Aontaíonn an Rialtas le fiosrúchán poiblí reachtúil ar Sheirbhísí Spina Bifida agus Scolóise atá casta a chur ar bun
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
Inniu, Dé Máirt an 18 Samhain 2025, d’aontaigh an Rialtas le fiosrúchán poiblí reachtúil a dhéanamh ar sheirbhísí spina bifida agus scolóise atá casta.
Mar chéim tosaigh, chomhaontaigh an Rialtas go gceapfar éascaitheoir chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí maidir leis na téarmaí tagartha féideartha d’fhiosrúchán a mheas. Rachaidh an Roinn Sláinte i gcomhairle go dlúth le hOifig an Ard-Aighne maidir leis an ngníomh seo a chur chun cinn, sna sála ar chinneadh an Rialtais seo.
Beidh sé seo teoranta ó thaobh ama de, ach tá go leor oibre le déanamh chun a chinntiú go mbeidh na téarmaí tagartha is soiléire is féidir againn d’fhiosrúchán reachtúil sa deireadh. Tá sé tábhachtach go ndéanfar machnamh cúramach ar na saincheisteanna iomadúla a ardófar maidir leis an mbealach is fearr chun na torthaí atá á lorg ag teaghlaigh agus ag geallsealbhóirí eile a bhaint amach.
Agus an cleachtadh scóipe seo curtha i gcrích, lorgófar faomhadh an rialtais arís do na téarmaí tagartha deiridh.