Reachtaíocht cheannródaíoch le dlíthe na hÉireann maidir le meabhairshláinte a nuashonrú, agus faomhadh na Comh-Aireachta faighte ag an Aire Butler le haghaidh Leasuithe ag Céim an Choiste
- Foilsithe: 27 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025
- An Rialtas le 241 leasú don Bille Meabhair-Shláinte 2024 a sheoladh chuig an Oireachtas
- Tá Achtú an Bhille mar thosaíocht ag an Rialtas
- Tá an Bille, ina bhfuil 202 alt ann, duine-lárnach agus cosnóidh sé cearta na ndaoine sin le deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn.
Fuair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler inniu faomhadh na Comh-Aireachta le haghaidh leasuithe ón Rialtas don Bhille Meabhair-Shláinte 2024. Beidh sé i gceist ag an Rialtas na leasuithe a chur chuig Céim an Choiste i nDáil Éireann sna seachtainí atá amach romhainn.
Scríobh an tAire Butler freisin chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte chun iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le forbairt na caighdeán nua do na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) roimh thús na reachtaíochta.
Tá an tAire Butler ag súil le plé dearfach ó gach taobh ar na leasuithe agus le dul chun cinn leanúnach an Bhille mar phríomhthosaíocht ag Tithe an Oireachtais.
Ag labhairt di i ndiaidh na Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire Butler:
"Is reachtaíocht cheannródaíoch í an Bille Meabhair-Shláinte 2024, a dhéanfaidh na dlíthe meabhairshláinte a nuashonrú agus a nuachóiriú. D’fhoilsigh mé an Bille i mí Iúil anuraidh agus chuir mé os comhair na Dála é. Bhí áthas orm an Bille a chur ar an gclár orduithe arís, mar cheann de mo chéad ghníomh mar Phríomh-aoire, i mí Feabhra na bliana seo."
“Táim sásta anois go bhfuil cead faighte agam ó mo chomhghleacaithe Comh-Aireachta maidir le leasuithe an Rialtais ar an mBille Meabhair-Shláinte, agus chun an reachtaíocht seo a chur chun cinn sna seachtainí atá romhainn. Déanfaidh an díospóireacht ag an gComhchoiste cinnte go mbeidh an Bille tábhachtach seo chomh láidir agus is féidir, agus tá mé tiomanta an reachtaíocht seo a chur chun cinn chomh luath agus is féidir.
“Tá Achtú an Bhille seo mar thosaíocht agam agus ag an Rialtas le fada an lá agus táim ag súil le comhoibriú le mo chomhghleacaithe sa Dáil agus sa Seanad é a chur chun cinn i dtreo a bheith achtaithe.”
Ó foilsíodh an Bille, tá an tAire Butler agus oifigigh ón Roinn Sláinte ag comhoibriú go forleathan le raon leathan páirtithe leasmhara faoina mBille. Baineann go leor de na 241 leasú a moladh ag Céim an Choiste le leasuithe teicniúla, cé go bhfuil daoine eile ag iarraidh freagairt do na buarthaí atá ar na grúpaí leasmhara.
Baineann na leasuithe is mó le forálacha sa Bhille don ghrúpa beag daoine sin, a cuireadh isteach in aonad géarchúraim le haghaidh meabhairshláinte go hainneonach agus nach bhfuil sé ar a gcumas acu cead a thabhairt le haghaidh cóireála.
Ceadaíonn an Bille, mar atá foilsithe, cóireáil do dhaoine a cuireadh isteach go hainneonach agus dóibh siúd nach bhfuil socrú cinneadh malartach curtha i bhfeidhm acu, gan gá le cinneadh ón gCúirt Chuarda ar feadh suas le 21 lá, nó fad is atá siad ag fanacht le cinneadh na Cúirte, má tá mar bhaol dóibh féin nó do dhaoine eile.
Síneoidh na leasuithe a mholtar an tréimhse cóireála atá ceadaithe chuig 21 lá eile (go dtí 42 ar a mhéad) sa chás go bhfuil faofa ag an dara síciatraí comhairleach, nó sa chás go bhfuil siad ag fanacht ar shocrú eile ón gCúirt maidir le cinntí a dhéanamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an duine na critéir do ghlacadh isteach go hainneonach agus nach bhfuil sé ar a gcumas acu.
Molann na leasuithe freisin na critéir a leathnú maidir le cóireáil a chur sna gcásanna sin a bhfuil baol don duine féin nó dhaoine eile ann agus beidh critéir cóireála i bhfeidhm mar chuid den phróiseas seo.
Beidh an Bille seo cabhrach fosta do gach duine a bhaineann úsáid as raon leathan seirbhísí meabhairshláinte trí chóras cláraithe agus rialála na seirbhísí meabhairshláinte sa phobal a chur i bhfeidhm den chéad uair, lena n-áirítear na seirbhísí CAMHS sa phobal.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Tugann Clár an Rialtais tiomantas dúinn reachtaíocht a chur i bhfeidhm chun seirbhísí meabhairshláinte a nuashonrú do na daoine sin a dteastaíonn siad uathu, agus chun na cosaintí riachtanacha a chur ar bun chun a chinntiú go gcosnófar cearta na ndaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn.
“Tríd na leasuithe, tá sé i gceist againn cothromaíocht chuí a bhaint amach maidir le neamhspleáchas an duine, agus ag cinntiú go bhfuil rochtain thráthúil ag an duine ar chúram agus chóireáil nuair is gá.
“Táim muiníneach go ndéanfaidh na leasuithe an Bille níos láidre, go mbeidh sé níos éasca le cur i bhfeidhm, agus go gcosnóidh sé níos fearr cearta na ndaoine sin a bhfuil cóireáil á cur orthu. “
Nótaí
Is píosa reachtaíochta fadcheannach, duine-lárnach é an Bille Meabhair-Shláinte, atá mar thoradh ar bhlianta de dhréachtú, taighde, agus comhairliúchán le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine a bhfuil taithí acu ar sheirbhísí meabhairshláinte, chomh maith lena nduine muinteartha.
Déanfar foráil sa Bhille, i measc nithe eile:
- próiseas nuashonraithe iontrála agus coinneála neamhdheonach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu, lena n-áirítear sraith athbhreithnithe critéar maidir le coinneáil
- cur chuige ollchóirithe maidir le toiliú le cóireáil do dhaoine a ligtear isteach go neamhdheonach
- leathnú ar fheidhm rialála den Choimisiúin Meabhair-Shláinte chun gach áit chónaithe agus seirbhís mheabhairshláinte sa phobal a chur san áireamh, lena n-áirítear gach CAMHS sa phobal
- ailíniú níos dlúithe le prionsabail na nAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022, ag chinntiú go bhfuil tuilleadh smachta ag daoine chun cinntí a dhéanamh faoina gcóireáil féin.
- cosaintí níos láidre do dhaoine a bhfuil rochtain acu ar chóireáil othar cónaitheach
- cúram agus cóireáil do leanaí agus daoine óga a chinntiú, lena n-áirítear forálacha chun ligean do dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d'aois toiliú le cóireáil mheabhairshláinte nó diúltú di