English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsiú an Bhille Sláinte (Seirbhís na Liachleachtóirí Ginearálta agus Athrú ar Chritéir Cháilitheachta) 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025

Inniu (Dé hAoine), chuir an tAire Sláinte, Simon Harris TD, fáilte roimh chinneadh an Rialtais an Bhille Sláinte (Seirbhís Dochtúirí Teaghlaigh agus Athrú Critéir Incháilitheachta) 2020 a fhormheas le bheith foilsithe.

Soláthraíonn an Bille seo an creat reachtach don chúram dochtúirí teaghlaigh gan táille a bheith leathnaithe amach ar bhonn céimnithe ionas go mbeidh sé ar fáil ag gach aon leanbh in aois bunscoile agus chun na teorainneacha ioncaim don mheasúnú le haghaidh cárta leighis a mhéadú i gcás daoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine.

Beart sláinte tábhachtach atá ann agus an cúram dochtúirí teaghlaigh gan táille a leathnú amach, beart a réitíonn leis an ngealltanas atá tugtha ag an Rialtas go bhfuiltear chun deimhniú go mbeidh rochtain ag gach uile leanbh ar chúram Dochtúirí Teaghlaigh, agus beart atá ar aon dul leis an bPlean Forfheidhmithe Sláintecare rochtain uilíoch a chur ar fáil ar an gcúram sláinte.

Leis an mBille seo, táthar chun foráil a dhéanamh chun an cúram Dochtúirí Teaghlaigh gan táille a leathnú amach le bheith ar fáil do leanaí 6 agus 7 mbliana ar an gcéad dul síos agus go leathnófar amach é sa bhreis ina dhiaidh sin ar bhonn céimnithe le bheith ar fáil do gach aon leanbh 12 bliana d’aois, nó níos óige ná sin, sna blianta beaga atá amach romhainn. Tá foráil déanta leis an mBille freisin go sínfear amach na teorainneacha comhlána ioncaim le haghaidh cárta leighis dóibh siúd atá 70 bliain d’aois nó níos sine, go €550 do dhuine aonair agus go €1,050 do lánúin.

Dúirt an tAire Harris inniu, tar éis don chead a bheith faighte ón Rialtas chun an reachtaíocht seo a fhoilsiú:

"Tá dhá ghné ag baint leis an reachtaíocht seo. Cuirfidh sé feabhas mór ar an rochtain atá ar sheirbhísí dochtúirí teaghlaigh do leanaí agus chomh maith leis sin cuirfidh sé leis an líon daoine os cionn 70 a bhfuil rochtain acu ar chárta leighis. Cuirfear feidhm leis an mBille seo dá bharr le dhá bheart a bhfuilimid an-sásta fúthu agus gur céimeanna tábhachtacha iad chun an gealltanas atá tugtha ag an Rialtas go ndéanfar cinnte de go mbeidh rochtain inacmhainne ar an gcúram sláinte ar fáil do chách a bhaint amach.

"Garsprioc shuntasach atá ann is ea creat reachtach a sholáthar chun an cúram dochtúirí teaghlaigh saor in aisce a leathnú amach do gach aon leanbh bunscoile. Túschéim atá ann i dtreo é a chinntiú nach bhfuil costas ina bhacainn a thuilleadh ar rochtain ar an gcúram sláinte cuí nuair a tá sé ag teastáil ó leanaí.

"Sa bhealach céanna, is beart tábhachtach eile é an síneadh atáimid an-sásta faoi sna teorainneacha ioncaim don chárta leighis chun tacú le daoine scothaosta inár bpobal. Meastar go bhféadfadh suas le 56,000 seanduine breise sa tsochaí leas a bhaint as an mbeart seo, ag soláthar rochtana dóibh ar raon seirbhísí sláinte ag am dá saol a mbíonn na riachtanais sláinte atá acu níos casta, agus cuirfear leis an gcaighdeán beatha atá acu dá bharr.”

CRÍOCH