English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta nua fógartha ag an Aire Carroll MacNeill chun trédhearcacht praghsanna i gcógaslanna a chinntiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill inniu (14 Aibreán 2025) go bhforbróidh Cumann Cógaiseoirí na hÉireann – an rialtóir cógaisíochta – treoirlínte nua maidir le trédhearcacht praghsanna i leith seirbhísí arna gcur ar fáil i gcógaslanna.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Creidim nach bhfuil pictiúr soiléir ag othair maidir leis na táillí atá á n-íoc acu as seirbhísí ar nós seirbhísí dáileacháin agus iad ag fáil a gcógas ar oideas. Ó ceapadh im’ Aire Sláinte mé, bhí mé i dteagmháil le páirtithe leasmhara cógaisíochta, cógaiseoirí, agus othair ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann le cógaslanna pobail. Tríd an teagmháil seo go léir, aithním nach bhfuil tuiscint mhaith ag daoine ar na táillí a íocann othair ar chógais agus ar sheirbhísí gaolmhara agus nach bhfuil siad chomh soiléir agus is cheart dóibh a bheith in 2025.

“Is gairmithe ardoilte, ardinniúla agus iontaofa iad cógaiseoirí a chuireann comhairle shaineolach ar bhreoiteacht, a chinntíonn soláthar sábháilte leigheasanna, agus a sheachadann vacsaíní don phobal. Tá an ceart ar fad acu táille seirbhíse a ghearradh as a gcuid saineolais agus as na seirbhísí gairmiúla seo.

“Ba mhaith liom cógaiseoirí a fheiceáil ag obair ar bharr a saineolais, ag cur na seirbhísí gairmiúla is fearr ar fáil dá bpobal, pobail a chuireann muinín mhór iontu. Ba mhaith liom chomh maith cógaiseoirí a fheiceáil ag soláthar seirbhísí cúram sláinte níos gairmiúla dá bpobal, cosúil le diagnóisiú agus oideasú a dhéanamh i leith riochtaí coitianta amhail ionfhabhtuithe súl, ionfhabhtuithe chonair an fhuail agus eile. Táim ag tnúth leis sin a chur chun cinn i gcomhar le cógaslanna de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh. Bheadh sé níos fusa ansin d’othair diagnóisiú níos tapúla agus níos áisiúla a fháil, agus téarnamh níos gasta a dhéanamh de réir mar a leanfaimid ag leathnú seirbhísí DT do dhaonra atá ag fás.

“Mar sin féin, caithfidh gach táille ó chógaslanna a bheith níos trédhearcaí agus sothuigthe ag othair. Sa lá atá inniu ann, is éard atá i gceist leis sin ná táillí dáileacháin - an praghas a ghearrann cógaiseoir as cógas a láimhseáil agus a ullmhú go saineolach agus as an gcomhairle a chuireann sé/sí ar othair.

“Bhuail mé le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann le déanaí chun an tsaincheist seo a chur chun cinn agus tá an-áthas orm a fhógairt gur chomhaontaigh Cumann Cógaiseoirí na hÉireann clár oibre a chur chun cinn chun treoirlínte reachtúla a fhorbairt a bheidh dírithe ar rochtain othar ar fhaisnéis a fheabhsú maidir le seirbhísí a sholáthraíonn cógaslanna pobail. Is rud é seo atá molta ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus tá fonn orm oibriú leo chun é a chumasú.

“Tá pleananna ollmhóra agam do thodhchaí na gcógaslann, agus táim tiomanta do thacú le hathchóiriú agus leathnú leanúnach na seirbhísí cógaisíochta.

“Le leathnú na seirbhísí Cógaisíochta Pobail, tugtar fíordheis lánbhrí dár seirbhís sláinte ar go leor bealaí. Tabharfaidh sé cumhacht shuntasach dár bhfórsa saothair cógaisíochta agus don phobal trí rochtain ar chúram sa phobal a mhéadú. Tabharfaidh sé deiseanna chomh maith do chógaslanna pobail a dtairiscintí seirbhíse sláinte, a samhlacha gnó agus a sruthanna ioncaim a éagsúlú.”

Ag fáiltiú roimh thacaíocht Chumann Cógaiseoirí na hÉireann ar an ábhar tábhachtach seo, dúirt an tAire:

“Creidim gur freagra comhréireach é seo ar cheist na trédhearcachta. Tá súil agam go dtacóidh cógaslanna lena n-othar, go réamhghníomhach, le faisnéis shoiléir ar chineál agus ar mhéid na muirear a ghearrtar. Coinneoidh mé meon oscailte ar an ábhar seo, agus breithneoidh mé ina dhiaidh sin deiseanna eile, lena n-áirítear idirghabháil reachtach, má tá gá leo, chun an sprioc thábhachtach beartais phoiblí seo a bhaint amach."


Nótaí

Cuirfidh Cumann Cógaiseoirí na hÉireann tús le hobair go luath ar threoirlínte reachtúla a fhorbairt de réir an Achta Cógaisíochta agus Rialú Gnólachtaí Cógaisíochta Miondíola atá dírithe ar rochtain othar ar fhaisnéis a fheabhsú maidir le seirbhísí a sholáthraíonn cógaslanna pobail:

  • ar raon agus ar mhéid na dtáillí seirbhíse gairmiúla agus dáileacháin a ghearrtar
  • ag an bpointe dáilte ar raon na dtáillí seirbhíse gairmiúla agus dáileacháin agus táillí costais leigheas/táirgí ar othair (mar shampla, admhálacha mionsonraithe), agus an cur chuige seo a leabú i bpróisis mhonatóireachta Chumann Cógaiseoirí na hÉireann.