Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gabhann an tAire Donnelly buíochas ar Lá Domhanda in aghaidh Ailse

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Bíonn Lá Domhanda in aghaidh Ailse ar siúl an 4 Feabhra gach bliain. Tá sé faoi stiúir an Aontais Idirnáisiúnta Rialaithe Ailse (UICC), a bhfuil an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse agus Cumann Ailse na hÉireann ina mbaill de.

Is é aidhm Lá Domhanda in aghaidh Ailse na milliúin básanna inchoiscthe a shábháil gach bliain trí fheasacht a ardú agus trí oideachas, agus trí bhrú a chur ar rialtais agus ar dhaoine aonair ar fud an domhain gníomhú i gcoinne an ghalair.

Tá fócas Lá Domhanda in aghaidh Ailse 2021 ar bhuíochas a ghabháil leis na haltraí, dochtúirí, taighdeoirí, oibrithe deonacha, abhcóidí agus cúramóirí eile san oinceolaíocht, chomh maith le gníomhaireachtaí rialtais, a d’oibrigh trí phaindéim COVID-19 le dhá mhí dhéag anuas ar mhaithe le hothair.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:

“Mar is eol dúinn uile, tá paindéim COVID-19 tar éis dúshláin ollmhóra a chur os comhair ár seirbhísí sláinte. Ón tús, gheall an Rialtas go leanfaí de sheirbhísí ailse. Rinne go leor daoine iarrachtaí ollmhóra agus leanann seirbhísí ailse ag feidhmiú de réir na treorach a d’eisigh Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS."

“Ba mhaith liom an deis a thapú le buíochas ó chroí a ghabháil leis na cúramóirí díograiseacha agus dícheallacha sna seirbhísí oinceolaíochta ar fud na tíre agus leis na gníomhaireachtaí rialtais a d’oibrigh le linn phaindéim COVID-19 chun cúram sainiúil, atruach a thabhairt dár ngaolta atá ag troid in aghaidh ailse."

“Bhí an-áthas orm a fhógairt i mí Dheireadh Fómhair gur leithdháileadh €12m go sonrach chun seirbhísí ailse a athchóiriú i gcomhthéacs COVID-19 i mBuiséad 2021. Tá an maoiniú seo á úsáid chun tacú le seirbhísí diagnóiseacha, clinicí fíorúla agus triáis, eagrú seirbhísí cóireála, mionoibreacha caipitil agus tacaíochtaí síceasóisialta."

“Ina theannta sin, d’fhógair mé go bhfuil maoiniú €20m leithdháilte chun an Straitéis Náisiúnta Ailse a chur i bhfeidhm go leanúnach i mbliana. Cabhróidh an maoiniú seo le forbairtí maidir le cosc, diagnóis, cóireáil agus tacaíochtaí othar a éascú."

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Is é téama Lá Domhanda Ailse 2021: “I am and I will"

Is é an cuspóir atá leis seo spiorad agus neart neamhghnách an phobail ailse a chuimsiú. Tá scéalta faoi othair ailse, a taifeadadh le bliain anuas, á dtaispeáint ag ócáid Lá Domhanda in aghaidh Ailse i dteistiméireachtaí agus in ailt ar leathanach tiomnaithe den láithreán gréasáin oifigiúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat