Litir Oscailte chuig Páirtithe Leasmhara – Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 1 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Táim ag scríobh chugat lena chur in iúl duit gur cheap an Roinn Sláinte an tUasal Donie O’Shea mar Oifigeach Idirchaidrimh Tacaíochta Neamhspleách chun idirchaidreamh díreach a dhéanamh leis na teaghlaigh atá bainteach i líomhaintí a rinneadh le déanaí ar chlár Prime Time RTÉ i dtaca le sonraí a bhailiú ar chuspóirí dlíthíochta.
Is féidir leis an Roinn a dheimhniú nach bhfuil breis agus 35 teaghlach bainteach in imeachtaí dlíthiúla i ndlíthíocht oscailte a bhaineann leis na líomhaintí seo. Déanfar teagmháil le gach ceann de na teaghlaigh seo go luath trína n-aturnae agus cuirfear an deis ar fáil dóibh idirchaidreamh díreach a dhéanamh leis an Oifigeach Idirchaidrimh Tacaíochta Neamhspleách.
Is oth leis an Roinn an suaitheadh a d’fhéadfadh tuairiscí meán a rinneadh le déanaí a chur ar na teaghlaigh a bhí bainteach agus tá an Roinn ag dul i mbun beart lena chinntiú go n-éistear agus go dtacaítear leo, agus le daoine eile a bhaineann le seirbhísí uathachais.
Tá an Roinn tiomanta don Sain-Athbhreithniú Neamhspleách a dhéanfaidh Abhcóide Sinsearach seachtrach a fhoilsiú a coimisiúnaíodh i ndiaidh gur cuireadh an Roinn ar an eolas ar líomhaintí anuraidh. Mar gheall ar impleachtaí dlíthiúla, prótacail san áireamh a bhaineann le nochtadh cosanta a fhoilsiú agus mar gheall go bhfuil an Roinn meáite ar chearta an nochtóra a chosaint, leanann an Roinn le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an abhcóide dlí agus beartaíonn sí an tuarascáil a fhoilsiú an tseachtain seo chugainn.
Is féidir liom a dheimhniú gur deimhníodh san athbhreithniú nach raibh aon bhonn ann lena thabhairt le fios go ndearnadh éagóir ag eascairt as na líomhaintí a rinne an nochtóir.
Arís, ba mhaith liom a lua athuair nár bhailigh an Roinn Sláinte eolas íogair leighis agus oideachais faoi leanaí a bhí bainteach i gcásanna cúirte ar an mbealach léirítear i dtuairiscí meán a rinneadh le déanaí.
Bunaíodh foireann laistigh den Roinn Sláinte chun measúnú a dhéanamh ar na fíricí maidir leis na líomhaintí ar leith a rinneadh ar chlár Prime Time RTÉ an 25 Márta 2019. Shainaithin an fhoireann fístaifeadadh aonair i gcomhad cáis amháin. Chuir Aturnaetha an Ghearánaí an físeán seo ar fáil don Roinn mar chomhchosantóirí leis an dlíthíocht. Níor lorg an Roinn na físeáin siúd ag aon tráth. Tá an t-athbhreithniú seo ar bun go leanúnach agus déileálfar le gach ceann de na líomhaintí a tugadh le fios.
Cuireann an Roinn fáilte roimh fhiosrúchán a dhéanfaidh an Coimisiún Cosanta Sonraí (an CCS), a bhfuil cleachtais bhailithe sonraí á bhfiosrú acu faoi láthair i dtaca leis na cásanna seo. Táimse, mar Ard-Rúnaí, anuas ar oifigigh sa Roinn, ag tnúth le torthaí an athbhreithnithe seo agus déanfaimid feabhsúcháin, nuair is gá, bunaithe ar a moltaí.
Tá an Roinn Sláinte tiomanta do leanúint le hidirchaidreamh a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse chun feabhas a chur ar thacaíochtaí d’úsáideoirí seirbhíse, a bhfuil súil leis a laghdóidh an gá go lorgaíonn úsáideoirí seirbhíse dlíthíocht.
Is í ár sprioc, agus ba í ár sprioc i gcónaí, seirbhísí sláinte a fheabhsú do mhuintir na hÉireann. Chuir an Rialtas seo cistiú breise €100 milliún ar fáil nach raibh súil leis d’fhorbairtí nua in 2021, agus rinne sin an cistiú iomlán do sheirbhísí míchumais a mhéadú aníos go dtí €2.2 billiún.
I measc na bhforbairtí maidir le seirbhísí míchumais leanaí, tá an méid seo a leanas;
- Tá Foirne Líonra Míchumais Leanaí á n-athchumrú faoin gclár ‘Seirbhísí Míchumais a Thabhairt chun Cinn do Leanaí agus Daoine Óga 0-18 mbliana d’aois’ (‘Programme Progressing Disability Services for Children and Young People age 0-18 years), chun go mbeidh teacht ag na leanaí go léir faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh ar sheirbhísí de réir a riachtanas, seachas de réir a ndiagnóise, de réir na háite ina gcónaíonn siad nó na háite ina bhfreastalaíonn siad ar scoil agus cinntíonn seo comhsheasmhacht agus cothroime nuair a bhíonn seirbhísí míchumais á soláthar do leanaí agus daoine óga.
- Leithdháileadh €7.8 milliún sa bhreis i Meán Fómhair 2020 ar limistéir Eagraíocht Cúraim Sláinte Pobail aonair bunaithe ar na líonta Measúnuithe ar Riachtanas a bhí ródhlite an 30 Meitheamh 2011, arbh ionann a líon ag an am agus thart ar 6,500. Tá an obair seo faoi lán seoil, agus ó tosaíodh an obair chun an riaráiste measúnuithe a ghlanadh i Meán Fómhair, críochnaíodh Measúnuithe do thart ar 3,850 leanbh, agus laghdaigh seo an riaráiste anuas go dtí thart ar 2,650 cás faoi dheireadh Feabhra. Baineadh laghdú beagnach 60% amach, agus tá go leor eile ar bun.
&Cuireadh cistiú san áireamh i mBuiséad 2021 do 100 post breise teiripe do Sheirbhísí Míchumais Leanaí a chuirfidh feabhas breise ar an teacht ar an idirghabháil is cuí do leanaí. Beidh na chéad 50 ceann de na poist seo i bhfeidhm faoi dheireadh Mheitheamh 2021.
Léirítear meas ar bhur ról mar pháirtithe leasmhara leis an Roinn Sláinte, a dhéanann ionadaíocht don iomaí othar agus teaghlach a ndearna uathachas difear dóibh agus leanfaimid le hidirchaidreamh a dhéanamh libh agus le sibh a chur ar an eolas ar nuashonruithe maidir leis an tsaincheist seo as seo amach.
Is mise, le meas,
Robert.