Tuarascáil Eatramhach HIQA ar Mhaoirseacht Rialála ag an bPríomhchigire ar Ionad Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta foilsithe
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Meitheamh 2025
Fuair an tAire O’Donnell tuairisc eatramhach maidir leis an teagmháil idir HIQA leis an dá theach altranais le coicís anuas ar an Aoine, an 13 Meitheamh.
Bhuail an tAire, le hoifigigh na roinne, le HIQA ar 4 Meitheamh chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíocht rialála a bhaineann leis na tithe altranais, a raibh tagairt dóibh déanta sa chlár RTÉ Investigates.
Ag an gcruinniú seo, tugadh comhairle don Aire go leanfaidh an comhoibriú idir HIQA agus Oifig an Phríomhchigire le The Residence Port Laoise agus Beneavin Manor, Glas Naíon ar aghaidh agus lorgaíodh nóta nuashonraithe ar an dul chun cinn roimh dheireadh na seachtaine seo caite.
Chomh maith leis sin, d’iarr an tAire ar HIQA forbhreathnú cuimsitheach a sholáthar ar na tithe altranais, gur le hEmeis Éireann iad. Tá an Príomhchigire tiomanta do thuairisc iomlán a chur ar fáil roimh dheireadh na seachtaine seo, chun forbhreathnú ar stair rialála san iomlán a chur ar fáil, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do chomhlíonadh rialála, gníomhartha forfheidhmithe a mhéadú agus aon choinníoll breise.
Bhuail an tAire O’Donnell agus an tAire Carroll MacNeill, le hoifigigh ón Roinn Sláinte, le HIQA inniu, 17 Meitheamh, chun plé a dhéanamh ar an tuarascáil eatramhach. Tá ábhar agus torthaí na tuarascála á gcur san áireamh, in éineacht leis an tuarascáil iomlán, atá le teacht ó HIQA faoi dheireadh na seachtaine seo.