Spreagann an tAire Sláinte agus Príomhoifigeach Leighis an pobal maidir le "Bí ar an Eolas faoi Sceartáin" le linn buaicshéasúr ghalar Lyme

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Spreagann an tAire Sláinte agus Príomhoifigeach Leighis an pobal maidir le "Bí ar an Eolas faoi Sceartáin" le linn buaicshéasúr ghalar Lyme

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026

Rinne an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, comóradh inniu ar Lá Feaschta Sceartán, agus í ag spreagadh daoine chun céimeanna coisctheacha simplí a ghlacadh agus iad féin a chosaint ó phriocadh sceartán agus ó ghalar Lyme de réir mar a mhéadaíonn gníomhaíocht taobh amuigh le linn mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh.

Is ionfhabhtú é galar Lyme, ar a dtugtar borralóis Lyme freisin, a chuirtear ar aghaidh go daoine trí phriocadh ó sceartáin ionfhabhtaithe agus d'fhéadfadh, i gcásanna áirithe, breoiteacht thromchúiseach a tharlú dá bharr. Tá sceartáin ar fud na hÉireann, i suíomhanna uirbeacha agus tuaithe araon. Cé go féidir le sceartáin a bheith gníomhach tráth ar bith den bhliain, is é an tréimhse ina bhfuil gníomhaíocht na sceartán is airde agus dá bhrí sin, an riosca de ghalar Lyme, idir míonna an earraigh agus an fhómhair.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD:

“Agus muid ag baint sult as a bheith taobh amuigh sna míonna atá romhainn, tá sé an-tábhachtach go bhfuil a fhios ag daoine gur féidir le cúpla céim shimplí an riosca de phriocadh sceartán a laghdú go suntasach.

Is féidir le bearta simplí amhail a bheith clúdaithe, éarthach feithidí a úsáíd, seiceáil a dhéanamh le haghaidh sceartán agus aon sceartán a bhaint go pras i ndiaidh am a chaitheamh taobh amuigh difríocht shuntasach a dhéanamh.

Is deis thábhachtach í Lá Feasachta Sceartán chun an teachtaireacht seo a sholáthar go soiléir, agus cuirim fáilte roimh an obair atá ar bun ag an FSS chun a chinntiú go bhfuil an eolas atá ag teastáil ag daoine uathu chun iad féin agus a dteaghlaigh a chosaint.

Níor chóir duit fanacht glan ó bheith taobh amuigh, ní mór duit ach a bheith ar an eolas faoi sceartáin.”

Comhairle shláinte phoiblí agus acmhainní:

Tá freagracht ar Oifig Náisiúnta um Chosaint Sláinte an FSS, tríd an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, as faireachas a dhéanamh ar ghalar Lyme in Éirinn. Soláthraíonn an an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte réimse leathan eolas agus acmhainní chun cabhrú le daoine a riosca de phriocadh sceartán a laghdú, lena n-áirítear nuashonruithe séasúracha do na gairmithe poiblí agus chúram sláinte araon.

Go luath i mí Bealtaine gach bliain, déanann an FSS Lá Feasachta Sceartán a chomóradh trí chomhairle phraiticiúil a sholáthar maidir le priocadh sceartán ar féidir leo galar Lyme a chur ar aghaidh a sheachaint. Soláthraítear an feachtas eolas poiblí seo trí ailt nuachta shuíomh gréasáin, ábhar na meán sóisialta, preasráitis agus agallaimh na meán.

Dírítear sa fheachtas ar:

  • Gnáthóg choitianta sceartán timpeall na hÉireann lena n-áirítear páirceanna, coillearnach agus talamh féaraigh
  • Gníomhaíochtaí a mhéadaíonn an riosca sceartán
  • Bearta praiticiúla coiscthe
  • Conas sceartán a bhaint go sábháilte

I gcaitheamh an tsamhraidh, leanann an FSS lena hiarrachtaí feasachta trí chumarsáid phoiblí rialta agus teachtaireacht na meán sóisialta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine chun fanacht ar an eolas agus a riosca a laghdú.

Dúirt an tOllamh Mary Horgan, Príomhoifigeach Leighis:

"Aimsítear sceartáin ar fud na hÉireann agus ní éiríonn formhór na ndaoine a dtugtar prioc dóibh tinn. Uaireanta, is féidir le galar Lyme a bheith ina chúis le fadbhanna sláinte tromchúiseacha mura ndéantar é a dhiagnóisiú agus mura dtugtar aghaidh air go luath agus mar sin, tá feasacht riachtanach. Ba cheart go bhfuil daoine ar an eolas faoi na háiteanna is coitianta ina bhfaightear sceartáin, go ndéanann siad a gcraiceann a sheiceáil i ndiaidh am a chaitheamh taobh amuigh, agus go bhfaigheann siad comhairle leighis go pras dá mbeadh siomptóim acu amhail gríos ag dul amach ó shuíomh prioctha nó siomptóim cosúil le siomptóim slaghdáin i ndiaidh phriocadh sceartán."


NÓTAÍ:

  • Chun tuilleadh tacaíocht a thabhairt d'fheasacht phoiblí ag leibhéal áitiúil, soláthraíonn an FSS póstaeir agus bileoga eolais ar féidir iad a íoslódáil agus ar féídir iad a chur ar taispeáint in ionaid phobail, scoileanna, ceantair shiamsaíochta agus spásanna poiblí agus príobháideacha eile, go háirithe na cinn a bhfuil riosca níos airde de sceartáin a bheith ann.
  • Tá sraith iomlán d'achmainní ghalar Lyme, lena n-áirítear póstaier agus bileoga eolais, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionad Faire um Chosaint Sonraí. Tá na hábhair seo oiriúnach le bheith ar taispeáint ar thalamh atá inrochtana don phobal agus rinne Ranna an Rialtais, gníomhaireachtaí poiblí agus údaráis áitiúla a ndéanann bainistíocht ar cheantair mar sin iad a chur chun cinn. Spreagtar gairmithe chúraim sláinte, eagraíochtaí pobail agus baill den phobal chun na hacmhainní seo a íoslódáil agus a roinnt go forleathan.
  • Conas sceartán atá ceangailte a bhaint
    1. Má aimsíonn tú sceartán atá ceangailte, déan é a bhaint trí ghreim a fháil air chomh gar don chraiceann agus is féidir trí úsáid a bhaint as pionsúirín caol nó uirlis chun sceartán a bhaint
    2. Tarraing ón gcraiceann go seasta é gan é a chasadh nó gan an sceartán a bhrúscadh
    3. Nigh do chraiceann le huisce té agus gallúnach ina dhiaidh, agus cuir uachtar antaiseipteach ar an gcraiceann timpeall an phrioctha
    4. Ná húsáid bun toitín atá lasta, barr cipín, ná substaint amhail alcól ná glóthach pheitriliam chun an sceartán a bhrú amach.

Tá tacaíocht agus eolas suntasach ag Lárionad Faire um Chosaint Sonraí an FSS maidir le galar Lyme ar a suíomh gréasáin do ghairmithe chosaint sláinte agus don phobal araon ar fáil anseo agus anseo. Tá tuilleadh eolais ar ghalar Lyme ar fáil ar shuíomh gréasáin an FSS anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat