Foilsíonn an tAire Sláinte Tuairisc ó Shaineolaithe ar an Mearthástáil COVID-19
- Foilsithe: 1 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá tuairisc an Ghrúpa Mearthástála COVID-19 foilsithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, TD. Molann an tuairisc go gcuirfear i bhfeidhm staidéar píolóltach nó staidéar indéantachta, ar an mearthástáil in earnálacha éagsúla.
Sa tuairisc deirtear gur réimse é an mhearthástáil a bhfuil forbairt thapa ag teacht air. Moltar go noibreodh earnálacha agus tionscail éagsúla, lena n-áirítear an gnó, an spórt agus an t-oideachas, i gcomhar le Ranna Rialtais chun staidéir indéantachta a chur i bhfeidhm go forleathan ar bhonn píolótach, leis an aidhm go mbeidh an mhearthástáil mar chuid de chomhfhreagairt leanúnach na hÉireann ar an COVID-19.
Ba é an tOllamh Mark Ferguson, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta don Rialtas a bhí ina chathaoirleach ar an nGrúpa Mearhthástála. Cuireadh an tuairisc ar fáil to cheannairí páirtí níos luaithe an tseachtain seo, agus thug an tOllamh Ferguson faisnéis do na ceannairí páirtí ar thorthaí agus ar phríomhmholtaí an Ghrúpa Saineolaithe.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Ollamh Mark Ferguson as an éacht atá bainte amach aige. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil leis na baill eile sa ghrúpa saineolaithe a dhréachtaigh an tuairisc ag am ina bhfuil lucht an leighis agus eolaíochta thar a bheith gnóthach. Chuir saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta éagsúla leis an tuairisc freisin. Is réimse spreagúil é seo atá ag bogadh go tapa. Tá córais mhearthástála nua agus feabhsaithe ag teacht chun cinn an t-am ar fad, agus tacaím go láidir go dtabharfaí isteach an mhearthástáil mar uislis bhreise inár bhfreagairt chomhchoireann in aghaidh COVID-19."
Sa tuairisc tá 20 moladh. Moltar gur chóir an bhéim a chur láithreach ar ghrúpa eolais mearthástála sofhreagrúil a bhunú, trína mbeifí ábalta faisnéis ar thástálacha bailíochtaithe agus sampláil a roinnt go forleathan thar ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus earnálacha.
Ba thuairisc thromlaigh é seo. Is féidir an tuairisc a léamh anseo.