Foilsíonn an tAire Sláinte Treoirlíne Cliniciúil Náisiúnta Uimh. 30: Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2023
D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, Treoirlíne um Éifeachtúlacht Náisiúnta Chliniciúil (TENC) nua inniu chun gníomhartha atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar don fhoireann chliniciúil chun treoir a thabhairt ar chleachtais Chosc agus Rialú Ionfhabhtuithe (CRI).
Ba é an Grupa Forbartha Treoirlíne um Chosc agus Rialú Ionfhabhtuithe a d'fhorbair an treoiríne seo, leis an Ollamh Martin Cormican, Micribhitheolaí Comhairleach Ospidéal na hOllscoile Gaillimh agus Ollamh ar Bhaictéareolaíocht, Scoil Leighis, Ollscoil na Gaillimhe mar chathaoirleach. Bhí an Dr Cormican ina Cheannaire Cliniciúil Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh agus Rialú Ionfhabhtuithe roimhe seo. Tacaíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) leis an treoirlíne seo; go háirithe, Clár Náisiúnta an FSS le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus Rialú Ionfhabhtuithe.
Is áisitheoir ríthábhachtach é Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe chun cúram sláinte agus sóisialta sábháilte a sholáthar d'othair, dá muintir agus don fhoireann.
Agus é ag tacú leis an bhfoilseachán inniu dúirt an tAire Donnelly:
"Tá áthas orm an Treoirlíne Cliniciúil Náisiúnta nua maidir le Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe a fhógairt. Tá áthas orm go bhfuil an obair curtha i bhfeidhm cheana féin ar fud na seirbhíse sláinte chun tacú le cúram sláinte sábháilte, ardchaighdeáin d'othair.
"Cabhróidh an treoirlíne seo le hoibrithe cúram sláinte cúram a chur ar fáil bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil. Rinne comhairliúchan poiblí iomlán eolas dó agus rinne saineolaithe idirnáisiúnta athbhreithniú air agus aithním obair gach duine a bhí bainteach leis chun na treoirlínte seo a chur ar fail do chúram othar. Cuireann an treoirlíne seo lenár dtaithí cúram a chur ar fáil le trí bliana anuas, tréimhse ina raibh mórán athruithe agus dúshlán le sárú ag an gcóras sláinte
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais:
"Is féidir le gach oibrí cúram sláinte sláinteachas lámh maith a mholadh agus CRI atá bunaithe ar fhianaise a chleachtadh chun cúram othar agus torthaí a fheabhsú. Soláthraíonn forbairt na treorach seo bonn fianaise láidir chun éagsúlacht a laghdú agus chun dea-chleachtas a chur chun cinn ar fud na hÉireann don cheist thábhachtach seo ar chúram othar. Cruthóidh cleachtais CRI, de réir na moltaí seo, cúram feabhsaithe, cleachtas caighdeánaithe agus torthaí níos fearr d'othair agus dá muintir agus don fhoireann.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach duine a bhí páirteach i bhforbairt an treoirlíne seo agus mo bhuíochas a ghabháil leo. Ba é an Aoine seo chaite Lá Idirnáisiúnta na gCnáimhseach agus is é amárach (12 Bealtaine 2023) Lá Idirnáisiúnta na n-altraí. Tacaíonn an treoirlíne seo le haltraí agus cnáimhseacha cúram a thabhairt dá n-othair agus baineann sé go háirithe leis an altranas agus leis an gcnáimhseachas mar gheall ar an ról atá acu i soláthar díreach an chúraim agus an stair seanbhunaithe atá acu le dea-chleachtas CRI a chur chun cinn."
Dúirt an tOllamh Martin Cormican, cathaoirleach an Ghrúpa Forbartha Treoirlíne agus Micribhitheolaí Comhairleach:
"Tá súil agam go dtacóidh an treoirlíne seo le cleachtóirí um chosc agus um rialú ionfhabhtuithe chun prionsabail CRI a thuiscint agus a chur i bhfeidhm. Tá súil agam go dtacaíonn sé linn tabhairt faoin dúshlán díriú ar riachtanais agus mianta an othair agus conas go bhféadfaimis iad sin a bhaint amach leis an riosca praiticiúil is ísle ionfhabhtuithe dóibh agus do dhaoine eile. Ní leabhar rialacha an treoirlíne seo, tá sé ann chun tacú le daoine cúram atá glan, sábháilte agus thar aon rud eile cineálta a chur ar fáil."
Dúirt an tOllamh Hilary Humphreys:
"Is sprioc shuntasach í seo i gcosaint sábháilteacht na n-othar toisc go bhfuil an treoirlíne chomh cuimsitheach ina chlúdach ar shaincheisteanna um chosc agus rialú ionfhabhtaithe. Cuireann sé leis an iliomad treoirlíne eile a foilsíodh le blianta beaga anuas ag baint úsáid as cur chuige ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta. Beidh sé ina chabhair ollmhór agus d'fhéadfadh a chur chun feidhme ionfhabhtú inchoiscthe a laghdú go suntasach. Ba mhaith liom tréaslú le gach duine a bhí bainteach as a dtiomantas ollmhór, dúthracht agus iarracht, stiúrtha go paiteanta ag an Ollamh Martin Cormican."
Thréaslaigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, le Cathoirleach an Treoirlíne, an Grúpa Forbartha Treoirlíne agus le gach duine a d'oibrigh ar an treoirlíne suas go dtí an lá foilseacháin deiridh inniu ionas go mbeidh an treoirlíne ar fáil d'oibrithe cúram sláinte le húsáid i gcúram othar.
Rinne an Coiste Éifeachtúlacht Náisiúnta Chliniciúil dearbhú cáilíochta ar an treoirlíne de réir dea-chleachtais idirnáisiúnta. Tá treoirlínte cliniciúla cuimsitheacha ardchaighdeáin atá bunaithe ar fhianaise anois ag Éirinn chun tacú le oibrithe cúram sláinte agus le saoránaigh. Rud atá tábhachtach, tá cur i bhfeidhm na dtreoirlínte tosaithe cheana féin agus thacaigh úsáid na dtreoirlínte sa Phaindéim leis an treoirlíne deiridh. Rinne saineolaithe idirnaisiúnta piarmheasúnú air agus chuaigh sé faoi chomhairliúchán poiblí.
Is gníomh faoi Chuspóir Stráitéiseach 5 é forbairt agus dearbhú cáilíochta an Treoirlíne Cliniciúil Náisiúnta nua i nDara Plean Gníomhaíochta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021-2025 (iNAP2). Foilsíodh an plean seo i gcomhpháirt leis an Roinn Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mí na Samhna 2021 agus tá 90 gníomhartha sláinte daonna thar 5 chuspóir straitéiseacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) san áireamh. Toisc go bhforbraíodh gníomhartha sláinte daonna le linn tréimhse athraithe agus dúshlánach sa chóras sláinte, cuireadh athbhreithniú meántéarmach san áireamh sa bhunphlean. Tá an t-athbhreithniú meántéarma críochnaithe agus foilseofar é sin inniu freisin.