English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Formheasann an Rialtas ainmniú Ospidéal an Mater mar Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra Tráma agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta mar Aonad/Aonaid Tráma do Bhaile Átha Cliath

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhormheas an Rialtas inniu an t-ainmniú d’Ospidéal an Mater mar an Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra Tráma agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta mar na hAonaid Tráma do Bhaile Átha Cliath.

Is céim ríthábhachtach é an cinneadh, a d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, i bhforbairt córais tráma náisiúnta d’Éirinn. Soláthróidh an tIonad Mór-Thráma gach sainseirbhís mhór a bhaineann le cúram mórthráma, agus beidh torthaí níos fearr ann d’othair a gortaíodh go dona. Seachadfaidh na hAonaid Tráma cúram tráma do chásanna nach bhfuil chomh casta nó d’othair le gortuithe a mheastar a bheith criticiúil ó thaobh ama de agus nuair nach féidir aistriú díreach chuig an Lárionad Mór-Thráma laistigh den chreat ama riachtanach.

Dúirt an tAire Donnelly

“Is éard atá i gceist le mórthráma ná gortuithe casta a d’fhéadfadh athrú mór ar shaol nó bás bheith i gceist - ar an meán, baineann gortú mórthráma de thimpeall 1,600 othar in Éirinn. Taispeántar go seasta i staidéir gur níos lú an seans go bhfaighidh 15-20% d’othair a gortaíodh go dona bás má ligtear isteach in Ionad Mór-Thráma iad ná mar a bheadh má ligtear isteach in ospidéil eile iad. Trí mhórchásanna tráma a dhíriú in ionaid ardtoirte soláthraítear an mhais chriticiúil riachtanach, an tréchur cliniciúil, an bonneagar speisialaithe agus na sainscileanna faoi aon díon amháin, rud a fhágann go mbeidh torthaí níos fearr ann d’othair a bhfuil mór-thráma orthu.”

Moltar sa Straitéis Náisiúnta Tráma go dtabharfaí isteach córas tráma uilechuimsitheach d’Éirinn le Lárionad Mór-Thráma amháin a bheadh lonnaithe i mBaile Átha Cliath ag freastal ar an bPríomh-Líonra Tráma agus ceann eile lonnaithe in Ospidéal Ollscoile Chorcaí a fhreastalódh ar an Líonra Tráma Theas. Ina theannta sin, moltar go mbeadh gach ceann de na Mórionaid Tráma seo nasctha le roinnt Aonad Tráma ar fud na tíre agus gur chóir go mbeadh dhá Aonad Tráma ar a mhéad i mBaile Átha Cliath, i dteannta leis an Lárionad Mór-Thráma.

Ghlac an Rialtas le moladh Bhord FSS maidir leis na láithreacha tar éis tuarascáil ó Phainéal Measúnaithe Neamhspleách ar a raibh saineolaithe áitiúla agus idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire

“Déileálfaidh na cliniceoirí cearta anois le hothair tráma a bheidh gortaithe go dona, sna hospidéil chearta, chomh tapa agus is féidir, agus gheobhaidh siad cúram i bhfad níos gasta ó fhoirne tráma speisialaithe ar féidir leo gortuithe a mbainfidh baol báis leo a shainaithint i bhfad níos gasta agus obráidí tarrthála a dhéanamh níos luaithe. Maidir le cóireáil de thráma nach bhfuil chomh dian, beidh an dá Aonad Tráma i mBaile Átha Cliath riachtanach chun a chinntiú go mbeidh an tIonad Mór-Thráma in ann déileáil le mórthráma nuair a thiocfaidh sé.”

Dúirt an tUasal Ciarán Devane, Cathaoirleach Bhord FSS,

“Leis an gcinneadh a d’fhógair an Rialtas inniu cuirtear an Straitéis Náisiúnta Tráma chun cinn, agus is athchóiriú straitéiseach tábhachtach é sin faoi Sláintecare. Sprioc sainithe inár bPlean Seirbhíse Náisiúnta freisin ab ea tús a chur le forbairt chéimnithe an Lárionaid Mór-Thráma i mBaile Átha Cliath agus beidh feabhsúcháin ar thorthaí d’othair tráma mar thoradh air. Tugann an infheistíocht i seirbhísí tráma atá san áireamh sa phlean sin, in éineacht le cinneadh an lae inniu, bealach do FSS na seirbhísí a chuirtear ar fáil d’othair tráma in Éirinn a neartú.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Cúlra

1. Tuarascáil an Ghrúpa Stiúrtha um Thráma; D’fhormheas an Rialtas Córas Tráma d’Éirinn (an Straitéis Náisiúnta Tráma) i mí Feabhra 2018. Moltar sa Straitéis Náisiúnta Tráma go dtabharfaí isteach córas tráma uilechuimsitheach d’Éirinn.

2. Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Tráma conas a chuirfidh dhá líonra réigiúnacha (Líonraí Tráma Lár agus Deiscirt) seirbhísí tráma d’aosaigh ar fáil, gach ceann acu le Mór-Ionad Tráma, le ceann acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ceann eile lonnaithe in Ospidéal Ollscoile Chorcaí, a sholáthróidh an leibhéal is airde de shainchúraim tráma do na hothair a bhfuil na gortuithe is dona acu ar shuíomh ospidéil amháin.

3. Laistigh de gach líonra, seachadfaidh roinnt Aonad Tráma cúram tráma níos ginearálta d’fhormhór na n-othar nach dteastaíonn saineolas speisialaithe Lárionad Trámaí uathu.

An próiseas maidir le hIonad Mór-Thráma a ainmniú le haghaidh an Príomh-Líonra Tráma agus na hAonaid Tráma do Bhaile Átha Cliath

4. Chun próiseas láidir ainmniúcháin a chinntiú, bhunaigh FSS Grúpa Forfheidhmithe Athbhreithnithe Tráma (TRIG) ina raibh ionadaíocht chliniciúil agus bhainistíochta shinsearach ann. D'ullmhaigh an TRIG creat ainmniúcháin a sholáthraíonn treoir mhionsonraithe, shonrach agus fhianaise-bhunaithe a bhféadfaí ospidéil a mheas ina choinne. Bhí an creat seo faoi réir comhairliúcháin fhoirmiúil phoiblí a mhair ar feadh ocht seachtaine.

5. Ceapadh Painéal Measúnaithe Neamhspleách, ar a raibh saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, chun comhairle a sholáthar ar an áit is fearr leis an Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra Tráma agus líon agus suíomh Aonad/Aonaid Tráma Bhaile Átha Cliath, ag baint úsáide as an gcreat ainmnithe arna gcomhaontú.

6. Thug an Painéal le fios go n-ainmneofaí Ospidéal an Mater mar an Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra Tráma agus go n-ainmneofaí Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta mar Aonaid Tráma do Bhaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin rinne Bord FSS an moladh seo don Aire Sláinte.

Cur chun feidhme

7. Déanfaidh an Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta, ag obair le hurraitheoirí ó gach cearn den chóras cúram sláinte, Ceannaire Cliniciúil an Príomh-Líonra Tráma agus foirne bainistíochta na n-ospidéal, maoirseacht ar bhunú Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae mar an Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra ráma agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Ospidéal Ollscoile Thamhlachta mar Aonaid Tráma do Bhaile Átha Cliath.

8. Mairfidh cur i bhfeidhm an chórais tráma thar thrí chéim. I gCéim a hAon feicfear bunphrionsabail an chórais tráma d’Éirinn. Fágfaidh sé sin go bhfaighidh na hothair leis na gortuithe is tromchúisí ón bPríomh-Líonra Tráma rochtain ar Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae go díreach nó trí aistriú tánaisteach.

9. I gCéim a Dó forbrófar comhpháirteanna eile de na líonraí tráma, lena n-áirítear forbairt seirbhísí mór-thráma in Ospidéal Ollscoile Chorcaí, an tIonad Mór-Thráma don Líonra Tráma Theas agus san Aonad Tráma le Seirbhísí Speisialtóra (TUSS) ag Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh , agus seirbhísí tráma a bhunú ag an gcéad cheann de roinnt Aonad Tráma ar fud na tíre.

10. Soláthraíodh maoiniú de € 5.7 milliún i mBuiséad 2021 chun ligean do Chéim 1 d’fhorbairt an Lárionad Mór-Thráma don Phríomh-Líonra Tráma a thosú. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas roinnt seirbhísí ríthábhachtacha a bhunú san Ionad Mór-Thráma. Nuair a bheidh sé bunaithe, tá sé beartaithe go dtosófar go foirmiúil le seirbhísí san Ionad go luath in 2022.

11. I gCéim a Trí feicfear aibiú an chórais tráma i dtreo a staid dheiridh le forbairt leanúnach na seirbhísí uile a bhunófar i gCéimeanna a hAon agus a Dó.