Fógraíonn an tAire Butler an infheistíocht chaipitil is mó riamh i meabhairshláinte do 2025
- Foilsithe: 9 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2025
- áiseanna nua le cur chun cinn ag Ospidéal Ollscoile Ros Comáin; Ospidéal Ollscoile MaterMisericordia; Ospidéal Ginearálta an Náis; Ospidéal San Séamas; Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge agus Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh
- Mol Speisialtóra um Neamhoird Itheacháin le coimisiúnú ag Ospidéal Chnoc Chairméal, Baile Átha Cliath
- plean caipitil meabhairshláinte ilbhliantúil á ullmhú faoi láthair
Inniu, d’fhógair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler infheistíocht chaipitil shuntasach de €31 milliún do mheabhairshláinte in 2025.
Is é seo an leithdháileadh bliana is mó riamh do bhonneagar meabhairshláinte agus is cuid é de thiomantas níos leithne an rialtais saoráidí meabhairshláinte nua-aimseartha atá oiriúnach don fheidhm a chur ar fáil. Cinnteoidh sé chomh maith go bhforbrófar saoráidí ionas gur féidir le hothair rochtain a fháil ar sheirbhísí ardchaighdeáin i bpobail ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Butler:
“Athdhearbhaíonn an infheistíocht €31 milliún seo ár dtiomantas do sheirbhísí meabhairshláinte feabhsaithe a sholáthar de réir ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, An Fhís a Chomhroinnt. Seo an infheistíocht is mó riamh i mbonneagar meabhairshláinte in aon bhliain amháin. Táim muiníneach go ligfidh ár n-infheistíocht leanúnach dúinn leanúint ar aghaidh ag uasghrádú agus ag forbairt bonneagar ríthábhachtach nua, rud a chinnteoidh go mbeidh daoine a bhfuil meabhairghalar orthu in ann teacht ar sheirbhísí i dtimpeallachtaí sábháilte, teiripeacha atá dírithe ar théarnamh.”
Tá raon tionscadal i ngéarsheirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí pobail agus Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánach (CAMHS) agus sainseirbhísí ar nós seirbhísí um Neamhoird Itheacháin, á gcur chun cinn in 2025. Tá sonraí iomlána ar fáil sa Phlean Caipitil Sláinte 2025. Áirítear leo siúd:
- athfhorbairt mhór ar Aonaid Ghéarmhíochaine d’Aosaigh agus Aonaid Síciatrachta do Dhaoine Breacaosta ar fud na tíre
- dul chun cinn leanúnach ar shaoráidí do CAMHS agus do sheirbhísí meabhairshláinte pobail, laistigh den soláthar in Ionaid Cúraim Phríomhúil
- ag cinntiú go ndéantar an Mol Speisialtóra um Neamhoird Itheacháin in Ospidéal Chnoc Chairméal, Baile Átha Cliath a choimisiúnú agus go gcuirfear tús leis an tseirbhís ann
- tús a chur leis na staidéir indéantachta agus ullmhúcháin atá riachtanach don chéad Aonad Meabhairshláinte Imbhreithe Máithreacha agus Leanaí in Éirinn a chomhshuíomh leis an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais nua
Lean an tAire Butler ar aghaidh:
“Táimid ag cur béim láidir ar an mbonneagar fisiciúil agus ar na coinníollacha d'othair agus don fhoireann araon a fheabhsú. Le tionscadail athfhorbartha agus infheistíocht leanúnach in uasghrádú áiseanna, cinnteofar go gcuirfear cóireáil ar fáil sna suíomhanna is oiriúnaí.”
Úsáidfear plean caipitil 2025 chun na nithe seo a leanas a mhaoiniú chomh maith:
- oibreacha riachtanacha um shábháilteacht ó dhóiteán agus um áiteanna ceangail a laghdú ar fud aonaid othar cónaitheacha
- miondeontais chaipitil leanúnacha chun tacú le foirne meabhairshláinte pobail agus eagraíochtaí meabhair-shláinte deonacha
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Tá na hinfheistíochtaí caipitil seo ríthábhachtach chun ár seirbhísí meabhairshláinte a bhunathrú agus chun a chinntiú gur féidir le gach duine cúram a fháil san áit cheart, ag an am ceart, agus sa suíomh ceart. Táim bródúil go bhfuil an rialtas seo in ann leanúint ar aghaidh ag seachadadh an mhaoinithe is mó riamh chun ár seirbhísí meabhairshláinte a neartú agus chun tacú le folláine daoine aonair agus folláine pobail.”