Cinntíonn an tAire Butler dul an Bhille Meabhairshláinte tríd an gCéim Choiste i Seanad Éireann
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
- Pléadh beagnach 400 leasú ar an mBille Meabhairshláinte 2024 ag Céim an Choiste i Seanad Éireann
- Feabhsaíonn leasuithe Rialtais ar an mBille, ina bhfuil 222 alt, an cur chuige bunaithe ar chearta an duine agus an cur chuige duine-lárnach
- Cuirfidh an Bille creat dlíthiúil láidir ar bun chun cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte tromchúiseacha agus fadtéarmacha acu a chosaint ar feadh na mblianta amach romhainn
Chuir an tAire Stáit don Mheabhairshláinte, Mary Butler TD, an Bille Meabhairshláinte 2024 tríd an gCéim Choiste sa Seanad inniu.
Tiocfaidh an Bille seo in ionad an Achta Meabhairshláinte 2001. Ritheadh é sa Dáil i mí Iúil anuraidh agus ghlac an Seanad leis ag an Dara Céim i mí Mheán Fómhair 2025.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá an-áthas orm an Bille Meabhairshláinte a bheith curtha ar aghaidh tríd an gCéim Choiste sa Seanad inniu, tar éis beagnach 20 uair an chloig de dhíospóireacht láidir agus chomhoibríoch thar sheacht seisiún ó cuireadh tús leis an gCéim Choiste i mí na Nollag.
"Rinneadh dianphlé ar an mBille sa Seanad, agus pléadh beagnach 400 leasú ag an gcéim seo. Táim sásta go raibh mé in ann glacadh le roinnt leasuithe ó bhaill an Fhreasúra, agus ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leis na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt sa phróiseas i spiorad fíorchomhoibríoch le linn Chéim an Choiste.”
Dúirt an tAire Butler chomh maith:
“Tugadh leasuithe Rialtais ar an mBille Meabhairshláinte os comhair an tSeanaid tar éis comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara agus le Ranna Rialtais eile. Feabhsaíonn na leasuithe seo an Bille agus déanann siad reachtaíocht níos láidre de. Tabharfar aon leasuithe breise a bheidh riachtanach tar éis comhairliúcháin bhreise, mar aon le leasuithe idirthréimhseacha, ag Céim na Tuarascála.
“Is céim mhór chun cinn é an Bille Meabhairshláinte 2024 i ndeimhniú chearta daoine atá ag fáil seirbhísí meabhairshláinte, go háirithe iad siúd a ligtear isteach go neamhdheonach agus iad siúd atá ag fáil seirbhísí i suíomhanna géarmhíochaine meabhairshláinte.” Leathnóidh an Bille freisin cumhachtaí rialála an Choimisiúin Mheabhair-Shláinte chun gach seirbhís agus foireann meabhairshláinte pobail a chur san áireamh, lena n-áirítear CAMHS pobail. “Tá sé ar intinn agam an Bille a thabhairt ar aghaidh chuig Céim na Tuarascála i mí an Mhárta.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Leanfaidh an obair chun an Bille tábhachtach seo a achtú agus a chur i bhfeidhm ar aghaidh go leanúnach, agus táim ag súil le bheith ag obair leis an bhFSS, leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun na hacmhainní agus na rialacháin riachtanacha a chur ar bun chuige sin. Go háirithe, tá fonn orm dul chun cinn a dhéanamh maidir le rialáil CAMHS, rialáil Áiteanna Cónaithe Pobail, agus leathnú Seirbhísí Abhcóideachta Neamhspleácha do dhaoine atá ag fáil seirbhísí meabhairshláinte.”
Nótaí
Déanfar foráil sa Bhille nua, i measc nithe eile:
- Próiseas nuashonraithe iontrála agus coinneála neamhdheonach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu, lena n-áirítear sraith athbhreithnithe critéar iontrála.
- Cur chuige ollchóirithe maidir le toiliú le cóir leighis do dhaoine a ligtear isteach go neamhdheonach.
- Leathnú ar fheidhm rialála an Choimisiúin Mheabhair-Shláinte chun gach áit chónaithe agus seirbhís meabhairshláinte pobail a chur san áireamh, lena n-áirítear gach CAMHS pobail.
- Ailíniú níos dlúithe le prionsabail na nAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022.
- Cosaintí níos láidre do dhaoine atá ag fáil cóireála othar cónaitheach.
- Cúram agus cóireáil leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear forálacha a chuireann ar chumas daoine 16 agus 17 mbliana d’aois toiliú le cóireáil sláinte meabhrach nó diúltú di.