Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lá na nGalar Neamhchoitianta – an 28 Feabhra 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Feabhra 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Beidh Lá bliantúil na nGalar Neamhchoitianta, an 12ú ceann dá chineál, ar siúl Déardaoin an 28 Feabhra 2019. Beidh sé mar aidhm leis feasacht a mhéadú i measc cinnteoirí agus an phobail i gcoitinne ar ghalair neamhchoitianta agus ar an difear a dhéanann siad do shaol othar. Is é ‘Bearnaí a Dhúnadh idir Cúram Sláinte agus Cúram Sóisialta’ an téama do Lá na nGalar Neamhchoitianta 2019 agus ceiliúrfar é trí chomhdháil uile-oileáin a óstáil i mBaile Átha Cliath.

Beidh na nithe seo a leanas i measc na dtopaicí a phléifear le linn na comhdhála:

  • Eispéireas othar ar sheirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta
  • An dea-chleachtas maidir le seirbhísí comhordaithe a sholáthar d’othair
  • Staid reatha na bpleananna maidir le galair neamhchoitianta ó Thuaidh agus ó Dheas.

Beidh galar neamhchoitianta ag duine amháin as gach 15 duine am éigin le linn a saoil. Uaireanta, bíonn easpa eolais agus saineolais ann ar ghalair neamhchoitianta áirithe toisc go mbíonn siad chomh neamhchoitianta sin. Níl aon leigheas ann ar fhormhór na ngalar neamhchoitianta agus fágtar cuid mhór díobh gan diagnóisiú. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go méadófaí feasacht orthu. Is é an príomhchuspóir atá le Lá na nGalar Neamhchoitianta ná na bearnaí a dhúnadh sa dóigh a gcomhordaítear seirbhísí leighis, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí tacaíochta ar mhaithe le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann gach lá roimh dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta acu.

Cuireadh an Clár Cliniciúil Náisiúnta do Ghalair Neamhchoitianta ar bun i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) sa bhliain 2013 agus chuir FSS an Oifig Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta ar bun sa bhliain 2015. Is é cuspóir na hOifige Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta faisnéis atá iontaofa agus cothrom le dáta a thabhairt d’othair, teaghlaigh agus gairmithe cúram sláinte faoi ghalair ghéiniteacha agus galair neamhchoitianta.

Ghuigh an tAire Harris gach rath ar na daoine uile a bhfuil baint acu leis an 12ú Lá Bliantúil Galar Neamhchoitianta, agus é ag rá,

“Ba mhaith liom m’fhocal a thabhairt do gach duine lena mbaineann go bhfuil mo Roinn lántiomanta do bheith ag obair le FSS chun leanúint leis na moltaí atá sa Phlean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta a chur chun feidhme. I dtaca leis sin, bhuail mo Roinn leis an Tascfhórsa maidir le Galair Neamhchoitianta an 20 Feabhra agus, le linn na bliana 2019, leanfaidh sí le bualadh leis an gcomhlacht tábhachtach sin, a dhéanann ionadaíocht d’othair. Leanfaidh mo Roinn le bualadh leis an gClár Cliniciúil Náisiúnta in FSS freisin chun a chinntiú go dtabharfar tacaíocht iomlán don chlár tábhachtach sin”.

CRÍOCH