Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Geallann an tAire Sláinte maoiniú breise do Ghrúpa 221+

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Bhuail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD le hionadaithe ón nGrúpa 221+ - an grúpa tacaíochta d’othair CervicalCheck, ó Fhondúireacht Marie Keating agus ó Chumann Ailse na hÉireann inné. Ag an gcruinniú, gheall an tAire maoiniú breise a sholáthar don Ghrúpa 221+ thar an comhaontú reatha.

Dúirt an tAire Sláinte:

"Tá áthas orm a fhógairt go bhfuilim tiomanta maoiniú a cheadú don Ghrúpa Tacaíochta 221+ i ndiaidh Lúnasa 2021. Tacóidh an maoiniú seo leis an nGrúpa 221+ ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh lena chuid oibre ag cabhrú le hothair agus neasghaolta dóibh siúd a mbíonn tionchar díreach ag saincheisteanna CervicalCheck orthu trí fhaisnéis, comhairle agus tacaíocht a sholáthar."

Ag an gcruinniú, gheall an tAire freisin an dara hionadaí othar ón ngrúpa 221+ a cheapadh ar Choiste Stiúrtha CervicalCheck. Tá an Coiste comhdhéanta de bhaill ó eagraíochtaí éagsúla, mar shampla an Roinn Sláinte, FSS, Cumann Ailse na hÉireann, an RCPI agus an ICGP.

Dúirt an tAire Sláinte:

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don méid a dhéanann Grúpa 221+, ag cinntiú go n-éistfear le glórtha na mban agus na dteaghlach lena mbaineann i seachadadh ár Seirbhísí Scagthástála Náisiúnta. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an ngrúpa chun a chinntiú go leanfaidh Éire ar aghaidh ag soláthar seirbhísí scagthástála sláinte den scoth maidir le hailse cheirbheacs.

"Táim lántiomanta do ról lárnach na n-othar a chinntiú agus iad ag obair leis an tseirbhís sláinte poiblí chun beartas sláinte a fhorbairt agus i ndearadh agus i leasú seirbhísí sláinte. Tá sé ríthábhachtach go gcloiseann an rialtas guth an úsáideora seirbhíse agus go n-áirítear an guth sin. Glacann ionadaithe othar páirt ar roinnt coistí agus grúpaí oibre ar fud na Roinne Sláinte, FSS agus gníomhaireachtaí sláinte agus cuireann siad go mór le hobair chinnteoireachta straitéiseach na gcoistí agus na ngrúpaí sin."

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Shínigh an Roinn Sláinte comhaontú deontais in 2018 chun Grúpa Tacaíochta Othar CervicalCheck a bhunú a mbeidh feidhm leis go dtí deireadh mhí Lúnasa 2021. Is cúram don rialtas é sonraí faoin maoiniú breise a shocrú agus fógrófar é in am trátha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat