Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil ar Dhul chun Cinn Lárbhliana Sláintecare don bhliain 2021

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil ar Dhul chun Cinn Lárbhliana Sláintecare don bhliain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD Tuarascáil ar Dhul chun Cinn Lárbhliana Sláintecare. Sonraítear sa tuarascáil 112 bunsprioc inghnóthaithe, ar an iomlán, do na chéad 6 mhí den bhliain seo. As na 112 bunsprioc inghnóthaithe siúd, cuirfear 109 díobh i gcrích nó rinneadh iad a thabhairt chun cinn mar a bheartaítear.

Sonraítear sa tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh sna chéad sé mhí den bhliain, in aghaidh na dtosaíochtaí agus na ngníomhartha a mhionsonraítear i Straitéis agus Plean Gníomhaíochta 2021-2023 agus dírítear ann ar dhá chlár athchóirithe:

  • Clár a hAon: Díríonn Rochtain Shábháilte Thráthúil a Fheabhsú ar Chúram agus Sláinte agus Folláine a Chur chun Cinn, ar imeascadh, sábháilteacht, cosc, an chúraim go dtí an láthair cheart, táirgiúlacht, toilleadh breise agus spriocanna tréimhse feithimh Sláintecare a bhaint amach
  • Clár a Dó: Díríonn Dul i nGleic le Neamhionannas Sláinte ar dhul i ngleic le neamhionannas sláinte i dtreo cúram sláinte uilíoch

Forbraíodh aon Tionscadal déag agus déantar iad a ailíniú le príomhstraitéisí, príomhbheartais agus príomhthionscnaimh náisiúnta:

  • rinneadh an Réamhchás Gnó Ospidéal Roghnach a chur chun cinn go mór. Beidh na hospidéil lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh
  • rinneadh cur i bhfeidhm an Chláir Ríomhshláinte a chur chun cinn go mór
  • rinne Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare triail phíolótach a bhaint as agus tástáil ar sheirbhísí a sholáthraíonn cúram sa phobal. Sheachain seo daoine a thabhairt go dtí an t-ospidéal, laghdaigh sé an líon daoine a bhí ag freastal ar an Roinn Éigeandála agus laghdaigh sé liostaí feithimh i sainlimistéir, cosúil le hÚireolaíocht, Ortaipéidic agus Cairdeolaíocht
  • tá measúnú á dhéanamh ar na tionscadail seo faoi láthair i dtaobh cistiú leanúnach agus príomhshruthú, agus sainaithníodh 41 tionscadal Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare lena bpríomhshruthú agus lena scálú trasna na seirbhíse sláinte go príomha faoin gCiste Cúraim Pobail Breisithe. Príomhghné é Cúram Pobail Breisithe (CPB) de Sláintecare a sholáthar agus is ionann agus aistriú cúraim ó ospidéil ghéarmhíochaine isteach sa phobal agus níos gaire d’áiteanna cónaithe daoine, ar aon dul le fís ‘An Cúram san Áit Cheart, ag an Am Ceart’ Sláintecare
  • tá na Líonraí Cúraim Sláinte Pobail (LCSPanna) agus Foirne Idirghabhála Pobail á dtabhairt isteach faoi láthair. Tacaíonn LCSPanna lenár n-aidhm chun níos mó cúraim a sholáthar sa phobal. Tacóidh na Líonraí seo le daoine maireachtáil níos neamhspleáiche ina bpobal trí sheirbhísí a chomhordú agus a chomhtháthú

Dúirt an tAire Donnelly:

"Is í fís Sláintecare córas sláinte agus cúraim shóisialta uilíoch aonsraithe a bhaint amach, ina mbíonn an teacht céanna ag gach duine ar sheirbhísí bunaithe ar riachtanas, seachas ar chumas chun íoc as. As na 112 bunsprioc inghnóthaithe a shonraítear sa tuarascáil lárbhliana, cuirfear 109 i gcrích mar a bheartaítear nó tá siad á gcur chun cinn.

"Nuair a chuirtear san áireamh an méid a cuireadh roimh an tseirbhís sláinte le 18 mí, is dul chun cinn as cuimse é seo agus léiríonn sé go soiléir obair dhian agus tiomantas na foirne fud fad na Roinne Sláinte, FSS agus na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go léir a oibríonn le chéile chun Sláintecare a sholáthar.

