English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte tuarascáil eatramhach Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 - Dé Luain, an 13 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Iúil 2020

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tuarascáil eatramhach Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 inniu.

Dúirt an tAire Donnelly,

“Bunaíodh an Painéal chun scrúdú a dhéanamh ar conas a d’fhreagraíomar agus tíortha eile do ghéarchéim COVID-19, agus chun súil a chaitheamh ar an dea-chleachtas atá ag teacht chun cinn maidir le déileáil le galar atá nua agus an-tógálach.

“Baineann tábhacht leis an tuarascáil eatramhach lena leagan amach conas a bhainfidh an Painéal é sin amach agus is deas liom é a fhoilsiú inniu. Táim ag tnúth le tuarascáil deiridh an Phainéil a fháil agus é a fhoilsiú in am agus i dtráth.”

Dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D.,

“Léirítear go soiléir sa tuarascáil eatramhach méid obair an Phainéil, an réimse fairsing páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo, agus an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo. D’imir COVID-19 tionchar ollmhór ar an earnáil tithe altranais agus tugaimse tús áite, mar an tAire lena chinntiú go bhfuil na bearta a theastaíonn chun daoine breacaosta leochaileacha a chosaint i suíomhanna cónaithe.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Bunaíodh an Painéal Saineolaithe Tithe Altranais i ndiaidh gur mhol an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta. Is é cuspóir an Phainéil scrúdú a dhéanamh ar na freagairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta do ghéarchéim COVID-19, agus chun scrúdú a dhéanamh ar an dea-chleachtas atá ag teacht chun cinn. Galar nua é COVID-19, a dtagtar go neamhthipiciúil air amanna i measc daoine aosta leochaileacha, agus tá fianaise agus dea-chleachtas nua maidir leis an ngalar a bhainistiú ag teacht chun cinn i gcónaí.