Aontaíonn an Rialtas le cleachtadh scóipe a dhéanamh mar fhreagra ar iarratais ó Dignity4Patients thar ceann íospartach agus marthanóirí Michael Shine
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Inniu, Dé Céadaoin an 26 Samhain 2025, d’aontaigh an Rialtas go ndéanfadh duine neamhspleách cleachtadh scóipe, atá faoi theorainn ama, mar fhreagra ar iarratais ó Dignity4Patients thar ceann íospartach agus marthanóirí Michael Shine.
Cuirfear na dréacht-théarmaí tagartha don chleachtadh scóipe i gcrích tar éis dul i dteagmháil le Dignity4Patients agus le Ranna Rialtais ábhartha eile. Rachaidh an Roinn Sláinte i gcomhairle go dlúth le hOifig an Ard-Aighne maidir le dul chun cinn an chleachtaidh seo sna sála ar chinneadh an Rialtais.
Tabharfaidh an duine neamhspleách seo tuairisc don Rialtas lena moltaí maidir le freagairt chuí agus shaincheaptha ar na saincheisteanna a ardaítear agus na riachtanais atá aitheanta ag Dignity4Patients thar ceann íospartach agus marthanóirí Michael Shine.