Foilsíonn na hAirí Sláinte Tuarascáil Bhliantúil Éire 2020 Saor ó Thobac
- Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, T.D., fáilte inniu roimh Thuarascáil Bhliantúil Éire atá Saor ó Thobac 2020 a fhoilsiú.
Is é Éire atá Saor ó Thobac beartas rialaithe tobac na hÉireann agus leagtar sprioc ann go mbeidh Éire saor ó thobac faoin mbliain 2025.
Foilsíodh plean gníomhaíochta ardleibhéil do Éire atá Saor ó Thobac i Márta 2015 agus tuairiscíonn an Roinn Sláinte gach bliain ar chur i bhfeidhm leanúnach an phlean. Tugtar cuntas sa Tuarascáil Bhliantúil ar roinnt príomhéachtaí in 2020, in ainneoin an chuir isteach a rinne paindéim COVID-19 i rith na bliana. Áirítear leo seo:
- Eolas a chuimsiú ar an mbaol a chruthaíonn tobac a úsáid i Roghanna Sláintiúla 1, an chéad mhodúl ar mhí-úsáid substaintí in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte na Sraithe Sóisearaí, atá dírithe ar scoláirí na chéad bhliana.
- Feachtas nua margaíochta QUIT á sheoladh ag Cumarsáid Náisiúnta FSS agus Clár Éire atá Saor ó Thobac FSS, ar a dtugtar An Stad Deireanach (The Last Stop).
- Trí athbhreithniú chuimsitheacha fianaise a rinne an Bord Taighde Sláinte ar thoitíní leictreonacha agus ar tháirgí téite tobac a choimisiúnaigh an tAire.
- Méadú breise 50 cent ar phaicéad toitíní agus méaduithe pro-rata ar tháirgí eile tobac i mBuiséad 2021.
Dúirt an tAire Donnelly,
"In ainneoin na ndúshlán soiléir a chruthaigh paindéim COVID-19, leanadh le hobair a dhéanamh le bliain anuas i dtreo ár sprice - Éire atá Saor ó Thobac a bhaint amach. Trí obair a dhéanamh chun caitheamh tobac a bhaint ón saol laethúil in Éirinn agus oideachas a chur ar dhaoine óga ar an mbaol a chruthaíonn tobac agus cúnamh scoir a chur ar fáil chomh fairsing agus is féidir, is féidir linn leanúint ag cur leis na torthaí dearfacha atá bainte amach againn le blianta beaga anuas.
“Spreagaim aon duine atá ag smaoineamh faoi chaitheamh tobac a chaitheamh in aer chun dul i mbun gnímh anois. Tá stop a chur le tobac a chaitheamh ar cheann de na cinntí is fearr is féidir le duine a dhéanamh dá sláinte. Leagadh béim breise le 18 mí anuas ar a thábhachtaí atá sé bheith réamhghníomhach faoinár sláinte féin agus faoi shláinte iad siúd timpeall orainn. Leantar le Seirbhís QUIT FSS a chur ar fáil do dhuine ar bith óna dteastaíonn sé.’’
Dúirt an tAire Feighan;
"Leanaimid le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo todhchaí saor ó thobac fud fad na hÉireann agus dár ndaoine óga, ach go háirithe. Cuirtear fáilte roimh agus tá géarghá le mír a chur san áireamh a bhaineann leis an mbaol a chruthaíonn caitheamh tobac i gcuraclam OSPS na Sraithe Sóisearaí. A bhuíochas leis an tóir atá ag dul i méid atá ar fheachtais faoi stiúir an phobail chun timpeallachtaí saor ó thobac a chruthú i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre, is féidir le caitheamh tobac a bhaint de réir a chéile ó shaol ár leanaí. Mar gheall go bhfuil níos mó oideachais á chur ar fáil ar an ábhar seo, d’fhéadfadh gur féidir linn an chéad ghlúin saor ó thobac a bheith ann.
“Cuirfear cosc inár mBille Sláinte Poiblí (Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín ar tháirgí tobac a dhíol ag áiteanna nó ag imeachtaí atá dírithe ar leanaí agus beidh cosc á chur againn freisin ar thoitíní leictreonacha a dhíol le daoine faoi 18 mbliana d’aois. Táim meáite ar an méid is féidir liom a dhéanamh lena chinntiú nach dtosaíonn ár leanaí ag caitheamh tobac agus gur féidir leo a saol a mhaireachtáil saor ón táirge andúile agus marfach seo.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cuireann seirbhís QUIT FSS tacaíocht phearsantaithe saor in aisce ar fáil ar an nguthán, ar ríomhphost, trí Sheirbhís Gearrtheachtaireachtaí agus trí chomhrá beo. Is féidir le caiteoirí tobac glaoch saor in aisce a chur ar 1800 201 203 nó cuairt a thabhairt ar www.QUIT.ie chun Paca QUIT saor in aisce a fháil, agus chun Plean QUIT a chruthú nó chun scéalta daoine eile a léamh. Tá tacaíocht idir piaraí ar fáil ar Leathanach Facebook QUIT nó ar Twitter ag HSE QUIT @HSEQuitTeam.