Infheistíocht bhreise á fhógairt ag an Aire Butler i síceolaíocht agus meabhairshláinte cúraim phríomhúil mar chuid de Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistíocht bhreise á fhógairt ag an Aire Butler i síceolaíocht agus meabhairshláinte cúraim phríomhúil mar chuid de Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá infheistíocht bhreise fógartha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, i síceolaíocht agus meabhairshláinte cúraim phríomhúil mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Liostaí Feithimh 2022, a sheol an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu.

Dúirt an tAire Butler

“go ndéanann an plean foráil do €5.5 milliún tiomnaithe chun laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na leanaí agus na ndaoine óga faoi 18 atá ag fanacht le leas a bhaint as na seirbhísí ríthábhachtacha seo.

“Cuireann an infheistíocht seo leis an tionscnamh €4 milliún a sheol mé mí Lúnasa seo caite chun dul i ngleic leis na liostaí feithimh dúshlánacha seo agus chuir sé ar chumas níos mó ná 1,600 duine óg leas a bhaint as an tseirbhís síceolaíochta cúraim phríomhúil agus rochtain a fháil ar na tacaíochtaí riachtanacha”. “Mar aitheantas ar thorthaí dearfacha an tionscnaimh seo, daingníodh infheistíocht bhreise de thart ar €1.4 milliún chun a chinntiú go leanfar leis ag feidhmiú sa chéad ráithe den bhliain seo.”

Dúirt an tAire Butler go

“bhfeabhsóidh an €5.5 milliún breise dá bhforáiltear faoin bPlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh cumas na seirbhísí síceolaíochta cúraim phríomhúil, rud a chuirfidh ar bhonn níos inbhuanaithe é san fhadtéarma. Ceadóidh an infheistíocht seo síceolaithe, cúntóirí síceolaíochta agus comhairleoirí breise a earcú chun tacaíochtaí a sholáthar dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leo, a luaithe is féidir. Bainfidh 3,300 leanbh agus duine óg eile úsáid as an tseirbhís agus bainfear den liosta feithimh iad de réir mar a thiocfaidh na baill foirne nua seo ar bord le linn 2022”.

Mar fhocal scoir, d'fháiltigh an tAire Butler freisin roimh an leithdháileadh faoin bPlean de €1.3 milliún breise do Chomhairleoireacht i gCúram Príomhúil agus €9.1 milliún chun tacú le réimsí tosaíochta pobail, lena n-áirítear seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus ógánaigh, uathachas agus réimsí eile.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat