Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionólann an tAire Butler Grúpa Nua Tras-Rialtais chun Beartas Meabhairshláinte a Chomhordú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Lúnasa 2025
  • An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2025

Céim shuntasach i dtreo beartas meabhairshláinte comhtháite í nuair a thionóil an tAire Meabhairshláinte agus Príomh-Aoire Rialtais, Mary Butler an cruinniú tionscnaimh de "Ghrúpa Stiúrtha Idir-Rannach don Mheabhairshláinte" nua-chruthaithe.

Thug an cruinniú ionadaithe as 14 ranna rialtais le chéile, in éineacht le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Coimisiún Meabhairshláinte agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Siobhán McArdle Rúnaí Cúnta do Chúram Sóisialta, Meabhairshláinte agus Cúram Neamhsceidealaithe ag an Roinn Sláinte a bhí ina cathaoirleach ar an seisiún.

Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha chun comhar tras-rialtais a fheabhsú maidir leis an meabhairshláinte agus chun a chinntiú go bhfuil an mheabhairshláinte san áireamh trasna gach réimse den bheartas poiblí. Tá an tionscnamh ailínithe go dlúth le Comhroinnt na Físe – Beartas Meabhairshláinte do Chách, straitéis náisiúnta mheabhairshláinte na hÉireann, a éilíonn gníomhaíocht chomhordaithe trasna earnálacha amhail tithíocht, oideachas agus cosaint shóisialta.

I dteannta tacú le Comhroinnt na Físe, a chur chun feidhme, táthar ag súil go mbeidh ról suntasach ag an nGrúpa chun dhá thionscnamh náisiúnta beartais atá ar na bacáin a mhúnlú, forbairt an bheartais a thiocfaidh in áit na straitéise chun féinmharú a laghdú Nascadh ar feadh an tSaoil, agus cur chun feidhme an phlean chun an mheabhairshláinte a chur chun feidhme Bealaí i dtreo na Folláine.

Dúirt an tAire Butler:

“Tá fhios ag cách go bhfuil an mheabhairshláinte fite fuaite leis an tsláinte - agus ní bhaineann dul chun cinn leis an Roinn Sláinte amháin - is saincheist uileshochaíoch í. Má tá an rialtas ar fad d'aon ghuth, tá mé cinnte gur féidir folláine mheabhrach a chur san áireamh i ngach beartas, idir iompar agus oideachas, fostaíocht agus cosaint shóisialta. Céim shuntasach atá sa Ghrúpa Stiúrtha seo chun cur chuige níos comhordaithe, níos tuisceanaí agus níos éifeachtaí a fhorbairt maidir le meabhairshláinte do chách in Éirinn.

Le linn an chruinnithe, fuair a raibh i láthair cuir i láthair mhionsonraithe maidir le gach ceann de na beartais seo agus phléigh siad an bealach is fearr chun an mheabhairshláinte a chomhtháthú mar thosaíocht straitéiseach ina ranna faoi seach. Bhailchríochnaigh agus chomhaontaigh an Grúpa a Théarmaí Tagartha, lena leagtar síos an bunús don chomhar amach anseo.

Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl i mí na Samhna 2025.

PR Photo Committee
Photo: Interdepartmental Steering Group for Mental Health, Department of Health, 1st July 2025

Ainm

Roinn

Siobhán McArdle

An Roinn Sláinte (Cathaoirleach)

Siobhán Hargis

An Roinn Sláinte (an tAonad Meabhairshláinte)

Philip Dodd

An Roinn Sláinte(Leas-Phríomhoifigeach Leighis)

John Farrelly

An Coimisiún Meabhairshláinte

Claire O’Reilly

Talmhaíocht, Bia agus Muirí

Ronan Mulhall

Oideachas agus an Óige

Fiona Kilcullen

Fiontar, Trádála agus Fostaíocht

Mary Doyle

Airgeadas

Sinéad Mahon

Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht

Mary O'Regan

Dlí

Niamh O’Reilly

Caiteachas poiblí, Seachadadh agus Athchóiriú NDP

Deirdre Kelly

Forbairt Tuaithe agus Pobail

Lorraine Danaher

Coimirce Sóisialaí

Emma Sambrooks

Taoiseach

Michelle Ruddy

Turasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin

Eoin Keehan

Iompar

Peter Collins

OOP

Aleisha Clarke

FSS

Ronan Mulhall

Cosanta

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat