English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil Bhliantúil 2023 ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh (NSAC)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly Tuarascáil Bhliantúil 2023 an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Scagadh (NSAC) inniu. Cuireann an coiste saineolaithe neamhspleách seo comhairle ar an Aire Sláinte maidir le tograí le haghaidh clár scagtha daonra náisiúnta nua, nó athruithe ar chláir atá ann cheana féin, i gcomhréir le dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Sonraítear i gceathrú Tuarascáil Bhliantúil an Choiste na gníomhaíochtaí agus an dul chun cinn suntasach a baineadh amach in 2023, chomh maith le roinnt tosaíochtaí do 2024, lena n-áirítear:

  • Faomhadh dhá mholadh ón Aire Donnelly maidir le Comheaspa Imdhíonachta Throm (SCID) agus Seargadh Matánach Dromlaigh (SMA) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fola Nuabheirthe (NNBSP) Tá an próiseas chun na tástálacha breise seo a chur i bhfeidhm ag céim chun cinn, agus tá an earcaíocht de le bheith críochnaithe faoi dheireadh 2024.
  • Dhá fhoghrúpa (scagthástáil ailse agus nuabheirthe) a bhunú chun cabhrú le cur chuige tosaíochta bunaithe ar fhianaise a fhorbairt i leith a chláir oibre.
  • Tús curtha ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) le dhá Mheasúnú Teicneolaíochta Sláinte breise (HTAanna) ar leathnú BowelScreen agus ar bhunú cláir scagthástála nua d'Ainéaras Aortach Boilg.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Leagtar béim i dTuarascáil Bhliantúil 2023 ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag NSAC, agus molaim comhaltaí an Choiste as a gcuid oibre go dtí seo. Beidh tionchar an-mhór ag a gcuid iarrachtaí ar shaol daoine a fheabhsú trí chláir scagthástála. Le bliain anuas, d'fhaomh mé dhá mholadh maidir le scagadh fola nuabheirthe a leathnú, agus tá a fhios agam go ndéanfaidh siad seo difríocht mhór ar deireadh thiar do shaolta agus do thorthaí sláinte leanaí a dtabharfar a riochtaí sláinte faoi deara tríd an scagadh seo.

"Tá tuairim shaineolach an Choiste seo fíorluachmhar maidir le beartas scagtha a mhúnlú in Éirinn. Sábhálann an scagadh beatha daoine agus táim ag súil go leanfaidh an Coiste ag cur comhairle ar fáil dom féin agus do mo Roinn."

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Scagadh, an Dr Suzanne Crowe:

"Tá an-áthas orm Tuarascáil Bhliantúil NSAC 2023 a fhoilsiú, ina leagtar béim ar na héachtaí éagsúla in 2023 agus ina leagtar amach inti freisin ár n-iarrachtaí amach anseo. Leanann NSAC ag tógáil ar an mbunsraith a leagadh síos sna blianta roimhe seo agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo réamhtheachtaí, an tOllamh Niall O'Higgins as a cheannaireacht maidir le bunú na struchtúr agus na gcaighdeán a bhí mar bhonn agus mar thaca ag rath an Choiste go dtí seo. Mar Chathaoirleach, táim ar bís treoir a thabhairt don Choiste chun tuilleadh ratha a bhaint amach sna blianta amach romhainn."

Tá maoiniú breise in 2025 ag tacú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí scagthástála in Éirinn. Áirítear leis seo €1.9 milliún chun leathnú an chláir BowelScreen a chumasú go raon aoise méadaithe de 58-70, agus €2.85 milliún chun an clár BreastCheck a fheabhsú. Tá €300,000 eile curtha ar fáil do HIQA chun tacú le leathnú níos tapúla an NNBSP.

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2023 ar fáil le híoslódáil Item was unpublished or removed


Nótaí:

  • Tá ról straitéiseach suntasach ag an NSAC maidir le moltaí a cheapadh agus fianaise a bhaineann le cláir scagthástála atá beartaithe in Éirinn a bhreithniú.
  • Níl aon ról oibríochtúil ag NSAC maidir le haon chláir scagthástála a reáchtáil ó lá go lá. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) atá freagrach as sin i gcónaí.
  • Tá sé mholadh déanta ag NSAC don Aire Sláinte go dtí seo. Is féidir tuilleadh eolais faoi na moltaí seo a fháil ar shuíomh gréasáin an NSAC. Tá clár oibre an Choiste ar fáil ar Item was unpublished or removed
  • Tagann an Coiste, a bhfuil an Dr Suzanne Crowe ina chathaoirleach air ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, le chéile trí nó ceithre huaire sa bhliain. Faigheann an Coiste tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht an NSAC, sa Roinn Sláinte agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag NSAC_Secretariat@health.gov.ie.