"Mar an tAire Sláinte, is iad mo thosaíochtaí anois cur leis an rath a bhí orainn go dtí seo a mhionsonraítear sa tuarascáil seo trí Phlean mionsonraithe Liosta Feithimh a chur i bhfeidhm, obair a chur chun cinn chun Ospidéil Roghnacha nua a thógáil timpeall na tíre, nuálaíocht chomhtháthaithe a scálú agus a phríomhshruthú agus an Clár Ríomhshláinte a chur i bhfeidhm."

Tá an Tuarascáil ar Dhul chun Cinn Lárbhliana Sláintecare don bhliain 2021 ar fáil anseo.

Nótaí

Éachtaí Sláintecare go dtí seo

  • cinneadh chun Sláintecare a chistiú ar na leibhéil a bheartaítear san Athbhreithniú Acmhainne ar an tSeirbhís Sláinte (2018), sláinte agus folláine, agus cúram pobail breisithe san áireamh

Rinne Sláintecare infheistiú mór i seirbhísí a fhairsingiú a chuirfear ar fáil sa phobal, i dtaobh foirne agus trí Ionaid Chúraim Phríomhúil. Rinneamar breisiúcháin mhóra a chur ar fáil dár mbuanlucht saothair agus rinneamar ár mbonneagar a uasghrádú chun barr feabhais a chur ar acmhainn ár seirbhísí sláinte.

  • Cistíodh Líonraí Cúraim Sláinte Pobail chun seirbhísí comhtháite a sholáthar do dhaoine níos gaire don áit chónaithe
  • Moil Chúraim Chomhtháite do Dhaoine Breacaosta agus Daoine ar a bhfuil Galair Ainsealacha
  • An Oifig um Shábháilteacht Othar a bhunú
  • Réamhchás Gnó d’ospidéil roghnacha curtha chun cinn agus infheistíocht déanta in obrádlann roghnach Thamhlachta
  • Spriocthionscnaimh laghdaithe liostaí feithimh
  • Oidis a aistriú go leictreonach ón DG go dtí an chógaslann
  • Cuireadh dlús faoi Aitheantóirí Sláinte Aonair a chur chun feidhme i rith na paindéime mar mhodh lena chinntiú gur cruthaíodh taifid uathúla leictreonacha sláinte dóibh siúd go léir a bhí á vacsaíniú. Bhain tábhacht ar leith leis seo i gcás clár náisiúnta, ar nós chlár vacsaínithe COVID-19, ina raibh a vacsaíniú á fháil ag daoine ag láithreacha éagsúla agus ó ghairmithe cúraim sláinte éagsúla. Bailíodh sonraí chun sannadh Aitheantóirí Sláinte Aonair (ASAanna) a éascú do thaifid vacsaínithe, agus chumasaigh sé Deimhnithe Vacsaínithe Covid Digiteacha (DCDanna) a chruthú nuair a baineadh srianta taistil an 19 Iúil, agus eisíodh breis agus 3.6 milliún DCD go dtí seo
  • Teacht díreach ar dhiagnóisic ag Cleachtas Ginearálta
  • Teidlíocht mhéadaithe do chúram DG agus laghdú ar tháillí oidis
  • Tá comhaontú conartha DG le tacú le galair ainsealacha a bhainistiú
  • Pacáistí méadaithe cúraim baile
  • Comhfhóram DGanna a bhunú
  • Tá tionscadail Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare i mbreis agus 100 láthair fud fad na tíre, agus idir ospidéil, grúpaí ospidéal, Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail, eagraíochtaí pobail agus deonacha, Ollscoileanna agus Ionaid Chúraim Phríomhúil atá i gcomhpháirtithe an tionscadail. Tá an cúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart, agus an bhfoireann cheart á sholáthar ag na tionscadail seo, agus dírítear ar chosc, cúram pobail agus comhtháthú an chúraim i measc gach suímh sláinte agus chúraim shóisialta. Rinneadh 41 tionscadal imeasctha a phríomhshruthú cheana féin, go príomha tríd an gciste Cúraim Pobail Bhreisithe agus tá súil leis go ndéanfar níos mó a phríomhshruthú mar chuid de phróiseas Bhuiséad 2022
  • Déanfar infheistíocht in Éire Shláintiúil agus i gcur chun cinn na sláinte poiblí, an Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall, an Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp agus an Straitéis Sláinte Ghnéis, agus Alcól agus Tobac a Chaitheamh a Chosc san áireamh
  • Rinne an Rialtas Cinntí Tábhachtacha Bunúsacha, Bord FSS a bhunú, agus an tíreolaíocht a cheadú do shé limistéar nua sláinte réigiúnacha san áireamh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat