghaidh ailse drólainne agus reicteach a fheabhsú. Mar atá le feiceáil i dTuarascáil na bliana seo, áfach, tá réimsí ann freisin inar léir feabhsúcháin agus leasuithe bliain ar bhliain. Mar shampla, leagann an Tuarascáil béim ar an méadú suntasach atá tagtha ar scagthastáil maidir le coilíniú agus ionfhabhtú CPE le blianta beaga anuas. Rud atá tábhachtach freisin, leathnaigh Tuarascáil na bliana seo na táscairí ar eispéireas othar maidir le seirbhísí sláinte chun eispéireas cúraim na mban a d’úsáid ár seirbhísí máithreachais a áireamh. Táim ag tnúth go mór le Tuarascálacha NHQRS amach anseo a fheiceáil ag leathnú chun eispéireas níos leithne othar ar fud na seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta a chur san áireamh."
Ba cheart dóibh siúd a bhfuil sé de chúram orthu cúram sláinte a phleanáil agus a sheachadadh agus/nó beartas sláinte a fhorbairt go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta, an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa Tuarascáil seo a athbhreithniú agus a scrúdú. Tá an fhaisnéis seo tábhachtach chun cúram sláinte sábháilte ar ardchaighdeán a chinntiú in Éirinn trí phróiseas chun cáilíocht a fheabhsú go córasach agus go leanúnach. Tá sé seo níos tábhachtaí fós de réir mar a leanaimid orainn ag freagairt do dhúshláin phaindéim COVID-19, agus cúram á sholáthar againn don iliomad othar agus teaghlach a úsáideann an tseirbhís sláinte gach lá.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Cúlra
Is é an Córas Náisiúnta um Thuairisciú Cáilíochta Cúram Sláinte (NHQRS) creat táscairí sláinte na hÉireann. Is éard is táscaire ann tomhas nó luach earra agus is minic a úsáidtear é le feidhmíocht, cáilíocht nó sláinte an réimír agus a úsáidtear chun faisnéis inchomparáide a sholáthar agus chun dul chun cinn agus feidhmíocht a rianú le himeacht ama. Ó 2014 i leith tá tuarascáil bhliantúil curtha le chéile ag an NHQRS a fhoilsítear ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte. Sa tuarascáil 2020 seo tá 52 táscaire san iomlán, ó 11 fhoinse sonraí, thar chúig phríomhréimse:
Tá sé mar aidhm ag an NHQRS meicníocht a sholáthar trínar féidir sonraí nó faisnéis faoi cháilíocht struchtúir, phróisis agus thorthaí cúram sláinte na hÉireann a chur ar fáil go poiblí agus a chur i gcomparáid le caighdeáin inghlactha nó dea-chleachtas.
Tá an NHQRS agus a struchtúr rialachais faoi stiúir na Roinne Sláinte, trí Oifig an Phríomhoifigigh Leighis agus na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Othar (NPSO). Faigheann forbairt na tuarascála tacaíocht ón Aonad Staitisticí agus Anailísíochta, an Roinn Sláinte.
In 2016, athchruthaíodh coiste ilghníomhaireachta chun:
- maoirseacht agus comhairle a sholáthar maidir le treo straitéiseach an NHQRS chun na táscairí roghnaithe a chomhaontú de réir treochtaí idirnáisiúnta agus bheartas sláinte in Éirinn
- sainmhínithe agus meiteashonraí a chomhaontú maidir leis na táscairí agus
- tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a chur i láthair an Aire Sláinte.
Éascaíonn baill an choiste cumarsáid idir a n-eagraíochtaí féin maidir le próisis NHQRS agus an tuarascáil bhliantúil. Tacaíonn grúpa teicniúil leis an gcoiste trí shaineolas agus taithí a sholáthar maidir le cúram sláinte a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh air trí bhearta nó táscairí feidhmíochta a úsáid.
Tuarascáil bhliantúil NHQRS
Méadaíonn foilsiú tuarascála bliantúla trédhearcacht inár gcóras cúram sláinte don phobal agus d’othair agus feidhmíonn sé freisin mar spreagadh le haghaidh feabhsúchán ag soláthraithe seirbhíse sláinte trí éagsúlacht i gcleachtas agus torthaí a aithint.
Chomh maith leis an trédhearcacht mhéadaithe inár gcóras cúram sláinte don phobal agus don othar feidhmíonn sé freisin mar spreagadh le haghaidh feabhsúchán ag soláthraithe seirbhíse sláinte trí éagsúlacht sa chleachtas agus i dtorthaí a aithint. Is é an freagra iomchuí ar aon difríochtaí tuairiscithe i dtáscairí ná go ndéanfadh soláthraithe seirbhíse scrúdú breise agus míniú a thabhairt ar na torthaí dearfacha agus diúltacha. Éileoidh sé seo anailís agus meastóireacht níos doimhne agus beidh gá le bearta leantacha de réir mar is cuí.
Tá an tuarascáil seo deartha le húsáid ag soláthraithe seirbhíse cúram sláinte agus ag lucht déanta beartas chun treochtaí i gcáilíocht cúram sláinte agus sábháilteacht othar a aithint.
Foilsítear tuarascáil 2020 agus tuarascálacha na mblianta roimhe sin ag [external-link https://www.gov.ie/en/collection/5fd4f6-national-healthcare-quality-reporting-system-reports/ | https://www.gov.ie/en/collection/5fd4f6-national-healthcare-quality-reporting-system-reports/ ]