Foilsíonn an tAire Sláinte na Téarmaí Tagartha le haghaidh Athbhreithniú Straitéiseach ar Chleachtadh Ginearálta
- Foilsithe: 3 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, na Téarmaí Tagartha (TOR) le haghaidh Athbhreithniú Straitéiseach ar Chleachtadh Ginearálta (GP). Tá an tAthbhreithniú le críochnú i mbliana.
Sainaithneoidh an tAthbhreithniú Straitéiseach, le hionchur ó phríomhpháirtithe leasmhara, na dúshláin atá roimh Chleachtadh Ginearálta maidir le seirbhís inbhuanaithe a sholáthar sa todhchaí, agus leagfaidh sé amach na gníomhartha is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin i gcomhthéacs prionsabail Sláintecare a chomhlíonadh. Tarraingeoidh sé ar shaineolas FSS agus ar Chleachtadh Ginearálta, lena n-áirítear trí chomhairliúchán le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh na hÉireann (ICGP) agus le Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann (IMO).
Thug an tAire cuireadh freisin do thriúr dochtúirí teaghlaigh cleachtacha páirt a ghlacadh i ngrúpa tionscadail na Roinne Sláinte a dhéanann maoirseacht ar an Athbhreithniú chun a chinntiú go n-éistear le guthanna na ndochtúirí teaghlaigh go díreach i rith an phróisis.[i]
Sainmhíníonn na Téarmaí Tagartha an raon feidhme agus an mhodheolaíocht don Athbhreithniú, agus leagtar amach iontu na príomhcheisteanna atá le scrúdú, lena n-áirítear saincheisteanna acmhainne Dochtúirí Teaghlaigh, oiliúint Dochtúirí Teaghlaigh, athchóiriú Lasmuigh d'Uaireanta Oibre agus an tsamhail tacaíochta do Chleachtadh Ginearálta.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Tá an Rialtas tiomanta cúram sláinte uilíoch a bhaint amach, áit ar féidir le daoine rochtain a fháil ar an gcúram ceart san áit cheart ag an am ceart. Tá gá le hAthbhreithniú Straitéiseach ar Chleachtadh Ginearálta chun a chinntiú go bhfuil an Cleachtadh Ginearálta struchtúrtha i gceart agus go bhfuil acmhainní ann chun cabhrú lenár gclár oibre athchóirithe. Tá an-áthas orm na Téarmaí Tagartha atá mar bhonn leis an Athbhreithniú seo a fhoilsiú agus táim ag tnúth lena mholtaí a fháil chun samhail inbhuanaithe Cleachtaidh Ghinearálta a chinntiú a rachaidh chun leasa othar agus dochtúirí teaghlaigh araon."
Is féidir na Téarmaí Tagartha a fháil anseo:
Terms of Reference for a Strategic Review of General Practice
______________________________________________________________
[i] An tOllamh Tom O’Dowd; An Dr. Niall Macnamara; An Dr. Katie Wolahan