Síníonn an tUachtarán Connolly an tAcht Meabhairshláinte, 2026 sa dlí
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Bealtaine 2026
- Tús le ré nua i gCúram Meabhairshláinte in Éirinn is ea é an tAcht Meabhairshláinte, 2026 lena gcinntíonn go mbeidh guth agus rogha ag daoine ina gcúram agus ina gcóireáil féin
- Tá obair ar siúl anois chun tús a chur leis an Acht nua, ina measc sin tá forbairt na gcaighdeán nua le seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh a rialáil den chéad uair
Shínigh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an tAcht Meabhairshláinte, 2026 sa dlí i ndiaidh mhachnamh an Bhille a chuir gach céim san Oireachtas i gcrích an tseachtain seo caite.
Chuir an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, fáilte roimh achtú an Achta Meabhairshláinte nua:
"Is tosaíocht ghairmiúil agus phearsanta é an tAcht seo dom ó thosaigh mé san oifig agus mé i m'Aire Meabhairshláinte. Tá bród an domhain orm an tAcht Meabhairshláinte, 2026 a fheiceáil sínithe sa dlí inniu, tar éis na blianta a caitheadh ag dréachtú, ag dul i gcomhairle agus ag díospóireacht faoi. Creidim go léiríonn an tAcht seo an chothromaíocht cheart idir na dearcthaí éagsúla uile chun cur chuige atá dírithe ar an duine agus cur chuige a chomlíonann cearta an duine a chinntiú i gcomhair cúram meabhairshláinte in Éirinn."
"Léiríonn an tAcht seo ré nua i gcomhair sheirbhísí Meabhairshláinte na hÉireann. Tá réimse cosaintí sa bhreis á thabhairt isteach againn do dhaoine atá ag teacht ar sheirbhísí meabhairshláinte, le cosaint níos fearr a thabhairt dá gceart agus guth agus rogha daoine ina gcúram agus ina gcóireáil féin a chinntiú. Feicfear leis an Acht nua chomh maith na seirbhísí meabhairshláinte pobail uile, lena n-áirítear seirbhísí cónaithe agus seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh sa phobal, á gclárú agus á rialáil den chéad uair i stair an Stáit."
Maidir le tosú an Achta nua, dúirt an tAire Butler:
“Tá roinnt athruithe suntasacha sna 268 gcuid den Acht a mbeidh ar ár seirbhísí dul i dtaithí orthu. Agus an tAcht á theacht isteach sa dlí, tosaíodh obair cheana féin chun tús a chur leis an reachtaíocht. Áirítear sa mhéid sin reachtaíocht thánaisteach a dhréachtú, an fhorbairt traenála agus oideachais sa bhreis do ghairmithe atá ag feidhmiú faoin Acht nua, agus múscailt feasachta faoi na hathruithe do na daoine ag teacht ar sheirbhísí faoin Acht. Is mian liom a fheiceáil tús an Achta a bheith curtha chomh luaithe agus is féidir, agus beidh maoiniú breise á lorg agam sa phróiseas Meastachán i gcomhair 2027 chun na foinsí riachtanacha a chur ar fáil le cinntiú go mbeidh rath ar an Acht Meabhairshláinte nua.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Tá an-bhród orm le feiceáil gur bhain an tAcht Meabhairshláinte, 2026 an sprioc thábhachtach seo amach. Cuimhneofar ar inniu mar lá tábhachtach i stair sheirbhísí Meabhairshláinte na hÉireann, agus ba mhaith liom gach duine a bhí páirteach san Acht a thabhairt sa dlí a mholadh. Táim ag tnúth le tús a chur leis an Acht Meabhairshláinte, 2026 a luaithe agus is féidir agus táim ag tnúth le comhlíonadh iomlán na gceart de dhaoine atá ag teacht ar sheirbhísí Meabhairshláinte agus iad ag fáil na cáilíochta cúraim is fearr agus is féidir."
Nótaí don Eagarthóir:
Is é cuspóir an Bhille ná:
- Athbhreithniú agus feabhsú a dhéanamh ar thaithí daoine a ligtear isteach go héigeantach i suíomh géarchúraim mheabhairshláinte.
- Cosaintí nua a chur ar fáil do na daoine sin, agus cur chuige leasaithe a thabhairt isteach maidir le toiliú don chóireáil, lena chinntiú go mbeidh níos mó tionchair ag daoine ar chinntí faoina gcóireáil.
- Cumhachtaí nua a thabhairt don Choimisiún Meabhairshláinte chun gach seirbhís mheabhairshláinte pobail a rialáil, lena n-áirítear seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh sa phobal.
- Foráil i reacht a dhéanamh i gcomhair Cuid thiomanta den Bhille a bhaineann go heisiach le cúram agus cóireáil leanaí agus daoine óga i suíomhanna géar-mheabhairshláinte lena n-áirítear cead a thabhairt do dhaoine 16 agus 17 mbliana d'aois toiliú don chóireáil mheabhairshláinte ar an mbonn céanna leis an gcúram sláinte fisiciúil.
- Foilsíodh an Bille Meabhairshláinte i mí Iúil 2024, chríochnaigh sé gach céim sa Dáil i mí Iúil 2025, chríochnaigh sé gach céim sa Seanad i mí Aibreáin 2026 agus cuireadh an tuairisc ar ais chuig an Dáil an 29 Aibreán 2026.
- Lean an tAire Butler agus oifigigh na Roinne Sláinte ar aghaidh le dul i gcomhairle go forleathan le príomhpháirtithe leasmhara faoin mBille le linn an phróisis reachtaíochta. Bhí tionchar díreach ag an gcomhairliúchán seo ar na beagnach 800 leasú Rialtais ar an mBille.
I measc na leasuithe is suntasaí tá:
- Athruithe ar na forálacha maidir le toiliú don chóireáil do dhaoine fásta chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar chóireáil nuair nach bhfuil cumas cinnteoireachta acu agus nach bhfuil ionadaí cinnteoireachta ábhartha acu.
- Athruithe ar phróiseas ligean isteach go héigeantach leanaí agus a gcóireáil, lena n-áirítear cosc ar theiripe leictreach-thonnach do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
- Tabhairt isteach dhá alt nua a thugann cumhachtaí don Choimisiún Meabhairshláinte srianadh cógaseolaíoch a rialáil.
- Tugadh cosaintí breise isteach ar fud an Bhille, lena n-áirítear cosaintí maidir leis na critéir le haghaidh ligean isteach go héigeantach, agus toiliú don chóireáil do dhaoine fásta agus do leanaí.